Oideachas ealaíne pobalbhunaithe a úsáid chun an oidhreacht a fhiosrú
- Arna réiteach ag
- Kansalaisfoorumi
Bhain tionscadal HEART úsáid as an oideachas ealaíne phobalbhunaithe mar mhodh chun foghlaim bhunathraitheach a chruthú. Le linn ár dtreoirstaidéar, d’úsáid muid modhanna éagsúla ealaínbhunaithe agus muid ag obair le roinnt grúpaí rannpháirtithe.
Is éard is ealaín phobalbhunaithe ann ná gníomhaíocht ealaíonta atá lonnaithe i suíomh pobail, arb é is saintréith di idirghníomhaíocht nó idirphlé le baill an phobail, agus ina mbíonn ealaíontóir gairmiúil/oide ealaíne ag comhoibriú le daoine nach mbeadh páirteach sna healaíona ar shlí eile.
Is é bunphrionsabal na healaíne pobail gur féidir le duine ar bith páirt a ghlacadh inti agus ealaín a chruthú, beag beann ar aois, stádas socheacnamaíoch, inscne nó cumas. Tagann gach duine isteach óna dtúsphointe féin agus bíonn fáilte rompu mar atá siad. I dtreoirstaidéir HEART, cheap muid leagan amach na gcúrsaí chun freastal ar riachtanais éagsúla na rannpháirtithe, d’fhonn atmaisféar sábháilte agus ionchuimsitheach a chinntiú ionas nach mothódh aon duine gur fágadh as an áireamh iad. Léigh tuilleadh faoi spásanna sábháilte a chruthú i do chuid cúrsaí anseo.
Príomhghnéithe na healaíne pobail
- Ionchuimsitheacht: Bíonn fáilte roimh gach duine mar atá siad. Ní gá aon taithí ar ealaín a dhéanamh a bheith agat roimh ré.
- Dírithe ar Rannpháirtithe: Tugtar tús áite do riachtanais agus do mhianta an ghrúpa.
- Rannpháirtíocht Ilchineálach: Is féidir le rannpháirtithe rólanna éagsúla a ghlacadh sa phróiseas.
- Cur Chuige Comhoibríoch: Muintearas a chothú sa ghrúpa agus sa phobal.
- Cumasú: Rannpháirtithe a spreagadh chun go mbraitheann siad cumasach agus eolach.
- Béim ar Phróiseas agus ar Thaithí: Béim a chur ar an taithí seachas ar na táirgí deiridh. Cuidíonn sé sin le foghlaim bhunathraitheach a chruthú agus neartaíonn sé an muintearas.
- Deiseanna le haghaidh Taibhléirithe nó Taispeántas: Is féidir le taibhléirithe nó taispeántais phoiblí a bheith mar thoradh ar an ealaín phobalbhunaithe.
Oideachas ealaíne pobalbhunaithe a úsáid i dtionscadal HEART
Cothaíonn ealaín chomhoibríoch muintearas agus dáimh le pobal. Tugtar róil fhiúntacha do na rannpháirtithe, le cur chuige atá dírithe ar phróisis agus a chuireann béim ar an taithí seachas ar na torthaí. Is bealach éifeachtach é an t‑oideachas ealaíne pobalbhunaithe chun iniúchadh a dhéanamh ar fheiniméin na hoidhreachta cultúrtha doláimhsithe atá ag síorathrú. Cuidíonn an cur chuige seo le rannpháirtithe tuiscint a fháil ar nádúr an chultúir mar rud atá comhtháite sa tsaol laethúil, mar rud atá beo agus ag athrú i gcónaí. Tugann an ealaín deis do na rannpháirtithe iniúchadh a dhéanamh ar a gceangail phearsanta féin leis an oidhreacht chultúrtha.
Tá sé mar aidhm ag an oideachas ealaíne phobalbhunaithe freisin neamhspleáchas agus teacht aniar na rannpháirtithe a fheabhsú. Is minic a bhíonn éiginnteacht i gceist le cruthú ealaíne, rud a spreagann machnamh criticiúil agus, in amantaí, bunathrú i ndearcadh na rannpháirtithe. D’fhéadfadh peirspictíochtaí nua a bheith mar thoradh ar idirghníomhaíocht agus idirphlé laistigh den phróiseas déanta ealaíne, fiú má bhaineann míchompord nó frustrachas leis uaireanta. Bíonn ról ríthábhachtach ag oidí ealaíne chun tacú le rannpháirtithe i gcaitheamh na taithí sin, rud a éascaíonn an fhoghlaim bhunathraitheach.
Ról na n‑oidí ealaíne sna treoirstaidéir
- Béim ar an Phróiseas: Ag cur béime ar an phróiseas seachas na táirgí ealaíne.
- Éascú Comhoibríoch: An próiseas ealaíne agus foghlama a stiúradh trí mhachnamh a spreagadh agus treoir áirithe a thabhairt.
- Sábháilteacht a Chruthú: A chinntiú go mbraitheann rannpháirtithe slán le linn próiseas atá oscailte agus éiginnte.
- Saineolas Trasdisciplíneach: Oidí ealaíne ó réimsí eile seachas an oidhreacht chultúrtha a chur san áireamh chun tionchair éagsúla agus cruthaitheacht a spreagadh.
Samplaí ó na treoirstaidéir
Léigh tuilleadh faoi mhodhanna rannpháirtíochta agus samplaí ónár dtreoirstaidéir.
Féach ar cheacht samplach i dtaca le grinnéisteacht agus tuiscint a éascú.
Bain triail as ceacht scríbhneoireachta ina spreagtar na céadfaí chun cur síos a dhéanamh ar chuimhne áirithe.
Leabhareolas
Jussilainen, Anna. 2019. ”Yhteisötaide — historiaa, määrittelyä ja käytäntöjä [Community Art — History, Definition, and Practices].” Faighte 5 Feabhra, 2023 ar Disco.
Finnish Heritage Agency. 2018. “Learning Material for Studying Intangible Cultural Heritage: Opi aineeton kulttuuriperintö.” Faighte ar Opi aineeton kulttuuriperintö.