Comhpháirtithe tionscadail

Cúig eagraíocht, lonnaithe i gceithre thír de chuid na hEorpa, a bhí ina gcomhpháirtithe ar thionscadal HEART agus gach ceann acu ag plé leis an oideachas aosach.

Kansalaisfoorumi

Is eagraíocht sheachfhoirmiúil oideachais aosaigh san Fhionlainn é Kansalaisfoorumi (Fóram na Saoránach) a bhíonn ag obair i gcomhar le cumainn atá dírithe ar chúrsaí cultúrtha. Tá sé mar aidhm againn saoránacht ghníomhach, luachanna pobail agus an daonlathas a chothú trí thionscadail sheachfhoirmiúla oideachais agus cultúir a chur i gcrích. Cuireann muid seirbhísí oideachasúla, cultúrtha agus forbartha ar fáil ar son eagraíochtaí sochaí shibhialta agus daoine aonair a bhfuil suim acu san fhás pearsanta agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

Dhá chuid mhóra straitéiseacha den eagraíocht, agus réimsí saineolais a bhaineann go mór le saothar Kansalaisfoorumi, is ea an obair chultúrtha agus an obair phobail. Bíonn muid ag iarraidh rannpháirtíocht agus fás pearsanta a chur chun cinn tríd an oideachas chultúrtha phobalaíoch agus tríd an chultúr é féin. Ar an obair chultúrtha a bhíonn ar siúl againn, áirítear tacaíocht a thabhairt don obair oideachais agus chultúrtha a bhíonn ar bun ag ár gcuid balleagraíochtaí agus comhpháirtithe eile trí mhaoiniú a thabhairt do ghrúpaí staidéir agus do chúrsaí, treoir a thabhairt i leith a gcuid oibre forbartha oideachais, agus ábhar staidéir a chur ar fáil; ár gcuid imeachtaí oideachais, cúrsaí agus imeachtaí cultúrtha féin a eagrú; a bheith rannpháirteach in imeachtaí cultúrtha de chuid na mballeagraíochtaí nuair a bhaineann siad lenár spriocanna oideachais agus poiblí féin; agus comhpháirtíocht chultúrtha ar bhonn idirnáisiúnta.

Mar chuid den obair phobail a bhíonn ar siúl againn, bíonn sé i gceist againn saoránacht ghníomhach a spreagadh agus gníomhaíochtaí na saoránach agus na gcumann a fhorbairt. Spreagann Fóram na Saoránach daoine le bheith rannpháirteach, le tionchar a imirt agus le smaointe agus léargais a chur i láthair mar bhaill dá bpobal féin. Chuige sin, bíonn muid ag tacú agus ag forbairt obair na gcumann tríd an oideachas; ag gríosadh na saoránach agus ag cur lena gcuid eolais ar an rannpháirtíocht agus ar shlite le tionchar a imirt; ag ceapadh agus ag tástáil gníomhaíochtaí a chuireann leis an daonlathas ionadaíoch; agus ag eagrú gníomhaíochtaí a thacaíonn le sochaí shibhialta na Fionlainne.

kansalaisfoorumi.fi
Kansalaisfoorumi

Asociatia Perseidele

Bunaíodh Cumann Perseidele i mí na Nollag 2014 mar thionscnamh de chuid grúpa múinteoirí a raibh breis agus 22 bliain taithí acu san iomlán i réimse an oideachais. Chuir muid tionscadail idirnáisiúnta éagsúla i gcrích agus bhí muid ag plé le comhpháirtíochtaí ó sheanchlár Comenius agus an LLP. Díríonn Cumann Perseidele ar dhá spriocghrúpa: an t-aos óg, 13–20 bliain d'aois, agus múinteoirí/oidí (an t-oideachas aosach). Ós rud é go mbaineann castacht le réimse an oideachais aosaigh leag muid béim ar mhúinteoirí a oiliúint trí chúrsaí oiliúna agus ceardlanna mar aon le hacmhainní oideolaíocha agus ábhair eolaíochta a fhoilsiú a bheadh ina chabhair agus muid ag plé le foghlaimeoirí. Is iad príomhaidhmeanna an Chumainn:

  • Aitheantas a thabhairt d’oidhreacht ábhartha agus dholáimhsithe an cheantair araon trí ghníomhaíochtaí faoi leith a chur i gcrích;
  • Oideachas, oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil don aos óg trí chláracha a reáchtáil le maoiniú ón Aontas Eorpach;
  • Forbairt inbhuanaithe an phobail áitiúil agus cobhsaíocht eacnamaíoch a bhaint amach mar thoradh ar acmhainn dhaonna agus nádúrtha an cheantair.

Cuirtear formhór na ngníomhaíochtaí i bhfeidhm agus é mar sprioc againn cur le ionchuimsitheacht shóisialta grúpaí faoi bhuntáiste tríd an chultúr, luathfhágáil scoile a laghdú, luachanna daonlathacha a spreagadh, a bheith ag obair le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, agus comhionannas deiseanna a chur ar fáil.

theperseids.eu
Asociatia Perseidele

Blue Beehive

Cuimsíonn Blue Beehive foireann ildisciplíneach a bhfuil sé mar aidhm aici oideachas agus cultúr a chur chun cinn, agus an bhearna idir oideachas foirmiúil agus an saol mar atá a líonadh leis an oiliúint neamhfhoirmiúil. Is soláthróir oideachais aosaigh muid sa Spáinn agus cuireann muid romhainn tionscadail oideachais agus chultúrtha a cheapadh. Cuireann muid ceardlanna ar fáil do dhaoine fásta i dtaca le teicneolaíochtaí nua, criadóireacht thraidisiúnta, agus cúrsaí sláinte agus folláine. Is cumann neamhrialtasach, neamhbhrabhsúsach agus neamhpholaitiúil muid.

Is iad aidhmeanna Blue Beehive:

  1. Gníomhaíochtaí oideachais a spreagadh i réimse an oideachais aosaigh. Forbairt an duine a chothú trí roghanna oideachais neamhfhoirmiúil atá bunaithe ar chruthaitheacht agus ar sheirbhísfhoghlaim a chur ar fáil.
  2. Oiliúint a bhaineann leas as faisnéis ildisciplíneach atá in oiriúint do riachtanais úra na linne, a éilíonn nuálaíocht agus solúbthacht, a spreagadh. Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt don fhiontraíocht a bhaineann le cúrsaí digiteacha, cúrsaí cultúrtha, agus an timpeallacht shóisialta, agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn mar bhunús don fhorbairt.
  3. Cumasú tríd an oideachas: ionchuimsiú sóisialta, idirchultúrthacht, rialú mothúchán, comhionannas inscne, aosú folláin agus caidrimh idir na glúnta.
  4. Tograí cultúrtha, fóillíochta agus spóirt a spreagadh, go háirithe iad siúd a bheadh ina mbuntáiste do gach ball den chuman agus don timpeallacht i gComhphobal Valencia.
  5. Inniúlachtaí a fheabhsú sa ré dhigiteach. Cuireann saineolaithe TFC oiliúint leanúnach ar fáil a thugann aghaidh ar dhúshláin na sochaí digití.

Bíonn aird ar leith againn ar an éagsúlacht, ar an ionchuimsiú, ar an leatrom, ar an tsláinte, ar ardú feasachta a spreagadh sa tsochaí, agus ar fhreastal a dhéanamh ar na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Tagann muid le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe. 

Déanann muid comhoibriú le cumainn éagsúla mórthimpeall orainn a bhaineann leo siúd atá faoi mhíchumas, le hinimircigh, nó le cúrsaí cultúrtha. Déanann muid tástáil ar theicneolaíochtaí i dtimpeallachtaí éagsúla agus ar son grúpaí éagsúla.

Is saineolaithe muid i dtaca le nuálaíocht oideachais. Tá saineolas teicneolaíochta againn agus bíonn muid ag forbairt feidhmchláracha a mbaineann freagracht shóisialta leo agus ar mhaithe le leas oideachais, sóisialta agus cultúrtha. Cuireann muid modheolaíochtaí praiticiúla gníomhacha i bhfeidhm i gcónaí, sa chaoi a mbíonn an foghlaimeoir i lár an aonaigh agus go mbaintear tairbhe as an taithí foghlama ar féidir é a chur i bhfeidhm sa tsaol phearsanta agus sa tsaol ghairmiúil araon. Tá taithí ag Blue Beehive i gcúrsaí TFC don oideachas, ag fí uirlisí atá ar thús cadhnaíochta an teicneolaíochta le tograí oideachais, mar atá: aipeanna a fhorbairt, Réaltacht Fhíorúil a úsáid, Réaltacht Bhreisithe, Makerspaces, Beochan 2D & 3D, Smaointeoireacht Fhísiúil, Ardáin Ríomhfhoghlama, agus intleacht shaorga a chur i bhfeidhm chun críocha áirithe.

Ní amháin go bhfuil foireann TFC againn. Bíonn muid ag obair as lámh a chéile le foireann oideolaíochta a bhfuil taithí acu i réimse na scileanna sóisialta, éirim mhothúchánach, agus timpeallachtaí ionchuimsitheacha i gcomhair spriocghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste.

Bíonn Blue Beehive ag forbairt tograí a bhaineann le:

  • Tionscnaimh chultúrtha agus chruthaitheacha a chuireann malartú eispéireas chun cinn agus a chothaíonn comhbhá idir tíortha Eorpacha.
  • Tacaíocht don fhiontraíocht.
  • Inniúlachtaí tábhachtacha oideachais a chur chun cinn ar mhaithe le scileanna a shealbhú atá de dhíth sa mhargadh fostaíochta, ag trasnú na bearna idir oideachas foirmiúil agus riachtanaisí an mhargaidh.
  • Tionscnaimh sóisialaithe do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, tionscnaimh folláine, ag tacú le dlúthpháirtíocht agus seirbhísfhoghlaim.
bluebeehive.eu
Blue Beehive

Oideas Gael

Ó bunaíodh Oideas Gael i 1984 tá na céadta duine ag tarraingt gach bliain ar a chuid cúrsaí Gaeilge agus a chláracha cultúrtha a bhfuil ardmheas orthu araon. Cuireann muid romhainn:

  • Freastal a dhéanamh ar dhaoine fásta maidir le foghlaim, cleachtadh agus feabhsú na Gaeilge.
  • Páirt a ghlacadh i saol na Gaeltachta.
  • Litríocht agus cultúr na Gaeilge a chur chun cinn.
  • Ceangal caradais a neartú idir Gaeil ar fud an domhain.
  • Caidreamh idir muintir na Gaeltachta agus pobal na hÉireann uilig a chothú tríd an Ghaeilge.
  • Daoine de gach cúlra cultúrtha, creidimh agus polaitiúil a thabhairt le chéile trí mheán na Gaeilge.

Baintear na haidhmeanna seo amach trí mhodhanna éagsúla ar a n-áirítear tionscadail oideachais agus chultúrtha, an turasóireacht chultúrtha a chur chun cinn ar bhealach inbhuanaithe, agus tionscadail chomhpháirtíochta ar bhonn trasteorann agus idirnáisiúnta a chothaíonn scothchleachtas san oideachas agus san fhiontar shóisialta.

www.oideasgael.ie
Oideas Gael

University of Eastern Finland

Is ionann Ollscoil Oirthear na Fionlainne (University of Eastern Finland, UEF) agus pobal eolaíochta atá idirnáisiúnta, rannpháirtíoch, agus ionchuimsitheach. Tá ceithre dhámh san Ollscoil: Dámh na Fealsúnachta, Dámh na hEolaíochta agus na Foraoiseachta, Dámh na nEolaíochtaí Sláinte, agus Dámh na nEolaíochtaí Sóisialta agus Staidéar Gnó. Is i Joensuu agus Kuopio atá ár gcampais lonnaithe, agus tá muid ar cheann de na hollscoileanna is mó san Fhionlainn.

Ollscoil idirdhisiplíneach atá in UEF a bhfuil tuairim agus 100 mórábhar á dteagasc inti. D'aithin muid ceithre dhúshlán dhomhanda a bhfuil muid sa tóir ar réiteach orthu le cabhair ár gcuid taighde agus oideachais idirdhisciplínigh. Is iad sin Aosú, Nósanna maireachtála agus sláinte; An fhoghlaim sa tsochaí dhigitithe; Teagmhálacha cultúrtha, soghluaiseachtaí agus teorainneacha; agus Athrú comhshaoil agus leordhóthanacht acmhainní nádúrtha.

Mar chuid de phobal eolaíochta domhanda, tá iliomad ceangal idirnáisiúnta againn agus tá muid inár gcuid de mhórán gréasán idirnáisiúnta. Glacann ár bhfoireann teagaisc agus taighde páirt ghníomhach in go leor cláracha soghluaiseachta de thairbhe comhaontuithe déthaobhacha atá againn le tuairim agus 100 ollscoil ar fud an domhain.

www.uef.fi
University of Eastern Finland
Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie