Uirlisí ó thionscadal LIVIND

Arna réiteach ag
Kansalaisfoorumi
Údar
Pekka Kinnunen

Dhírigh tionscadal LIVIND (2021–2024) ar bhealaí praiticiúla a aithint inar féidir leis an oidhreacht bheo tacú leis an fhorbairt inbhuanaithe, agus ar an chaoi a bhféadfaí an oidhreacht bheo a fhás agus a úsáid ar bhealaí níos inbhuanaithe. Léigh tuilleadh faoin tionscadal ar a shuíomh gréasáin.

Seo roinnt uirlisí a cruthaíodh mar chuid de thionscadal LIVIND a chuireann leis an tsraith uirlisí a cheap tionscadal HEART. Baineadh úsáid as cuid de na huirlisí seo freisin i gcuid dár dtreoirstaidéir.

Roth na hOidhreachta Beo

Is uirlis é Roth na hOidhreachta Beo (Spinner of Living Heritage) a chuireann ar chumas grúpaí éagsúla plé a spreagadh faoin oidhreacht chultúrtha agus foghlaimeoirí ar gach aois a threorú chun machnamh níos doimhne a dhéanamh. Is í an aidhm atá ann ionchuimsiú leanaí agus daoine óga a neartú agus cur chuige éagsúil i leith na hoidhreachta cultúrtha a chur ar fáil.

Is féidir Roth na hOidhreachta Beo a phriontáil agus í a úsáid sa tseomra ranga, i gceardlanna nó i gcomhráite duine le duine. Tá an Roth ar fáil i 19 dteanga éagsúla.

Faigh tuilleadh eolais agus faigh an roth anseo.

Rothchairt na hInbhuanaitheachta agus na hOidhreachta

Ar nós Roth na hOidhreachta Beo, díríonn an Rothchairt (Wheelchart of Sustainability and Heritage) go sonrach ar cheisteanna inbhuanaitheachta a bhaineann leis an oidhreacht, d’fhonn comhráite a spreagadh agus doimhneas a chur leis an mhachnamh i ngach cineál grúpa.

Tá an Rothchairt ar fáil le híoslódáil agus le priontáil i 19 dteanga éagsúla.

Faigh tuilleadh eolais agus faigh an rothchairt anseo.

Cártaí Idirphlé

Is uirlis iad na Cártaí Idirphlé (Dialogue Cards) a dearadh chun coincheapa na héagsúlachta cultúrtha agus na forbartha inbhuanaithe a thabhairt chun solais agus chun comhionannas agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn i measc seirbhísí ealaíon agus cultúir.

Ceapadh na cártaí idirphlé le húsáid i gceardlanna. Soláthraítear an t‑eolas agus na hábhair uilig is gá chun na ceardlanna a eagrú i lámhleabhar an éascaitheora, rud a chuirtear ar fáil in éineacht leis na cártaí.

Faigh tuilleadh eolais anseo.

Uirlisí ar mhaithe leis an Oidhreacht Aeráide a chur in iúl

Is de dhlúth agus d’inneach na sraithe uirlisí seo gur féidir le duine ar bith a bheith ina abhcóide. Cuireann an Treoir Abhcóideachta leideanna ar fáil chun do chumas abhcóideachta a neartú os comhair raon lucht féachana, lena n‑áirítear do lucht aitheantais, ceannairí san ionad oibre, agus lucht déanta beartas. Is féidir le gairmithe san oidhreacht chultúrtha, mic léinn, oibrithe deonacha, agus aon duine eile a chreideann i ról an chultúir sa ghníomhú ar son na haeráide í a úsáid.

Faigh tuilleadh eolais anseo.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie