Uirlisí don oide

Oideolaíocht (16)

  1. Oideachas ealaíne pobalbhunaithe a úsáid chun an oidhreacht a fhiosrú

    Is é an prionsabal is tábhachtaí san oideachas ealaíne pobail ná gur féidir le gach duine páirt a ghlacadh i ndéanamh na healaíne. Bíonn an próiseas, agus an taithí chomhroinnte le linn an phróisis, níos tábhachtaí ná na torthaí ealaíne.

  2. Foghlaim bhunathraitheach tríd an oideachas ealaíne oidhreachta

    Teoiric na foghlama bunathraithí, cleachtais agus éascú. Tionscadal HEART mar phróiseas bunathraitheach.

  3. Oideachas éiceashóisialta ar mhaithe leis an oidhreacht agus an fholláine

    Seo roinnt uirlisí teoiricbhunaithe ina dtugtar sainmhíniú ar an oideachas éiceashóisialta agus ina bpléitear an gaol atá aige sin leis an fhoghlaim bhunathraitheach agus leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe.

  4. Suirbhé ar rannpháirtithe a dhéanamh

    Is féidir le suirbhéanna ar rannpháirtithe cabhrú linn gníomhaíochtaí a fhorbairt, chomh maith le deis a thabhairt do na rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama. Fágann uirlisí digiteacha go mbíonn sé éasca suirbhé a chruthú agus a scaipeadh.

  5. Spás sábháilte a chruthú chun an rannpháirtíocht a spreagadh

    Má bhíonn spás sábháilte ann is féidir le gach duine páirt a ghlacadh in imeachtaí an chúrsa gan aon bhacanna nach bhfuil gá leo. Is féidir le gach grúpa a bprionsabail féin a leagan síos chun spás níos sábháilte a chruthú.

  6. Inbhuanaitheacht san oideachas ealaíne

    Is mó seans go n‑éireoidh le do chuid oibre tionchar dearfach forleathan a imirt ach an inbhuanaitheacht éiceolaíoch, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha a chur san áireamh i do chuid gníomhaíochtaí oideachais.

  7. Ceacht scríbhneoireachta: Mála an éithigh oidhreachta

    Cé mhéad sampla den Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a mbíonn tionchar acu ar shaol laethúil na ndaoine?

  8. Ceachtanna do dhaltaí meánscoile

    Rogha cleachtaí le cur i bhfeidhm i ranganna meánscoile sa stair, sa tíreolaíocht, sa tsocheolaíocht, nó in ábhair eile.

  9. Ceacht: An siombalachas a fhoghlaim

    Caomhnaíonn gach mír oidhreachta siombailí a léiríonn mothúcháin, smaointe agus creidimh choitianta. Bíonn eolas ar na siombailí seo agus a gcuid bríonna tábhachtach d’ealaíontóirí pobail más mian leo an ghaois sin a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Is féidir modheolaíocht an cheachta seo a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs cultúrtha.

  10. Ceacht: Do chuid scileanna fiosraithe a chleachtadh

    Cuireann an ceacht seo feabhas ar scileanna fiosraithe an fhoghlaimeora agus cuireann sé coincheapa teoiriciúla i bhfeidhm trí anailís a dhéanamh ar mhíreanna oidhreachta agus iad a bheithniú i suíomhanna músaeim.

  11. Ceacht: Déan anailís agus nocht do thuairim!

    Is féidir an ceacht seo a chur i bhfeidhm san oideachas aosach mar aon leis an scoil. Is í an aidhm ná bunluachanna na hoidhreachta a fhoghlaim agus scrúdú a dhéanamh ar an bhrí atá le barántúlacht agus le huathúlacht i gcomhthéacs na hoidhreachta.

  12. Ceacht: Tomhais cén aois!

    Tá an aois ar cheann de na buntréithe a bhaineann le déantán nó traidisiún oidhreachta. Cuidíonn an ceacht praiticiúil seo leis an scoláire an prionsabal sin a thuiscint, anailís chriticiúil a dhéanamh ar mhír ar leith agus breithiúnais luacha a dhéanamh. Is féidir é a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs ina bhfuil sé mar aidhm an t‑oideachas oidhreachta a bhaint amach.

  13. Ceacht: Siombailí cultúrtha a chur i gcomparáid

    Úsáidtear an ceacht seo chun foghlaim faoi shiombailí ársa ó chultúir éagsúla. Is féidir an ceacht seo a úsáid i ranganna teanga, san oideachas idirchultúrtha, nó agus tú ag plé stair na healaíne.

  14. Ceacht: ‘Botijo’ a dhéanamh agus foghlaim faoin oidhreacht

    Is féidir, mar thoradh ar ghníomhaíocht phraiticiúil a bhaineann le ceird thraidisiúnta a fhoghlaim, tuiscint shaibhir a fháil ar an oidhreacht dholáimhsithe a bhaineann léi. Anseo, úsáidtear píosa potaireachta tipiciúil ón Spáinn mar shampla: an ‘botijo’ (crúscóir cré-earra).

  15. Uirlisí ó thionscadal LIVIND

    Rogha uirlisí úsáideacha ó thionscadal LIVIND, a dhírigh ar an oidhreacht bheo agus ar an inbhuanaitheacht

  16. Ceacht: Traidisiún ársa a aimsiú

    Is féidir an ceacht seo a úsáid san oideachas aosach agus ar scoil. Cothaíonn sé cumas na rannpháirtithe anailís a dhéanamh ar dhéantáin oidhreachta agus sainghnéithe cultúrtha a aithint.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie