Leideanna i dtaobh cúrsa a fhógairt

Arna réiteach ag
Oideas Gael
Údar
Helen Diamond

Fís

Treoirstaidéar Oideas Gael — Seachtain 1

Físeán 360 céim atá anseo. Tarraing an físeán nó cliceáil air chun an pointe féachana atá agat a athrú agus breathnú ar chodanna éagsúla den radharc. Muna féidir le do bhrabhsálaí físeáin 360 céim a sheinm, osclaítear an físeán in aip YouTube.

1. Tuiscint a fháil ar do spriocghrúpa

Bíonn sé tábhachtach aird a thabhairt ar do spriocghrúpa agus modhanna fógraíochta á meas agat. Smaoinigh ar thosca amhail aoisghrúpa, inscne, suíomh, na bealaí cumarsáide is fearr le baill den ghrúpa, agus aon bhacanna féideartha ar an rannpháirtíocht. Bíonn sé tábhachtach cineálacha éagsúla fógraíochta a úsáid atá in oiriúint don phobal/do na pobail atá tú ag iarraidh a bhaint amach. Is féidir meáin thraidisiúnta amhail nuachtlitreacha, póstaeir chlóite agus bileoga a úsáid i gcomhar leis na meáin dhigiteacha agus shóisialta, agus mar aon leis an fhógraíocht ó bhéal.

Leideanna ó Oideas Gael

Nuair a bhí an treoirstaidéar Éireannach á fhógairt againn, shocraigh muid ár spriocghrúpa a roghnú agus a shainiú ar dtús. Bhí a fhios againn go mbeadh sé measartha furast teagmháil a dhéanamh leo siúd a bhíonn ag plé go rialta lenár gcúrsaí agus lenár dtionscadail, ach don treoirstaidéar seo bhí muid ag iarraidh teacht ar spriocghrúpa daoine níos leithne i measc an phobail. D’úsáid muid meascán de na meáin shóisialta agus na meáin thraidisiúnta, lena n‑áirítear ardáin na meán sóisialta, póstaeir agus bileoga clóite, nuachtlitreacha pobail, agus an raidió áitiúil d’fhonn lucht féachana níos mó a bhaint amach.

Leideanna ó Kansalaisfoorumi

Anuas ar mhodhanna fógraíochta eile, chuaigh muid i dteagmháil go díreach le líonraí éagsúla páirtithe leasmhara. I measc na ngrúpaí rannpháirtithe a d’aithin muid bhí teagascóirí ealaíne, múinteoirí staire agus daoine ar spéis leo an scríbhneoireacht chruthaitheach. Rinne muid teagmháil leis na grúpaí sin trí eagraíochtaí lárnacha, liostaí seoltaí agus grúpaí gaolmhara ar Facebook.

2. Ardáin dhigiteacha

  • Bíonn ardáin na meán sóisialta úsáideach chun cúrsaí a chur chun cinn, agus is minic a bhíonn siad saor in aisce agus éasca le húsáid. Bain úsáid as íomhánna agus meáin eile d’fhonn do chuid postálacha a dhéanamh níos tarraingtí sa bhreis ar na sonraí bunúsacha go léir amhail dáta agus am, áit, costas, agus aon trealamh a theastaíonn.
  • Agus postáil á cur ar na meáin shóisialta agat, ná déan dearmad clibeáil a dhéanamh ar/cuireadh a thabhairt do dhaoine nó d’eagraíochtaí agus páirtithe leasmhara eile a d’fhéadfadh do phostáil a roinnt. Beidh córas éagsúil ag gach ardán chuige seo. Mar shampla, le Instagram ní féidir ach le duine atá clibeáilte sa scéal an scéal sin a roinnt. Is fiú roinnt ama a chaitheamh ag cur eolais ar na coinbhinsiúin a bhaineann leis na hardáin atá á n‑úsáid agat.
  • Smaoinigh ar liosta ríomhphost a choinneáil ar mhaithe le daoine ar spéis leo a leithéid agus seol nuachtlitreacha nó nuashonruithe ar chúrsaí amach go rialta.
  • Cinntigh go bhfuil suíomh gréasáin d’eagraíochta so-úsáidte, go gcoinnítear cothrom le dáta é agus go bhfuil eolas cuimsitheach ann faoi do chuid cúrsaí.

Sampla — Oideas Gael

Tá sraith straitéisí againn in Oideas Gael a úsáideann muid chun ár gcúrsaí rialta a fhógairt. Ina measc sin, baineann muid feidhm as ár suíomh gréasáin, ár liostaí sonraí teagmhála agus ár leathanaigh Facebook agus Instagram.

