Cé ba cheart a bheith páirteach i gcosaint na hoidhreachta?
- Arna réiteach ag
- Asociatia Perseidele
- Údair
- Marioara Pascu, Ileana Patru- Stupariu
Físeáin léiritheacha
-
Ní thiocfaidh an traidisiún slán as dhá ghlúin den fhaillí
Pléann rannpháirtithe de chuid thionscadal HEART conas is féidir oidhreacht dholáimhsithe a chailleadh fiú nuair a bhíonn na hearraí inláimhsithe fós ann. Is é sin, muna bhfuil aon duine ag cur an eolais a bhaineann leis na hearraí sin ar aghaidh.
-
Victoria Ghilas — ag labhairt thar ceann na n-ealaíontóirí
Le breis agus 20 bliain, tá an t‑ealaíontóir Victoria Ghilas ag péinteáil troscáin sa stíl thraidisiúnta de chuid na Sacsanach ón Trasalváin. Is ealaíontóir í ag a bhfuil punann saibhir ealaíne. Éistimis léi!
-
Cuairt ar cheardlann Mobilapictata.ro
Tugann muid cuairt ar cheardlann Mobilapictat.ro i Cisnadioara, áit a n‑oibríonn siúinéirí leis an adhmad agus áit a dtugann péintéirí dath dó. Óna lámha siúd a thagann an troscán péinteáilte, seantraidisiún de chuid na Sacsanach sa Trasalváin.
Is ar na daoine seo a leanas, go príomha, atá an fhreagracht as an oidhreacht a chaomhnú agus a chosaint, bíodh sí inláimhsithe nó doláimhsithe:
- Saineagraíochtaí idirnáisiúnta a chruthaigh sraith coinbhinsiún agus moltaí.
- Na náisiúnstáit agus na húdaráis phoiblí a bhfuil na hearraí cultúrtha suite ar a gcríocha siúd, tá dualgas orthu faoin dlí an oidhreacht a chosaint agus a chaomhnú, bíodh tábhacht náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ag baint léi.
- An pobal — tagann saothar na nglúnta a chuaigh romhainn anuas chuig an phobal le hoidhreacht. Cuireann an pobal le buanú na hoidhreachta freisin, glacann sé páirt ghníomhach i bhfeabhsú na hoidhreachta sin trína thaithí féin a chur leis agus trí ghnéithe nua-aimseartha a chur leis an traidisiún, rud a fhágann go gcomhtháthaíonn gach glúin a bhfís, a bhfealsúnacht agus a gcuid oibre féin leis an traidisiún fosta. Cruthaíonn an pobal na ‘droichid’ idir an nua-aimsir agus an traidisiún agus tá ról tábhachtach aige i gcomhdhéanamh na hoidhreachta comhaimseartha/nua-aimseartha. I gcás thionscadal HEART, tá muid díríthe ar ról na healaíne pobalbhunaithe i gcosaint na hoidhreachta doláimhsithe.
Féach ar na físeáin a ghabhann leis an aonad seo chun rannpháirtithe i dtionscadal HEART a fheiceáil ag plé ról an phobail i gcosaint na hoidhreachta.