Ceacht scríbhneoireachta: Earra ag caint faoin oidhreacht

Arna réiteach ag
Kansalaisfoorumi
Údar
Timo Harju

Fís

Ceacht scríbhneoireachta: Earra ag caint faoin oidhreacht

Ceacht ó threoirthionscadal HEART ‘Sanataiteella selvää perinteestä’ in Oulu na Fionlainne a tharla i bhfómhar na bliana 2024. Tugtar treoir do na rannpháirtithe earra oidhreachta a shamhlú agus é ag labhairt, chun iniúchadh breise a dhéanamh ar a gcaidreamh agus ar an cheangal atá acu leis an oidhreacht.

Is é cuspóir an cheachta seo eolas a chur ar rud éigin úr faoin traidisiún tríd an pheirspictíocht a athrú. Conas a labhróidh earra neamhbheo éigin faoi ghníomhaíochtaí an duine? Treoraítear dearcadh na rannpháirtithe ón oidhreacht chultúrtha inláimhsithe go dtí an oidhreacht dholáimhsithe. Is é an t‑athrú peirspictíochta, a nochtann rud éigin nua, atá mar thaca leis an fhoghlaim bhunathraitheach.

An líon rannpháirtithe is fearr: 6–15

Fad: 20 nóiméad don scríbhneoireacht, 5 nóiméad chun an téacs a léamh.

Ábhair atá de dhíth: Peann agus páipéar ar a laghad, b’fhearr freisin déantáin nó earraí a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha a bheith ar fáil.

Treoracha céim ar chéim

  1. Roghnaigh earra neamhbheo éigin a bhaineann le traidisiún cultúrtha.
  2. Tabhair sracfhéachaint air. Samhlaigh go bhfuil sé ag féachaint ortsa. Samhlaigh go mbíodh sé ag amharc ar dhaoine a chleachtaíodh an traidisiún atá i gceist.
  3. Scríobh monalóg i mbéal an earra. Lig dó a chuid tuairimí a nochtadh.

Leideanna don oide: Muna bhfuil na hearraí ar fáil ar an láthair, is féidir an cleachtadh a dhéanamh ach na hearraí a thabhairt chun cuimhne. Éiríonn i bhfad níos fearr leis an cheacht, áfach, má fhaigheann an grúpa deis roinnt earraí a iniúchadh ar dtús báire agus na cinn gur spéis leo féin a roghnú.

Tabhair faoi deara: Tháinig an bunsmaoineamh don cheacht ón ealaíontóir Johanna Latvala, a bhíonn ag plé le hamharclannaíocht puipéad.

Físeán léiritheach

Féach ar an fhíseán a bhaineann leis an aonad seo agus feicfidh tú conas a reáchtáladh an ceacht inár dtreoirstaidéar Fionlannach, agus cad é mar a labhair cuid de na hearraí oidhreachta leis na rannpháirtithe.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie