Uirlisí don oide

Aimsigh uirlisí oideolaíocha chun cúrsaí oidhreachta a mhúineadh (36)

  1. Oideachas ealaíne pobalbhunaithe a úsáid chun an oidhreacht a fhiosrú

    Is é an prionsabal is tábhachtaí san oideachas ealaíne pobail ná gur féidir le gach duine páirt a ghlacadh i ndéanamh na healaíne. Bíonn an próiseas, agus an taithí chomhroinnte le linn an phróisis, níos tábhachtaí ná na torthaí ealaíne.

  2. Oideachas éiceashóisialta ar mhaithe leis an oidhreacht agus an fholláine

    Seo roinnt uirlisí teoiricbhunaithe ina dtugtar sainmhíniú ar an oideachas éiceashóisialta agus ina bpléitear an gaol atá aige sin leis an fhoghlaim bhunathraitheach agus leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe.

  3. Cur chuige rannpháirtíochta

    Modhanna rannpháirtíochta a úsáid agus aghaidh a thabhairt ar an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe ó dhearcadh tosaigh na rannpháirtithe féin.

  4. Leideanna praiticiúla chun cúrsaí a eagrú agus a phleanáil

    Tá leideanna praiticiúla anseo maidir leis na ceisteanna is ceart a chur san áireamh agus ceacht nó clár oideachais ealaíne á phleanáil agus á chur i bhfeidhm, mar shampla an t‑ábhar a phleanáil, an t-oide ceart a roghnú agus na modhanna foghlama cuí do gach grúpa rannpháirtithe.

  5. Spás sábháilte a chruthú chun an rannpháirtíocht a spreagadh

    Má bhíonn spás sábháilte ann is féidir le gach duine páirt a ghlacadh in imeachtaí an chúrsa gan aon bhacanna nach bhfuil gá leo. Is féidir le gach grúpa a bprionsabail féin a leagan síos chun spás níos sábháilte a chruthú.

  6. Inbhuanaitheacht san oideachas ealaíne

    Is mó seans go n‑éireoidh le do chuid oibre tionchar dearfach forleathan a imirt ach an inbhuanaitheacht éiceolaíoch, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha a chur san áireamh i do chuid gníomhaíochtaí oideachais.

  7. Leideanna i dtaobh cúrsa a fhógairt

    Leideanna praiticiúla agus treoirlínte chun clár oideachais a fhógairt agus chun rannpháirtithe a earcú.

  8. Ceacht: Ag scríobh sa cheol

    Is é cuspóir an cheachta seo amhábhar a ghiniúint ar féidir é a úsáid níos déanaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus an ceol traidisiúnta in úsáid mar fhoinse inspioráide.

  9. Ceacht: Amlíne tionscadail a chruthú le péintéireacht ghrúpa

    Is é cuspóir an cheachta seo rannpháirtithe a thabhairt isteach i bpróiseas oibre comhroinnte ar bhealach níos doimhne, ag baint úsáide as an ealaín chun amlíne tionscadail a dhearadh.

  10. Ceacht le grianghraif: Agallamh le seanghrianghraif

    Ceacht samplach ina n‑úsáidtear seanghrianghraif mar phointe tosaigh le haghaidh idirphlé na rannpháirtithe.

  11. Ceacht le grianghraif: Seanghrianghraif agus grianghraif nua a chur i bpéirí

    Ceacht ina gcuirtear grianghraif ina bpéirí mar bhealach chun an t‑am atá thart agus an t‑am i láthair a phlé agus naisc a dhéanamh eatarthu.

  12. Ceacht scríbhneoireachta: Mála an éithigh oidhreachta

    Cé mhéad sampla den Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a mbíonn tionchar acu ar shaol laethúil na ndaoine?

  13. Ceacht scríbhneoireachta: Cuimhne chéadfach

    Sa cheacht seo déantar iniúchadh ar sheal ama ina raibh an traidisiún i réim.

  14. Ceacht scríbhneoireachta: Earra ag caint faoin oidhreacht

    Cuir eolas ar rud éigin úr faoin traidisiún trí do pheirspictíocht a athrú. Anseo, tugann earra neamhbheo tuairisc ar nósanna an duine.

  15. Turas allamuigh a eagrú

    Leideanna cabhracha maidir le turas allamuigh a eagrú, lena n‑áirítear an cuspóir a thuiscint, an suíomh a roghnú, pleanáil agus lóistíocht agus go leor eile.

  16. Ceacht samplach: Turas allamuigh

    Tuairisc ar cheacht amháin a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Sa chás seo, eagraíodh turas allamuigh chuig séadchomhartha stairiúil sa cheantar.

  17. Ceacht samplach: Ceol a fhoghlaim ón chluas

    Ceacht samplach a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Anseo, déantar fonn atá sa cheol thraidisiúnta a fhoghlaim ón chluas.

  18. Ceacht samplach: Grinnéisteacht

    Ceacht samplach a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gcomhthéacs mionteangacha eile, i gcás ina bhféadfadh bac teanga a bheith ann, bac a thagann idir na rannpháirtithe agus an t‑ábhar oidhreachta.

  19. Ceachtanna do dhaltaí meánscoile

    Rogha cleachtaí le cur i bhfeidhm i ranganna meánscoile sa stair, sa tíreolaíocht, sa tsocheolaíocht, nó in ábhair eile.

  20. Ceacht: An siombalachas a fhoghlaim

    Caomhnaíonn gach mír oidhreachta siombailí a léiríonn mothúcháin, smaointe agus creidimh choitianta. Bíonn eolas ar na siombailí seo agus a gcuid bríonna tábhachtach d’ealaíontóirí pobail más mian leo an ghaois sin a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Is féidir modheolaíocht an cheachta seo a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs cultúrtha.

  21. Ceacht: Teicníc oidhreachta a fhoghlaim

    Is féidir an cur chuige oibre seo a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs inarb é is aidhm dó teicnící ceardaíochta a fhoghlaim chun aithris a dhéanamh ar earra oidhreachta trí mheán na healaíne. Sa chás seo, is í an phéintéireacht an réimse ealaíne atá faoi chaibidil.

  22. Ceacht: Do chuid scileanna fiosraithe a chleachtadh

    Cuireann an ceacht seo feabhas ar scileanna fiosraithe an fhoghlaimeora agus cuireann sé coincheapa teoiriciúla i bhfeidhm trí anailís a dhéanamh ar mhíreanna oidhreachta agus iad a bheithniú i suíomhanna músaeim.

  23. Ceacht: Cuairt staidéir

    Is é is aidhm do chuairteanna staidéir ar láithreacha oidhreachta, ar mhúsaeim agus ar láithreacha seandálaíochta, scileanna, nósanna agus dearcthaí sonracha a fhorbairt chun tuiscint a fháil ar thábhacht an oideachais oidhreachta. Féach ar an tsampla seo ón Rómáin—is féidir é a chur in oiriúint do do cheantar féin.

  24. Ceacht: Gnó oidhreachta a iniúchadh

    Baineann níos mó ná an ealaín le cúrsaí oidhreachta. Cás-staidéar atá sa cheacht seo ina mbaineann an oidhreacht le gníomhaíocht eacnamaíoch. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gcás ranganna eacnamaíochta agus gairmthreorach.

  25. Ceacht: Déan anailís agus nocht do thuairim!

    Is féidir an ceacht seo a chur i bhfeidhm san oideachas aosach mar aon leis an scoil. Is í an aidhm ná bunluachanna na hoidhreachta a fhoghlaim agus scrúdú a dhéanamh ar an bhrí atá le barántúlacht agus le huathúlacht i gcomhthéacs na hoidhreachta.

  26. Ceacht: Tomhais cén aois!

    Tá an aois ar cheann de na buntréithe a bhaineann le déantán nó traidisiún oidhreachta. Cuidíonn an ceacht praiticiúil seo leis an scoláire an prionsabal sin a thuiscint, anailís chriticiúil a dhéanamh ar mhír ar leith agus breithiúnais luacha a dhéanamh. Is féidir é a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs ina bhfuil sé mar aidhm an t‑oideachas oidhreachta a bhaint amach.

  27. Ceacht: Siombailí cultúrtha a chur i gcomparáid

    Úsáidtear an ceacht seo chun foghlaim faoi shiombailí ársa ó chultúir éagsúla. Is féidir an ceacht seo a úsáid i ranganna teanga, san oideachas idirchultúrtha, nó agus tú ag plé stair na healaíne.

  28. Eiseamláir inbhuanaitheachta: Mar a thug an geilleagar áitiúil tacaíocht agus todhchaí do cheird ársa

    Mínítear san fhíseán seo conas a thacaíonn pobal áitiúil Cisnadioara le hoidhreacht chultúrtha na Sacsaine a chur chun cinn agus conas a thacaíonn sé sin leis an gheilleagar thraidisiúnta áitiúil. Sampla de seo is ea Pension 7 Linden. Is féidir an scéal seo a úsáid mar chás-staidéar san eacnamaíocht fheidhmeach nó i gcúrsaí fochéime turasóireachta/tíreolaíochta.

  29. Ceacht: Aimsigh scéalta agus focail ón traidisiún áitiúil

    Is féidir traidisiúin bhéil an réigiúin a aithint trí scéalta agus focail a fhoghlaim ó na glúnta atá níos sine.

  30. Ceacht: Eolas a chur ar fhocail agus nathanna ón traidisiún cheirmeach

    Is é cuspóir an cheachta seo cuid den traidisiún béil a aithint tríd an chriadóireacht.

  31. Ceacht: ‘Botijo’ a dhéanamh agus foghlaim faoin oidhreacht

    Is féidir, mar thoradh ar ghníomhaíocht phraiticiúil a bhaineann le ceird thraidisiúnta a fhoghlaim, tuiscint shaibhir a fháil ar an oidhreacht dholáimhsithe a bhaineann léi. Anseo, úsáidtear píosa potaireachta tipiciúil ón Spáinn mar shampla: an ‘botijo’ (crúscóir cré-earra).

  32. Uirlisí ó thionscadal LIVIND

    Rogha uirlisí úsáideacha ó thionscadal LIVIND, a dhírigh ar an oidhreacht bheo agus ar an inbhuanaitheacht

  33. Ceacht: Traidisiún ársa a aimsiú

    Is féidir an ceacht seo a úsáid san oideachas aosach agus ar scoil. Cothaíonn sé cumas na rannpháirtithe anailís a dhéanamh ar dhéantáin oidhreachta agus sainghnéithe cultúrtha a aithint.

  34. Ceacht: An oidhreacht a chur chun cinn i ranganna ríomhaireachta

    Tá ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha maidir leis an oidhreacht a chosaint, a chur chun cinn agus a chaomhnú. Tá an ceacht seo dírithe ar mhic léinn agus ar mhúinteoirí ríomheolaíochta i scoileanna chomh maith le mic léinn ollscoile sa mhatamaitic agus san fhaisnéisíocht. Is féidir leas a bhaint as a leithéid de cheacht in aon chomhthéacs agus é a úsáid de réir d'acmhainn chruthaitheachta féin.

  35. Ceacht: An oidhreacht dhigiteach

    Tá ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha i dtaca leis an oidhreacht a chosaint, a chur chun cinn agus a chaomhnú. Tá an teicneolaíocht i ndiaidh an tríú catagóir oidhreachta a thabhairt dúinn — an oidhreacht dhigiteach. Is féidir rochtain a fháil ar oidhreacht dhigiteach den tsórt sin in aon chomhthéacs agus í a úsáid de réir chruthaitheacht an duine.

  36. Ceacht: Matamaitic agus oidhreacht

    Is féidir oideachas oidhreachta a fhí isteach i gceachtanna matamaitice freisin. Más iontach an scéal é sin, feictear go bhfuil ceangal idir an dá réimse eolais seo. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gceachtanna a bhaineann leas as an Mhatamaitic Spraoi nó sa Mhatamaitic Fheidhmeach.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie