Uirlisí don oide

Modhanna teagaisc (22)

  1. Oideachas ealaíne pobalbhunaithe a úsáid chun an oidhreacht a fhiosrú

    Is é an prionsabal is tábhachtaí san oideachas ealaíne pobail ná gur féidir le gach duine páirt a ghlacadh i ndéanamh na healaíne. Bíonn an próiseas, agus an taithí chomhroinnte le linn an phróisis, níos tábhachtaí ná na torthaí ealaíne.

  2. Foghlaim bhunathraitheach tríd an oideachas ealaíne oidhreachta

    Teoiric na foghlama bunathraithí, cleachtais agus éascú. Tionscadal HEART mar phróiseas bunathraitheach.

  3. Cur chuige rannpháirtíochta

    Modhanna rannpháirtíochta a úsáid agus aghaidh a thabhairt ar an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe ó dhearcadh tosaigh na rannpháirtithe féin.

  4. An teicneolaíocht agus timpeallachtaí fíorúla a úsáid

    Eolas, treoir agus liosta uirlisí chun cuidiú leat timpeallachtaí fíorúla agus an teicneolaíocht i gcoitinne a úsáid i do thionscadal oidhreachta.

  5. Acmhainní digiteacha seachtracha a úsáid

    Cur síos ar conas is féidir acmhainní agus taisclanna digiteacha seachtracha a úsáid i dtionscadal oideachais ealaíne, le samplaí ón treoirstaidéar Éireannach.

  6. Spás sábháilte a chruthú chun an rannpháirtíocht a spreagadh

    Má bhíonn spás sábháilte ann is féidir le gach duine páirt a ghlacadh in imeachtaí an chúrsa gan aon bhacanna nach bhfuil gá leo. Is féidir le gach grúpa a bprionsabail féin a leagan síos chun spás níos sábháilte a chruthú.

  7. Ceacht scríbhneoireachta: Mála an éithigh oidhreachta

    Cé mhéad sampla den Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a mbíonn tionchar acu ar shaol laethúil na ndaoine?

  8. Ceacht scríbhneoireachta: Cuimhne chéadfach

    Sa cheacht seo déantar iniúchadh ar sheal ama ina raibh an traidisiún i réim.

  9. Ceacht scríbhneoireachta: Earra ag caint faoin oidhreacht

    Cuir eolas ar rud éigin úr faoin traidisiún trí do pheirspictíocht a athrú. Anseo, tugann earra neamhbheo tuairisc ar nósanna an duine.

  10. Turas allamuigh a eagrú

    Leideanna cabhracha maidir le turas allamuigh a eagrú, lena n‑áirítear an cuspóir a thuiscint, an suíomh a roghnú, pleanáil agus lóistíocht agus go leor eile.

  11. Ceacht samplach: Turas allamuigh

    Tuairisc ar cheacht amháin a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Sa chás seo, eagraíodh turas allamuigh chuig séadchomhartha stairiúil sa cheantar.

  12. Ceacht samplach: Ceol a fhoghlaim ón chluas

    Ceacht samplach a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Anseo, déantar fonn atá sa cheol thraidisiúnta a fhoghlaim ón chluas.

  13. Ceacht samplach: Grinnéisteacht

    Ceacht samplach a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gcomhthéacs mionteangacha eile, i gcás ina bhféadfadh bac teanga a bheith ann, bac a thagann idir na rannpháirtithe agus an t‑ábhar oidhreachta.

  14. Ceachtanna do dhaltaí meánscoile

    Rogha cleachtaí le cur i bhfeidhm i ranganna meánscoile sa stair, sa tíreolaíocht, sa tsocheolaíocht, nó in ábhair eile.

  15. Ceacht: Cuairt staidéir

    Is é is aidhm do chuairteanna staidéir ar láithreacha oidhreachta, ar mhúsaeim agus ar láithreacha seandálaíochta, scileanna, nósanna agus dearcthaí sonracha a fhorbairt chun tuiscint a fháil ar thábhacht an oideachais oidhreachta. Féach ar an tsampla seo ón Rómáin—is féidir é a chur in oiriúint do do cheantar féin.

  16. Ceacht: Déan anailís agus nocht do thuairim!

    Is féidir an ceacht seo a chur i bhfeidhm san oideachas aosach mar aon leis an scoil. Is í an aidhm ná bunluachanna na hoidhreachta a fhoghlaim agus scrúdú a dhéanamh ar an bhrí atá le barántúlacht agus le huathúlacht i gcomhthéacs na hoidhreachta.

  17. Ceacht: Tomhais cén aois!

    Tá an aois ar cheann de na buntréithe a bhaineann le déantán nó traidisiún oidhreachta. Cuidíonn an ceacht praiticiúil seo leis an scoláire an prionsabal sin a thuiscint, anailís chriticiúil a dhéanamh ar mhír ar leith agus breithiúnais luacha a dhéanamh. Is féidir é a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs ina bhfuil sé mar aidhm an t‑oideachas oidhreachta a bhaint amach.

  18. Ceacht: Siombailí cultúrtha a chur i gcomparáid

    Úsáidtear an ceacht seo chun foghlaim faoi shiombailí ársa ó chultúir éagsúla. Is féidir an ceacht seo a úsáid i ranganna teanga, san oideachas idirchultúrtha, nó agus tú ag plé stair na healaíne.

  19. Uirlisí ó thionscadal LIVIND

    Rogha uirlisí úsáideacha ó thionscadal LIVIND, a dhírigh ar an oidhreacht bheo agus ar an inbhuanaitheacht

  20. Ceacht: Traidisiún ársa a aimsiú

    Is féidir an ceacht seo a úsáid san oideachas aosach agus ar scoil. Cothaíonn sé cumas na rannpháirtithe anailís a dhéanamh ar dhéantáin oidhreachta agus sainghnéithe cultúrtha a aithint.

  21. Ceacht: An oidhreacht a chur chun cinn i ranganna ríomhaireachta

    Tá ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha maidir leis an oidhreacht a chosaint, a chur chun cinn agus a chaomhnú. Tá an ceacht seo dírithe ar mhic léinn agus ar mhúinteoirí ríomheolaíochta i scoileanna chomh maith le mic léinn ollscoile sa mhatamaitic agus san fhaisnéisíocht. Is féidir leas a bhaint as a leithéid de cheacht in aon chomhthéacs agus é a úsáid de réir d'acmhainn chruthaitheachta féin.

  22. Ceacht: Matamaitic agus oidhreacht

    Is féidir oideachas oidhreachta a fhí isteach i gceachtanna matamaitice freisin. Más iontach an scéal é sin, feictear go bhfuil ceangal idir an dá réimse eolais seo. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gceachtanna a bhaineann leas as an Mhatamaitic Spraoi nó sa Mhatamaitic Fheidhmeach.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie