Uirlisí don oide

Ceachtanna (25)

  1. Ceacht: Ag scríobh sa cheol

    Is é cuspóir an cheachta seo amhábhar a ghiniúint ar féidir é a úsáid níos déanaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus an ceol traidisiúnta in úsáid mar fhoinse inspioráide.

  2. Ceacht: Amlíne tionscadail a chruthú le péintéireacht ghrúpa

    Is é cuspóir an cheachta seo rannpháirtithe a thabhairt isteach i bpróiseas oibre comhroinnte ar bhealach níos doimhne, ag baint úsáide as an ealaín chun amlíne tionscadail a dhearadh.

  3. Ceacht le grianghraif: Agallamh le seanghrianghraif

    Ceacht samplach ina n‑úsáidtear seanghrianghraif mar phointe tosaigh le haghaidh idirphlé na rannpháirtithe.

  4. Ceacht le grianghraif: Seanghrianghraif agus grianghraif nua a chur i bpéirí

    Ceacht ina gcuirtear grianghraif ina bpéirí mar bhealach chun an t‑am atá thart agus an t‑am i láthair a phlé agus naisc a dhéanamh eatarthu.

  5. Ceacht scríbhneoireachta: Mála an éithigh oidhreachta

    Cé mhéad sampla den Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a mbíonn tionchar acu ar shaol laethúil na ndaoine?

  6. Ceacht scríbhneoireachta: Cuimhne chéadfach

    Sa cheacht seo déantar iniúchadh ar sheal ama ina raibh an traidisiún i réim.

  7. Ceacht scríbhneoireachta: Earra ag caint faoin oidhreacht

    Cuir eolas ar rud éigin úr faoin traidisiún trí do pheirspictíocht a athrú. Anseo, tugann earra neamhbheo tuairisc ar nósanna an duine.

  8. Ceacht samplach: Turas allamuigh

    Tuairisc ar cheacht amháin a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Sa chás seo, eagraíodh turas allamuigh chuig séadchomhartha stairiúil sa cheantar.

  9. Ceacht samplach: Ceol a fhoghlaim ón chluas

    Ceacht samplach a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Anseo, déantar fonn atá sa cheol thraidisiúnta a fhoghlaim ón chluas.

  10. Ceacht samplach: Grinnéisteacht

    Ceacht samplach a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gcomhthéacs mionteangacha eile, i gcás ina bhféadfadh bac teanga a bheith ann, bac a thagann idir na rannpháirtithe agus an t‑ábhar oidhreachta.

  11. Ceachtanna do dhaltaí meánscoile

    Rogha cleachtaí le cur i bhfeidhm i ranganna meánscoile sa stair, sa tíreolaíocht, sa tsocheolaíocht, nó in ábhair eile.

  12. Ceacht: An siombalachas a fhoghlaim

    Caomhnaíonn gach mír oidhreachta siombailí a léiríonn mothúcháin, smaointe agus creidimh choitianta. Bíonn eolas ar na siombailí seo agus a gcuid bríonna tábhachtach d’ealaíontóirí pobail más mian leo an ghaois sin a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Is féidir modheolaíocht an cheachta seo a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs cultúrtha.

  13. Ceacht: Teicníc oidhreachta a fhoghlaim

    Is féidir an cur chuige oibre seo a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs inarb é is aidhm dó teicnící ceardaíochta a fhoghlaim chun aithris a dhéanamh ar earra oidhreachta trí mheán na healaíne. Sa chás seo, is í an phéintéireacht an réimse ealaíne atá faoi chaibidil.

  14. Ceacht: Do chuid scileanna fiosraithe a chleachtadh

    Cuireann an ceacht seo feabhas ar scileanna fiosraithe an fhoghlaimeora agus cuireann sé coincheapa teoiriciúla i bhfeidhm trí anailís a dhéanamh ar mhíreanna oidhreachta agus iad a bheithniú i suíomhanna músaeim.

  15. Ceacht: Cuairt staidéir

    Is é is aidhm do chuairteanna staidéir ar láithreacha oidhreachta, ar mhúsaeim agus ar láithreacha seandálaíochta, scileanna, nósanna agus dearcthaí sonracha a fhorbairt chun tuiscint a fháil ar thábhacht an oideachais oidhreachta. Féach ar an tsampla seo ón Rómáin—is féidir é a chur in oiriúint do do cheantar féin.

  16. Ceacht: Gnó oidhreachta a iniúchadh

    Baineann níos mó ná an ealaín le cúrsaí oidhreachta. Cás-staidéar atá sa cheacht seo ina mbaineann an oidhreacht le gníomhaíocht eacnamaíoch. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gcás ranganna eacnamaíochta agus gairmthreorach.

  17. Ceacht: Déan anailís agus nocht do thuairim!

    Is féidir an ceacht seo a chur i bhfeidhm san oideachas aosach mar aon leis an scoil. Is í an aidhm ná bunluachanna na hoidhreachta a fhoghlaim agus scrúdú a dhéanamh ar an bhrí atá le barántúlacht agus le huathúlacht i gcomhthéacs na hoidhreachta.

  18. Ceacht: Tomhais cén aois!

    Tá an aois ar cheann de na buntréithe a bhaineann le déantán nó traidisiún oidhreachta. Cuidíonn an ceacht praiticiúil seo leis an scoláire an prionsabal sin a thuiscint, anailís chriticiúil a dhéanamh ar mhír ar leith agus breithiúnais luacha a dhéanamh. Is féidir é a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs ina bhfuil sé mar aidhm an t‑oideachas oidhreachta a bhaint amach.

  19. Ceacht: Siombailí cultúrtha a chur i gcomparáid

    Úsáidtear an ceacht seo chun foghlaim faoi shiombailí ársa ó chultúir éagsúla. Is féidir an ceacht seo a úsáid i ranganna teanga, san oideachas idirchultúrtha, nó agus tú ag plé stair na healaíne.

  20. Ceacht: Aimsigh scéalta agus focail ón traidisiún áitiúil

    Is féidir traidisiúin bhéil an réigiúin a aithint trí scéalta agus focail a fhoghlaim ó na glúnta atá níos sine.

  21. Ceacht: Eolas a chur ar fhocail agus nathanna ón traidisiún cheirmeach

    Is é cuspóir an cheachta seo cuid den traidisiún béil a aithint tríd an chriadóireacht.

  22. Ceacht: ‘Botijo’ a dhéanamh agus foghlaim faoin oidhreacht

    Is féidir, mar thoradh ar ghníomhaíocht phraiticiúil a bhaineann le ceird thraidisiúnta a fhoghlaim, tuiscint shaibhir a fháil ar an oidhreacht dholáimhsithe a bhaineann léi. Anseo, úsáidtear píosa potaireachta tipiciúil ón Spáinn mar shampla: an ‘botijo’ (crúscóir cré-earra).

  23. Ceacht: An oidhreacht a chur chun cinn i ranganna ríomhaireachta

    Tá ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha maidir leis an oidhreacht a chosaint, a chur chun cinn agus a chaomhnú. Tá an ceacht seo dírithe ar mhic léinn agus ar mhúinteoirí ríomheolaíochta i scoileanna chomh maith le mic léinn ollscoile sa mhatamaitic agus san fhaisnéisíocht. Is féidir leas a bhaint as a leithéid de cheacht in aon chomhthéacs agus é a úsáid de réir d'acmhainn chruthaitheachta féin.

  24. Ceacht: An oidhreacht dhigiteach

    Tá ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha i dtaca leis an oidhreacht a chosaint, a chur chun cinn agus a chaomhnú. Tá an teicneolaíocht i ndiaidh an tríú catagóir oidhreachta a thabhairt dúinn — an oidhreacht dhigiteach. Is féidir rochtain a fháil ar oidhreacht dhigiteach den tsórt sin in aon chomhthéacs agus í a úsáid de réir chruthaitheacht an duine.

  25. Ceacht: Matamaitic agus oidhreacht

    Is féidir oideachas oidhreachta a fhí isteach i gceachtanna matamaitice freisin. Más iontach an scéal é sin, feictear go bhfuil ceangal idir an dá réimse eolais seo. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gceachtanna a bhaineann leas as an Mhatamaitic Spraoi nó sa Mhatamaitic Fheidhmeach.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie