Uirlisí don oide

Bunathrú (11)

  1. Oideachas ealaíne pobalbhunaithe a úsáid chun an oidhreacht a fhiosrú

    Is é an prionsabal is tábhachtaí san oideachas ealaíne pobail ná gur féidir le gach duine páirt a ghlacadh i ndéanamh na healaíne. Bíonn an próiseas, agus an taithí chomhroinnte le linn an phróisis, níos tábhachtaí ná na torthaí ealaíne.

  2. Foghlaim bhunathraitheach tríd an oideachas ealaíne oidhreachta

    Teoiric na foghlama bunathraithí, cleachtais agus éascú. Tionscadal HEART mar phróiseas bunathraitheach.

  3. Scéalta bunathraithe

    Éist leis na rannpháirtithe ag caint faoin dóigh ar athraíodh a gcuid tuiscintí i dtaca leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe ó bhonn le linn na dtreoirstaidéar de chuid HEART.

  4. Suirbhé ar rannpháirtithe a dhéanamh

    Is féidir le suirbhéanna ar rannpháirtithe cabhrú linn gníomhaíochtaí a fhorbairt, chomh maith le deis a thabhairt do na rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama. Fágann uirlisí digiteacha go mbíonn sé éasca suirbhé a chruthú agus a scaipeadh.

  5. Na buntáistí a bhaineann le físeáin 360º chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a thabhairt slán

    Mínítear na buntáistí a bhaineann le físeáin 360º a úsáid chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chaomhnú.

  6. Comparáid idir ceamaraí 360º chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a thaifeadadh

    Agus an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe á doiciméadú, is féidir leis an trealamh ceart an-difear a dhéanamh i dtaca le físeáin thumthacha agus tharraingteacha 360 céim a ghabháil. San alt seo, déanfaidh muid comparáid idir ceithre cheamara 360º a mbíonn tóir orthu.

  7. Ceacht scríbhneoireachta: Mála an éithigh oidhreachta

    Cé mhéad sampla den Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a mbíonn tionchar acu ar shaol laethúil na ndaoine?

  8. Ceacht scríbhneoireachta: Cuimhne chéadfach

    Sa cheacht seo déantar iniúchadh ar sheal ama ina raibh an traidisiún i réim.

  9. Ceacht scríbhneoireachta: Earra ag caint faoin oidhreacht

    Cuir eolas ar rud éigin úr faoin traidisiún trí do pheirspictíocht a athrú. Anseo, tugann earra neamhbheo tuairisc ar nósanna an duine.

  10. Uirlisí ó thionscadal LIVIND

    Rogha uirlisí úsáideacha ó thionscadal LIVIND, a dhírigh ar an oidhreacht bheo agus ar an inbhuanaitheacht

  11. Ceacht: Matamaitic agus oidhreacht

    Is féidir oideachas oidhreachta a fhí isteach i gceachtanna matamaitice freisin. Más iontach an scéal é sin, feictear go bhfuil ceangal idir an dá réimse eolais seo. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gceachtanna a bhaineann leas as an Mhatamaitic Spraoi nó sa Mhatamaitic Fheidhmeach.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie