Oideachas ealaíne pobalbhunaithe a úsáid chun an oidhreacht a fhiosrú

Arna réiteach ag
Kansalaisfoorumi

Bhain tionscadal HEART úsáid as an oideachas ealaíne phobalbhunaithe mar mhodh chun foghlaim bhunathraitheach a chruthú. Le linn ár dtreoirstaidéar, d’úsáid muid modhanna éagsúla ealaínbhunaithe agus muid ag obair le roinnt grúpaí rannpháirtithe. 

Is éard is ealaín phobalbhunaithe ann ná gníomhaíocht ealaíonta atá lonnaithe i suíomh pobail, arb é is saintréith di idirghníomhaíocht nó idirphlé le baill an phobail, agus ina mbíonn ealaíontóir gairmiúil/oide ealaíne ag comhoibriú le daoine nach mbeadh páirteach sna healaíona ar shlí eile. 

Is é bunphrionsabal na healaíne pobail gur féidir le duine ar bith páirt a ghlacadh inti agus ealaín a chruthú, beag beann ar aois, stádas socheacnamaíoch, inscne nó cumas. Tagann gach duine isteach óna dtúsphointe féin agus bíonn fáilte rompu mar atá siad. I dtreoirstaidéir HEART, cheap muid leagan amach na gcúrsaí chun freastal ar riachtanais éagsúla na rannpháirtithe, d’fhonn atmaisféar sábháilte agus ionchuimsitheach a chinntiú ionas nach mothódh aon duine gur fágadh as an áireamh iad. Léigh tuilleadh faoi spásanna sábháilte a chruthú i do chuid cúrsaí anseo.

Príomhghnéithe na healaíne pobail

  • Ionchuimsitheacht: Bíonn fáilte roimh gach duine mar atá siad. Ní gá aon taithí ar ealaín a dhéanamh a bheith agat roimh ré.
  • Dírithe ar Rannpháirtithe: Tugtar tús áite do riachtanais agus do mhianta an ghrúpa.
  • Rannpháirtíocht Ilchineálach: Is féidir le rannpháirtithe rólanna éagsúla a ghlacadh sa phróiseas. 
  • Cur Chuige Comhoibríoch: Muintearas a chothú sa ghrúpa agus sa phobal. 
  • Cumasú: Rannpháirtithe a spreagadh chun go mbraitheann siad cumasach agus eolach. 
  • Béim ar Phróiseas agus ar Thaithí: Béim a chur ar an taithí seachas ar na táirgí deiridh. Cuidíonn sé sin le foghlaim bhunathraitheach a chruthú agus neartaíonn sé an muintearas.
  • Deiseanna le haghaidh Taibhléirithe nó Taispeántas: Is féidir le taibhléirithe nó taispeántais phoiblí a bheith mar thoradh ar an ealaín phobalbhunaithe.

Oideachas ealaíne pobalbhunaithe a úsáid i dtionscadal HEART

Cothaíonn ealaín chomhoibríoch muintearas agus dáimh le pobal. Tugtar róil fhiúntacha do na rannpháirtithe, le cur chuige atá dírithe ar phróisis agus a chuireann béim ar an taithí seachas ar na torthaí. Is bealach éifeachtach é an t‑oideachas ealaíne pobalbhunaithe chun iniúchadh a dhéanamh ar fheiniméin na hoidhreachta cultúrtha doláimhsithe atá ag síorathrú. Cuidíonn an cur chuige seo le rannpháirtithe tuiscint a fháil ar nádúr an chultúir mar rud atá comhtháite sa tsaol laethúil, mar rud atá beo agus ag athrú i gcónaí. Tugann an ealaín deis do na rannpháirtithe iniúchadh a dhéanamh ar a gceangail phearsanta féin leis an oidhreacht chultúrtha. 

Tá sé mar aidhm ag an oideachas ealaíne phobalbhunaithe freisin neamhspleáchas agus teacht aniar na rannpháirtithe a fheabhsú. Is minic a bhíonn éiginnteacht i gceist le cruthú ealaíne, rud a spreagann machnamh criticiúil agus, in amantaí, bunathrú i ndearcadh na rannpháirtithe. D’fhéadfadh peirspictíochtaí nua a bheith mar thoradh ar idirghníomhaíocht agus idirphlé laistigh den phróiseas déanta ealaíne, fiú má bhaineann míchompord nó frustrachas leis uaireanta. Bíonn ról ríthábhachtach ag oidí ealaíne chun tacú le rannpháirtithe i gcaitheamh na taithí sin, rud a éascaíonn an fhoghlaim bhunathraitheach.

Ról na n‑oidí ealaíne sna treoirstaidéir

  • Béim ar an Phróiseas: Ag cur béime ar an phróiseas seachas na táirgí ealaíne. 
  • Éascú Comhoibríoch: An próiseas ealaíne agus foghlama a stiúradh trí mhachnamh a spreagadh agus treoir áirithe a thabhairt. 
  • Sábháilteacht a Chruthú: A chinntiú go mbraitheann rannpháirtithe slán le linn próiseas atá oscailte agus éiginnte.
  • Saineolas Trasdisciplíneach: Oidí ealaíne ó réimsí eile seachas an oidhreacht chultúrtha a chur san áireamh chun tionchair éagsúla agus cruthaitheacht a spreagadh.

Samplaí ó na treoirstaidéir

Léigh tuilleadh faoi mhodhanna rannpháirtíochta agus samplaí ónár dtreoirstaidéir.

Féach ar cheacht samplach i dtaca le grinnéisteacht agus tuiscint a éascú.

Bain triail as ceacht scríbhneoireachta ina spreagtar na céadfaí chun cur síos a dhéanamh ar chuimhne áirithe.

Leabhareolas

Jussilainen, Anna. 2019. ”Yhteisötaide — historiaa, määrittelyä ja käytäntöjä [Community Art — History, Definition, and Practices].” Faighte 5 Feabhra, 2023 ar Disco.

Finnish Heritage Agency. 2018. “Learning Material for Studying Intangible Cultural Heritage: Opi aineeton kulttuuriperintö.” Faighte ar Opi aineeton kulttuuriperintö.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie