Maidir le Erasmus+

Is é Erasmus+ an clár atá ag an Aontas Eorpach chun tacú leis an oideachas, an oiliúint, an óige agus an spórt san Eoraip.

Tugann oideachas agus oiliúint ionchuimsitheach ar ardchaighdeán, mar aon le foghlaim neamhfhoirmiúil agus foghlaim sheachfhoirmiúil, cáilíochtaí agus scileanna do dhaoine óga agus do rannpháirtithe ar gach aois, buanna atá tábhachtach chun páirt fhónta a ghlacadh sa tsochaí dhaonlathach, ar mhaithe leis an tuiscint idirchultúrtha agus ar mhaithe le haistriú rathúil isteach sa mhargadh fostaíochta. Leagann clár 2021–2027 béim láidir ar an chuimsiú shóisialta, ar an aistriú ghlas agus ar an aistriú dhigiteach, agus ar rannpháirtíocht na hóige sa tsaol dhaonlathach.

Cuspóirí

Is é cuspóir ginearálta an Chláir tacú, trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil, le forbairt oideachasúil, ghairmiúil agus phearsanta daoine a bhaineann le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt, san Eoraip agus lastall di, agus dá réir sin cur le fás inbhuanaithe, le poist ardcháilíochta agus le comhtháthú sóisialta, leis an nuálaíocht a spreagadh, agus le féiniúlacht Eorpach agus saoránacht ghníomhach a neartú. Dá réir sin, beidh an Clár ina phríomhuirlis chun Limistéar Eorpach Oideachais a fhorbairt, lena dtacófar le cur chun feidhme an chomhair straitéisigh Eorpaigh i réimse an oideachais agus na hoiliúna, mar aon leis na cláir oibre earnála a ghabhann leis. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach chun comhpháirtíocht maidir le beartas na hóige a chur chun cinn faoi Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019–2027 agus chun an ghné Eorpach sa spórt a fhorbairt.

Baineann na sainchuspóirí seo a leanas leis an chlár:

  • soghluaisteacht foghlama daoine aonair agus grúpaí a chur chun cinn, mar aon le comhpháirtíocht, caighdeán, cuimsiú agus barr feabhais cothromais, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna; 
  • soghluaisteacht foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus rannpháirtíocht i measc daoine óga a chur chun cinn, mar aon le comhpháirtíocht, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse na hóige; 
  • soghluaisteacht foghlama ball foirne spóirt a chur chun cinn, mar aon le comhpháirtíocht, caighdeán, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal na n-eagraíochtaí spóirt agus na mbeartas spóirt.

HEART agus Erasmus+

tionscadal HEART á chomhchistiú ag an Aontas Eorpach trí Chlár Erasmus+. Tagann obair an tionscadail faoi scáth Eochairbheart 2 den Chlár, beart a thacaíonn le comhoibriú idir eagraíochtaí agus institiúidí Eorpacha. Cuimsíonn HEART cúig chomhpháirtí tionscadail as ceithre thír de chuid an Aontais Eorpaigh.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie