Scéalta bunathraithe
Éist leis na rannpháirtithe ag caint faoin dóigh ar athraíodh a gcuid tuiscintí i dtaca leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe ó bhonn le linn na dtreoirstaidéar de chuid HEART.
Éist leis na rannpháirtithe ag caint faoin dóigh ar athraíodh a gcuid tuiscintí i dtaca leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe ó bhonn le linn na dtreoirstaidéar de chuid HEART.
Seo roinnt uirlisí teoiricbhunaithe ina dtugtar sainmhíniú ar an oideachas éiceashóisialta agus ina bpléitear an gaol atá aige sin leis an fhoghlaim bhunathraitheach agus leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe.
Is féidir le suirbhéanna ar rannpháirtithe cabhrú linn gníomhaíochtaí a fhorbairt, chomh maith le deis a thabhairt do na rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama. Fágann uirlisí digiteacha go mbíonn sé éasca suirbhé a chruthú agus a scaipeadh.
Má bhíonn spás sábháilte ann is féidir le gach duine páirt a ghlacadh in imeachtaí an chúrsa gan aon bhacanna nach bhfuil gá leo. Is féidir le gach grúpa a bprionsabail féin a leagan síos chun spás níos sábháilte a chruthú.
Is mó seans go n‑éireoidh le do chuid oibre tionchar dearfach forleathan a imirt ach an inbhuanaitheacht éiceolaíoch, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha a chur san áireamh i do chuid gníomhaíochtaí oideachais.
Cé mhéad sampla den Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a mbíonn tionchar acu ar shaol laethúil na ndaoine?
Is féidir an cur chuige oibre seo a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs inarb é is aidhm dó teicnící ceardaíochta a fhoghlaim chun aithris a dhéanamh ar earra oidhreachta trí mheán na healaíne. Sa chás seo, is í an phéintéireacht an réimse ealaíne atá faoi chaibidil.
Baineann níos mó ná an ealaín le cúrsaí oidhreachta. Cás-staidéar atá sa cheacht seo ina mbaineann an oidhreacht le gníomhaíocht eacnamaíoch. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gcás ranganna eacnamaíochta agus gairmthreorach.
Mínítear san fhíseán seo conas a thacaíonn pobal áitiúil Cisnadioara le hoidhreacht chultúrtha na Sacsaine a chur chun cinn agus conas a thacaíonn sé sin leis an gheilleagar thraidisiúnta áitiúil. Sampla de seo is ea Pension 7 Linden. Is féidir an scéal seo a úsáid mar chás-staidéar san eacnamaíocht fheidhmeach nó i gcúrsaí fochéime turasóireachta/tíreolaíochta.
Is féidir, mar thoradh ar ghníomhaíocht phraiticiúil a bhaineann le ceird thraidisiúnta a fhoghlaim, tuiscint shaibhir a fháil ar an oidhreacht dholáimhsithe a bhaineann léi. Anseo, úsáidtear píosa potaireachta tipiciúil ón Spáinn mar shampla: an ‘botijo’ (crúscóir cré-earra).
Rogha uirlisí úsáideacha ó thionscadal LIVIND, a dhírigh ar an oidhreacht bheo agus ar an inbhuanaitheacht
Tá ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha i dtaca leis an oidhreacht a chosaint, a chur chun cinn agus a chaomhnú. Tá an teicneolaíocht i ndiaidh an tríú catagóir oidhreachta a thabhairt dúinn — an oidhreacht dhigiteach. Is féidir rochtain a fháil ar oidhreacht dhigiteach den tsórt sin in aon chomhthéacs agus í a úsáid de réir chruthaitheacht an duine.