Suirbhé ar rannpháirtithe a dhéanamh

Arna réiteach ag
Kansalaisfoorumi

Is fiú suirbhéanna a úsáid chun deis eile a thabhairt do na rannpháirtithe a nguth a úsáid. Is féidir mórán a fháil amach faoin taithí a bhí acu, mar shampla an méid a d'fhoghlaim siad le linn cúrsa nó ceardlainne.

Sna treoirstaidéir seo againne, theastaigh uainn eolas a fháil faoin athrú a tharla i saol na rannpháirtithe mar gheall ar an chúrsa, má tharla. Chuige sin, réitigh muid dhá cheistneoir: ceann a scaipeadh ag an chruinniú dheireanach den chúrsa, agus ceann eile a scaipeadh nuair a bhí roinnt ama caite tar éis an chúrsa. Cuireadh na ceisteanna céanna, den chuid is mó, sa dá cheistneoir ach bhí an dara ceann ní ba ghiorra. Thug na suirbhéanna deis do na rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama féin, rud a mheas muid a thacódh lena n‑inspreagadh chun leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí ar chuir siad tús leo le linn an chúrsa.

Is féidir teacht ar cheistneoirí samplacha dár gcuid anseo agus anseo. Bain leas astu tú féin agus fáilte! Ní gá ach iad a chóipeáil duit féin agus iad a leasú de réir mar is mian leat.

Seo thíos ceist shamplach amháin a cuireadh sa dá cheistneoir. Ceapadh an cheist chun machnamh níos doimhne a spreagadh maidir le taithí an duine i leith na hoidhreachta cultúrtha. Thiocfadh leat na mothúcháin eile a úsáid, seachas na cinn a luaitear anseo, le go mbeadh siad ag teacht leis an téama áirithe atá á iniúchadh ag an chúrsa nó ag an cheardlann atá faoi do stiúir.

Gabháil scáileáin a léiríonn ceist shamplach ó cheann dár gcuid ceistneoirí.
Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie