Taispeántais fhíorúla
Conas an teicneolaíocht a fhí le plé ar an oidhreacht trí thaispeántais fhíorúla a thógáil.
Conas an teicneolaíocht a fhí le plé ar an oidhreacht trí thaispeántais fhíorúla a thógáil.
Eolas, treoir agus liosta uirlisí chun cuidiú leat timpeallachtaí fíorúla agus an teicneolaíocht i gcoitinne a úsáid i do thionscadal oidhreachta.
Cur síos ar conas is féidir acmhainní agus taisclanna digiteacha seachtracha a úsáid i dtionscadal oideachais ealaíne, le samplaí ón treoirstaidéar Éireannach.
Mínítear na buntáistí a bhaineann le físeáin 360º a úsáid chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chaomhnú.
Agus an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe á doiciméadú, is féidir leis an trealamh ceart an-difear a dhéanamh i dtaca le físeáin thumthacha agus tharraingteacha 360 céim a ghabháil. San alt seo, déanfaidh muid comparáid idir ceithre cheamara 360º a mbíonn tóir orthu.
Is féidir an ceacht seo a chur i bhfeidhm san oideachas aosach mar aon leis an scoil. Is í an aidhm ná bunluachanna na hoidhreachta a fhoghlaim agus scrúdú a dhéanamh ar an bhrí atá le barántúlacht agus le huathúlacht i gcomhthéacs na hoidhreachta.
Tá an aois ar cheann de na buntréithe a bhaineann le déantán nó traidisiún oidhreachta. Cuidíonn an ceacht praiticiúil seo leis an scoláire an prionsabal sin a thuiscint, anailís chriticiúil a dhéanamh ar mhír ar leith agus breithiúnais luacha a dhéanamh. Is féidir é a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs ina bhfuil sé mar aidhm an t‑oideachas oidhreachta a bhaint amach.
Tá ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha i dtaca leis an oidhreacht a chosaint, a chur chun cinn agus a chaomhnú. Tá an teicneolaíocht i ndiaidh an tríú catagóir oidhreachta a thabhairt dúinn — an oidhreacht dhigiteach. Is féidir rochtain a fháil ar oidhreacht dhigiteach den tsórt sin in aon chomhthéacs agus í a úsáid de réir chruthaitheacht an duine.