Uirlisí don oide

Forbairt cúrsa (14)

  1. Oideachas ealaíne pobalbhunaithe a úsáid chun an oidhreacht a fhiosrú

    Is é an prionsabal is tábhachtaí san oideachas ealaíne pobail ná gur féidir le gach duine páirt a ghlacadh i ndéanamh na healaíne. Bíonn an próiseas, agus an taithí chomhroinnte le linn an phróisis, níos tábhachtaí ná na torthaí ealaíne.

  2. Suirbhé ar rannpháirtithe a dhéanamh

    Is féidir le suirbhéanna ar rannpháirtithe cabhrú linn gníomhaíochtaí a fhorbairt, chomh maith le deis a thabhairt do na rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama. Fágann uirlisí digiteacha go mbíonn sé éasca suirbhé a chruthú agus a scaipeadh.

  3. Leideanna praiticiúla chun cúrsaí a eagrú agus a phleanáil

    Tá leideanna praiticiúla anseo maidir leis na ceisteanna is ceart a chur san áireamh agus ceacht nó clár oideachais ealaíne á phleanáil agus á chur i bhfeidhm, mar shampla an t‑ábhar a phleanáil, an t-oide ceart a roghnú agus na modhanna foghlama cuí do gach grúpa rannpháirtithe.

  4. Acmhainní digiteacha seachtracha a úsáid

    Cur síos ar conas is féidir acmhainní agus taisclanna digiteacha seachtracha a úsáid i dtionscadal oideachais ealaíne, le samplaí ón treoirstaidéar Éireannach.

  5. Cé ba cheart a bheith páirteach i gcosaint na hoidhreachta?

    Cé hiad na daoine a bhfuil ról acu i gcosaint na hoidhreachta?

  6. Spás sábháilte a chruthú chun an rannpháirtíocht a spreagadh

    Má bhíonn spás sábháilte ann is féidir le gach duine páirt a ghlacadh in imeachtaí an chúrsa gan aon bhacanna nach bhfuil gá leo. Is féidir le gach grúpa a bprionsabail féin a leagan síos chun spás níos sábháilte a chruthú.

  7. Ag obair le saineolaí oidhreachta

    Leideanna chun dul ag obair i gcomhar le saineolaí oidhreachta lena n‑áirítear: ábhar oidhreachta a roghnú, saineolaí oidhreachta a earcú, oibriú le saineolaí oidhreachta, agus samplaí den chaoi ar úsáideadh na modhanna sin sna treoirstaidéir.

  8. Inbhuanaitheacht san oideachas ealaíne

    Is mó seans go n‑éireoidh le do chuid oibre tionchar dearfach forleathan a imirt ach an inbhuanaitheacht éiceolaíoch, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha a chur san áireamh i do chuid gníomhaíochtaí oideachais.

  9. Leideanna i dtaobh cúrsa a fhógairt

    Leideanna praiticiúla agus treoirlínte chun clár oideachais a fhógairt agus chun rannpháirtithe a earcú.

  10. Ceacht: Amlíne tionscadail a chruthú le péintéireacht ghrúpa

    Is é cuspóir an cheachta seo rannpháirtithe a thabhairt isteach i bpróiseas oibre comhroinnte ar bhealach níos doimhne, ag baint úsáide as an ealaín chun amlíne tionscadail a dhearadh.

  11. Turas allamuigh a eagrú

    Leideanna cabhracha maidir le turas allamuigh a eagrú, lena n‑áirítear an cuspóir a thuiscint, an suíomh a roghnú, pleanáil agus lóistíocht agus go leor eile.

  12. Ceacht: An oidhreacht a chur chun cinn i ranganna ríomhaireachta

    Tá ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha maidir leis an oidhreacht a chosaint, a chur chun cinn agus a chaomhnú. Tá an ceacht seo dírithe ar mhic léinn agus ar mhúinteoirí ríomheolaíochta i scoileanna chomh maith le mic léinn ollscoile sa mhatamaitic agus san fhaisnéisíocht. Is féidir leas a bhaint as a leithéid de cheacht in aon chomhthéacs agus é a úsáid de réir d'acmhainn chruthaitheachta féin.

  13. Ceacht: An oidhreacht dhigiteach

    Tá ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha i dtaca leis an oidhreacht a chosaint, a chur chun cinn agus a chaomhnú. Tá an teicneolaíocht i ndiaidh an tríú catagóir oidhreachta a thabhairt dúinn — an oidhreacht dhigiteach. Is féidir rochtain a fháil ar oidhreacht dhigiteach den tsórt sin in aon chomhthéacs agus í a úsáid de réir chruthaitheacht an duine.

  14. Ceacht: Matamaitic agus oidhreacht

    Is féidir oideachas oidhreachta a fhí isteach i gceachtanna matamaitice freisin. Más iontach an scéal é sin, feictear go bhfuil ceangal idir an dá réimse eolais seo. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gceachtanna a bhaineann leas as an Mhatamaitic Spraoi nó sa Mhatamaitic Fheidhmeach.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie