Acmhainní digiteacha seachtracha a úsáid

Arna réiteach ag
Oideas Gael
Údar
Helen Diamond

In go leor tíortha, bíonn rochtain ar stór saibhir sonraí ar líne a bhaineann leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe. Ní bhíonn an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi chuid de na acmhainní seo in amantaí. Cuireann réimse leathan uirlisí, ardán agus taisclanna ar líne ábhar oideachasúil a bhaineann leis na healaíona, leis an chultúr agus leis an oidhreacht ar fáil. Féadfar a áireamh ar na hacmhainní sin léarscáileanna digiteacha, cartlanna, bunachair sonraí, turais fhíorúla, agus taispeántais idirghníomhacha, acmhainní atá á gcur ar fáil ag tionscnaimh áitiúla agus náisiúnta araon. Soláthraíonn na hacmhainní seo rochtain áisiúil ar thaisce faisnéise agus ábhar ilmheán do dhuine ar ar bith a bhfuil nasc idirlín acu, rud a fhágann gur uirlisí luachmhara iad ar son fhoireann an tionscadail oidhreachta, oidí agus rannpháirtithe araon.

Foireann agus oidí

  • Is féidir le baill foirne agus oidí acmhainní digiteacha seachtracha a úsáid chun taighde a dhéanamh, ábhair a bhailiú, agus ábhair oideachais a ullmhú dá gcláir oideachais. Tugann cartlanna agus taisclanna digiteacha rochtain ar fhoinsí príomhúla, ar cháipéisí stairiúla, ar shaothar ealaíne agus ar ábhar ilmheán.

Rannpháirtithe a spreagadh

  • Is féidir le rannpháirtithe acmhainní digiteacha seachtracha a fhiosrú go neamhspleách nó mar chuid de ghníomhaíochtaí treoraithe chun eolas a chur ar an stair áitiúil, ar an oidhreacht chultúrtha agus ar thraidisiúin ealaíne. Tugann léarscáileanna idirghníomhacha deis do rannpháirtithe láithreacha oidhreachta, sainchomharthaí cultúrtha agus seoda ealaíne a fhiosrú agus iad ina suí sa bhaile.
  • Spreagtar na rannpháirtithe dul i dteagmháil le taisclanna digiteacha agus cartlanna mar inspioráid dá dtionscadail chruthaitheacha féin. Is féidir le rochtain ar bhailiúcháin dhigiteacha saothar ealaíne, grianghraf, ceoil agus litríochta a bheith ina bhfoinsí amhábhair don léiriú ealaíonta agus don scéalaíocht.

Samplaí ó threoirstaidéar Oideas Gael

Tá traidisiún saibhir scéalaíochta in Éirinn a bhfuil dlúthbhaint aige leis an tírdhreach. Tugtar míniú sna scéalta sin i dtaca leis an chaoi ar cruthaíodh gnéithe geografacha áirithe agus bunús na logainmneacha. Cé go bhfuil sé i mbaol, tá an traidisiún seo fós á chleachtadh gan bhriseadh i gceantair áirithe sa tír. D’úsáid treoirstaidéar na hÉireann an ceol chun scéal amháin ón traidisiún seo a léiriú, d’fhonn é a chur i láthair ar bhealach tarraingteach do lucht féachana nua. D’úsáid an fhoireann agus na rannpháirtithe na hacmhainní seo a leanas le linn an chláir:

  • Oidhreacht Pharóiste Ghleann Cholm Cille: Suíomh gréasáin a tógadh mar chuid de thionscadal áitiúil ar leith a raibh sé mar aidhm aige béaloideas agus logainmneacha an cheantair a mhapáil ag baint úsáide as an teicneolaíocht dhigiteach.
  • www.logainm.ie: Bunachar Logainmneacha na hÉireann.
  • www.duchas.ie: Tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
  • www.teanglann.ie: Bunachar sonraí digiteach d’fhoclóirí Gaeilge.
  • ITMA: Bailiúchán digiteach  de chuid Thaisce Cheol Dúchais na hÉireann. 
  • Google Earth, Google Maps
Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie