Cé ba cheart a bheith páirteach i gcosaint na hoidhreachta?
Cé hiad na daoine a bhfuil ról acu i gcosaint na hoidhreachta?
Cé hiad na daoine a bhfuil ról acu i gcosaint na hoidhreachta?
Is uirlis dhigiteach úsáideach é Emaze chun cuir i láthair, blaganna agus suíomhanna gréasáin a chruthú agus a roinnt. Is féidir úsáid a bhaint aisti chun an traidisiún béil a scaipeadh ar bhealach atá físiúil agus tarraingteach.
Ceacht samplach ina n‑úsáidtear seanghrianghraif mar phointe tosaigh le haghaidh idirphlé na rannpháirtithe.
Ceacht ina gcuirtear grianghraif ina bpéirí mar bhealach chun an t‑am atá thart agus an t‑am i láthair a phlé agus naisc a dhéanamh eatarthu.
Cé mhéad sampla den Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a mbíonn tionchar acu ar shaol laethúil na ndaoine?
Sa cheacht seo déantar iniúchadh ar sheal ama ina raibh an traidisiún i réim.
Tuairisc ar cheacht amháin a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Sa chás seo, eagraíodh turas allamuigh chuig séadchomhartha stairiúil sa cheantar.
Ceacht samplach a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Anseo, déantar fonn atá sa cheol thraidisiúnta a fhoghlaim ón chluas.
Ceacht samplach a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gcomhthéacs mionteangacha eile, i gcás ina bhféadfadh bac teanga a bheith ann, bac a thagann idir na rannpháirtithe agus an t‑ábhar oidhreachta.
Caomhnaíonn gach mír oidhreachta siombailí a léiríonn mothúcháin, smaointe agus creidimh choitianta. Bíonn eolas ar na siombailí seo agus a gcuid bríonna tábhachtach d’ealaíontóirí pobail más mian leo an ghaois sin a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Is féidir modheolaíocht an cheachta seo a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs cultúrtha.
Is féidir an cur chuige oibre seo a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs inarb é is aidhm dó teicnící ceardaíochta a fhoghlaim chun aithris a dhéanamh ar earra oidhreachta trí mheán na healaíne. Sa chás seo, is í an phéintéireacht an réimse ealaíne atá faoi chaibidil.
Is féidir traidisiúin bhéil an réigiúin a aithint trí scéalta agus focail a fhoghlaim ó na glúnta atá níos sine.
Is é cuspóir an cheachta seo cuid den traidisiún béil a aithint tríd an chriadóireacht.
Is féidir, mar thoradh ar ghníomhaíocht phraiticiúil a bhaineann le ceird thraidisiúnta a fhoghlaim, tuiscint shaibhir a fháil ar an oidhreacht dholáimhsithe a bhaineann léi. Anseo, úsáidtear píosa potaireachta tipiciúil ón Spáinn mar shampla: an ‘botijo’ (crúscóir cré-earra).
Rogha uirlisí úsáideacha ó thionscadal LIVIND, a dhírigh ar an oidhreacht bheo agus ar an inbhuanaitheacht