Is fiú cuardach a dhéanamh ar ghrúpaí gaolmhara ar na meáin shóisialta áit a bhféadfá teacht ar dhaoine a bhfuil suim acu sa chúrsa a bheidh ar siúl agat, nó ar cheist na hoidhreachta i gcoitinne!

3. Modhanna fógraíochta traidisiúnta

  • Is féidir bileoga clóite, póstaeir agus bróisiúir a dháileadh i spásanna pobail, siopaí caife agus le gnólachtaí áitiúla. Ní mór a chinntiú go bhfuil an t‑eolas ar an ábhar sin soiléir, gonta, agus go bhfuil dreac tarraingteach air. Is féidir le fógraíocht páipéir teacht ar ghrúpaí nach mbíonn gníomhach ar líne agus, mar sin, dírigh ar áiteanna a bhfeictear na daoine nach mbíonn ag freastal ar do chuid ranganna, b’fhéidir.
  • B’fhiú teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí sna meáin áitiúla amhail stáisiúin raidió agus nuachtáin áitiúla chun fógraí nó gné-ailt faoi do chúrsaí a shocrú.

Sampla — Oideas Gael

Bhí a fhios againn go sroichfeadh muid go leor dár lucht freastail rialta trí úsáid a bhaint as ár gcainéil meán sóisialta, ár suíomh gréasáin agus ár liosta seoltaí. Mar sin féin, bhí muid ag iarraidh teacht ar bhaill den phobal nach bhféadfadh a bheith gníomhach ar líne. Chuir muid póstaeir i gcló agus chroch muid iad in áiteanna lárnacha ar nós an tsiopa áitiúil, oifig an phoist, caiféanna agus an t‑ionad pobail. Chuir muid fógraí isteach i nuachtlitir an pharóiste a dháiltear san eaglais, agus d’éirigh linn agallamh poiblíochta a fháil ar an raidió náisiúnta.

4. Oíche oscailte nó seisiún eolais a chur ar fáil

Eagraigh seisiún saor in aisce nó oíche oscailte inar féidir le daoine a d’fhéadfadh suim a bheith acu sa chúrsa blaiseadh a fháil den mhéid a bheidh ar siúl. Bain feidhm as na himeachtaí seo mar dheiseanna chun luachanna, stíl teagaisc agus tionchar pobail na heagraíochta a thaispeáint.

Sampla — Oideas Gael

Bhí sé tábhachtach dúinn go mbeadh guthanna ón phobal rannpháirteach i bpleanáil agus i ndearadh ár dtionscadail. Dá bhrí sin, bhí oíche oscailte / seisiún eolais againn inar tháinig rannpháirtithe féideartha isteach, d’fhoghlaim siad faoin tionscadal agus bhí seans acu a gcuid smaointe agus tuairimí a chur in iúl. Fógraíodh an t‑imeacht seo tríd na bealaí thuasluaite, lena n‑áirítear meáin dhigiteacha agus thraidisiúnta. Cuireadh tús leis an oíche le cur i láthair ón oide ealaíne, a chuir an lucht féachana ar an eolas faoi chúlra ginearálta thionscadal HEART. Tionóladh seisiún plé oscailte ansin ina bhféadfadh baill den phobal a gcuid smaointe a chur in iúl maidir leis an chruth ba cheart a bheith i gceist le treoirstaidéar Oideas Gael. Bhí an próiseas ar cuireadh tús leis an oíche sin mar bhunús leis an chéad chruinniú den tionscadal, ina ndearnadh an clár oibre a phleanáil agus a fhorbairt a thuilleadh.

Ábhair shamplacha

Póstaeir a úsáideadh chun an oíche oscailte agus an treoirstaidéar a fhógairt

Cuireadh na póstaeir seo i gcló agus crochadh iad in áiteanna straitéiseacha sa cheantar. Úsáideadh iad freisin le haghaidh postálacha meán sóisialta ar Facebook agus Instagram. Dearadh iad ag baint úsáide as an leagan saor in aisce den aip Canva. Cuireadh eolas i láthair go soiléir soléite, i nGaeilge agus i mBéarla araon. Cuireadh na ceisteanna agus na freagraí atá ar an chéad phóstaer san áireamh d’fhonn daoine a mhealladh lasmuigh dár ngnáthlucht freastail.

Ar na híomhánna thíos tá an póstaer a úsáideadh le haghaidh taibhléiriú deiridh an ghrúpa phíolótaigh. Agus na póstaeir á gcruthú againn rinne muid iarracht stíl leanúnach brandála a chur i bhfeidhm tríd síos. Bíonn sé tábhachtach freisin lógónna na n‑eagraíochtaí tacaíochta agus na gcompháirtithe maoinithe uile a chur san áireamh.

Seo póstaer a úsáideadh le haghaidh threoirstaidéar Kansalaisfoorumi:

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie