Eolas faoin tionscadal

Tionscadal comhpháirtíochta Eorpach arna chomhchistiú ag Clár Erasmus+ an Aontais Eorpaigh is ea An oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe a chosaint trí fhoghlaim bhunathraitheach laistigh den ealaín phobalbhunaithe, nó HEART (Ealaín Oidhreachta) mar a thugtar air go gairid. 

Mar chuid den tionscadal, d’fhorbair agus thriail cúig eagraíocht chomhpháirtíochta ó gach cearn den Eoraip samhail úr chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe (ICH) a theagasc, agus é mar aidhm acu uirlisí agus acmhainní nua a cheapadh dóibh siúd a bhíonn ag plé leis an oideachas aosach. Leagann Coinbhinsiún UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe, a glacadh in 2003, béim ar an ról luachmhar atá ag an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe chun daoine a thabhairt le chéile, chun malartú eolais agus tuiscint eatarthu a chinntiú agus, dá thairbhe sin, chun éagsúlacht chultúrtha agus saibhreas cultúrtha an domhain a chaomhnú.

Is féidir le ICH a bheith ina thúsphointe torthúil do phróiseas foghlama bunathraitheach agus chun machnamh a dhéanamh ar eispéiris, smaointe, mothúcháin agus toimhdí an duine i dtaca le féiniúlacht, cultúr agus éagsúlacht chultúrtha. Tá sé tábhachtach fosta machnamh a dhéanamh ar bhrí ICH i gcás daoine aonair, agus i gcás pobail agus eagraíochtaí éagsúla, más toil linn oidhreacht a choinneáil beo, bríomhar agus fiúntach do na glúnta atá ann faoi láthair agus do na glúnta atá le teacht. Tá an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe dlúthcheangailte freisin leis na réaltachtaí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le gach pobal faoi leith.

Chuir an tionscadal roimhe na téamaí seo a iniúchadh agus iad a shuíomh i gcomhthéacs an oideachais ealaíne phobalbhunaithe. Mar chuid lárnach de phróiseas oibre an tionscadail, cuireadh treoirstaidéir (grúpaí píolótacha) ar bun i gceithre thír Eorpacha, áit a ndeachaigh oide ealaíne i mbun oibre le baill den phobal áitiúil agus le cleachtóirí oidhreachta. Tríd an phróiseas oibre a bhain leis na treoirghrúpaí, bhí comhpháirtithe an tionscadail in ann cur chuige nua chun dul i ngleic leis an oidhreacht chultúrtha a cheapadh agus a thriail, cur chuige inar baineadh úsáid as modhanna oideachais ealaíne comhchoitinne, agus prionsabail na foghlama bunathraithí mar bhonn taca leis. Chomh maith leis sin, rinne na treoirstaidéir iniúchadh ar úsáid agus ar bhrí an idirphlé laistigh de phróiseas foghlama atá bunathraitheach agus bunaithe ar an ealaín.

Sraith uirlisí digiteacha d’oidí ealaíne is ea príomhthoradh an tionscadail. Cuideoidh na huirlisí seo leat plé i dtaobh ábhair oidhreachta a éascú, teicneolaíochtaí digiteacha a fhí leis an teagasc, agus próiseas foghlama bunathraitheach a threorú. Tá an tsraith uirlisí dírithe ar oidí, ar éascaitheoirí agus ar aon duine ar mian leo dul ag plé leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe. Áirítear sna huirlisí seo:

  • Plé soiléir, gonta agus intuigthe ar bhunús teoiriciúil na modheolaíochta oideachais;
  • Acmhainní teagaisc agus treoracha praiticiúla;
  • Samplaí léiritheacha ó thaithí na dtreoirstaidéar. 

Bhíothas ag súil freisin go bhfeidhmeodh na treoirstaidéir iad féin mar idirghabhálacha luachmhara sna réigiúin inar tharla siad, ag cur leis an rannpháirtíocht a bhaineann le gnéithe luachmhara de ICH agus ag cumasú oidí agus foghlaimeoirí ar an láthair. Tugann taithí thuairiscithe na rannpháirtithe agus na n‑oidí le fios gurb amhlaidh gur sin a tharla.

Cuireadh tús oifigiúil le tionscadal HEART i mí na Nollag 2022, agus tionóladh an chéad chruinniú trasnáisiúnta den tionscadal in Oulu na Fionlainne i mí Feabhra 2023. Cuireadh na treoirstaidéir i bhfeidhm sa dara leath den bhliain 2023 agus cuireadh tús leis an anailís ar thorthaí agus ar ullmhú na n‑uirlisí digiteacha i mí Eanáir 2024. Foilseofar agus scaipfear torthaí an tionscadail as seo amach.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie