Ceachtanna do dhaltaí meánscoile

Arna réiteach ag
Asociatia Perseidele
Údar
Marioara Pascu

Úsáidtear na ceachtanna seo i gcomhair ranganna meánscoile sa stair, tíreolaíocht, socheolaíocht nó in ábhair eile. Cabhraíonn na ceachtanna le scileanna amhail anailís chriticiúil, machnamh, ceistiú nó áiteamh a fhorbairt. 

Tá na ceachtanna bunaithe ar threoirthionsadal na Rómáine a bhain le péintéireacht troscáin sa stíl Shacsanach, ach is féidir iad a chur in oiriúint do go leor cineálacha eile oidhreachta trí bhunábhair den chineál chéanna a aimsiú.

Ceacht: Tasc machnaimh

Ag tosú leis an tuiscint gur éirigh leis na rannpháirtithe uile sa treoirstaidéar teicníc na péintéireachta ar adhmad a fhoghlaim i dtréimhse ghearr ama, nochtadh go leor ceisteanna faoi na cúiseanna ar tháinig meath ar an chineál oidhreachta áirithe seo. Ní féidir a mhaíomh go bhfuil an traidisiún i mbaol a chaillte mar gheall ar easpa ábhar déantúsaíochta (adhmad, péint), castacht na teicníce ná easpa ealaíontóirí. Thairis sin, cuireann na hinstitiúidí oideachais náisiúnta, trí mheán ardscoileanna agus ollscoileanna gairmoideachais, oiliúint ar líon measartha mór speisialtóirí agus ealaíontóirí i réimse na hoidhreachta (caomhnú, athchóiriú). Úsáidtear, san obair seo, scileanna bunúsacha a bhaineann leis an phéintéireacht ar adhmad, ach is í an tsaíocht a bhaineann leis na míreanna daite a úsáidtear in ornáidí na Sacsanach, agus an siombalachas a bhaineann leo, a bhronnann uathúlacht agus féiniúlacht ar an tsaothar deiridh.

Léigh an téacs thuas go cúramach agus freagair na ceisteanna seo a leanas:

  1. Cén fáth a bhfuil traidisiún throscán péinteáilte na Sacsanach i mbaol a chaillte?
  2. Mol roinnt réiteach ar mhaithe leis an oidhreacht seo a shábháil. Tá bileog oibre úsáideach anseo freisin.

Ceacht (duine aonair nó grúpa)

  1. Cuardaigh bunachar sonraí oifigiúil na hInstitiúide Náisiúnta Oidhreachta, rannóg na hOidhreachta Doláimhsithe, MeșteșCraftsmen — Eolaire na gceirdeanna traidisiúnta, agus déan anailís ar an mhéid seo a leanas:
  2. I bhfianaise an eolais thuas: Cad é a thug tú faoi deara? An féidir linn troscán péinteáilte na Sacsanach a áireamh ar liosta na dtraidisiún atá i mbaol? Má tá, déan liosta de na bearta is gá a dhéanamh chun an oidhreacht sin a shábháil.

Ceacht (duine aonair nó grúpa)

Déan plé ar na ceisteanna seo a leanas:

  • An measann tú go bhfuil troscán péinteáilte na Sacsanach ina n‑ábhar spéise faoi láthair nó nach bhfuil?
  • An féidir iad a úsáid leis an dearadh intí?
  • Cé na samplaí / na píosaí de throscán traidisiúnta na Sacsanach a roghnófá do do theach féin? Cén fáth?
  • An bhfuil athrú tagtha ar do dhearcadh i leith throscán péinteáilte na Sacsanach mar thoradh ar an mhéid atá díreach foghlamtha agat?
Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie