Spás sábháilte a chruthú chun an rannpháirtíocht a spreagadh

Arna réiteach ag
Kansalaisfoorumi

Tá sé tábhachtach atmaisféar sábháilte a chruthú le linn aon chineál obair ghrúpa. Cinntíonn sé seo gur féidir le gach duine páirt ghníomhach a ghlacadh. Trí shraith prionsabal a aontú chun spás níos sábháilte a chruthú, is féidir cabhrú le gach duine a bheith ar a suaimhneas agus muinín a bheith acu as an phróiseas foghlama, rud a chuireann leis an inbhuanaitheacht shóisialta. Déanann daoine botúin freisin, agus más eol dúinn cad é is fearr le déanamh nuair a dhéantar botún beidh an rannpháirtíocht níos fusa.

Seo liosta samplach prionsabal a chruthaigh Kansalaisfoorumi dá gcuid cúrsaí. Ná bíodh leisce ort iad seo a úsáid agus a leasú!

  1. Bí cineálta agus agus bíodh meas agat ar dhaoine eile le linn an phlé. 
  2. Tá muid uilig go léir freagrach as deis a thabhairt do gach duine éisteacht a fháil agus a bheith páirteach sa ghrúpa. 
  3. Déan iarracht labhairt go soiléir ionas go dtuigfidh gach duine thú. Bíonn sé ceart go leor ceisteanna a chur agus soiléiriú a lorg! 
  4. Má mhaslaíonn tú nó má chuireann tú isteach ar dhuine eile de thaisme, gabh leithscéal leis an duine sin agus bog ar aghaidh. 
  5. Labhair le daoine ar bhealach cuiditheach nuair nach n‑aontaíonn tú leo. 
  6. Léirítear meas comhionann le gach duine. Tá muid uilig go léir freagrach as idirghabháil a dhéanamh i gcásanna iompair mhíchuí. 
  7. Bí oscailte agus fiosrach. Ná déan talamh slán de rud ar bith, e.g. faoi chúinsí saoil, cúlra, cumas nó inscne duine. 
  8. Caitear lena chéile le comhbhá agus cúram. 
  9. Léirítear meas ar spás agus ar theorainneacha a chéile. 
  10. Iarrtar cead nuair is mian leat grianghraf a thógáil de dhaoine eile.

Do chuid prionsabal féin a chruthú

Bíonn sé níos éasca prionsabail a chomhlíonadh nuair a chruthaigh sibh iad le chéile mar ghrúpa. Socraigh am chun plé a dhéanamh, áit a mbeidh:

  • Deis ag gach duine machnamh a dhéanamh agus a chur in iúl cad is brí le sábháilteacht dóibh i dtimpeallacht grúpa. Smaoinigh ar sheans a thabhairt do dhaoine eolas mar seo a roinnt go hanaithnid, ionas go mbraithfidh baill an ghrúpa ar a suaimhneas agus mothúcháin a bhíonn deacair uaireanta á lua acu. Mar shampla, is féidir leis na rannpháirtithe smaointe a scríobh ar nótaí agus iad a chur le chéile i mbosca, nó is féidir leat uirlis ar líne ar nós Miro a úsáid inar féidir le gach duine smaointe a roinnt gan ainm.
  • Déantar na smaointe comhroinnte a phlé le chéile ansin agus cuirtear i dtoll a chéile iad mar liosta prionsabal. Is féidir leis an liosta a bheith gearr nó fada, beidh an leagan amach ag teacht le nósanna do ghrúpa.
  • Aontaíonn gach duine leis na prionsabail a leagadh amach.

Cuir an liosta in airde áit éigin le léamh, nó meabhraítear do dhaoine é ag tús na gcruinnithe.

Rannpháirtithe in Oulu ag roinnt smaointe go sona sásta, ag plé lena chéile de réir na bprionsabal a bhaineann le spás sábháilte
Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie