Taispeántais fhíorúla
- Arna réiteach ag
- University of Eastern Finland
Taispeántais mar bhealach chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chur chun cinn
Is minic gur féidir an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chur i láthair i bhfoirm taispeántais. Is bealach maith iad taispeántais chun rudaí neamhfhisiciúla a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha a thaispeáint agus a chur chun cinn, mar shampla:
- Cleachtais
- Eolas
- Scileanna
- Creidimh
- Traidisiúin
- Nósanna
- Teanga
- Agus i bhfad níos mó!
Is féidir na rudaí thuasluaite go léir a bhreithniú leo féin nó is féidir iad a nascadh le gnéithe inláimhsithe den oidhreacht chultúrtha.
Is féidir taispeántais, idir thaispeántais fhíorúla agus thaispeántais fhisiciúla, a úsáid mar chur chuige pobalbhunaithe chun foghlaim, agus chun ábhar a bhailiú, faoin Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe. Is bealach éifeachtach iad taispeántais chun go leor cineálacha ábhar cultúrtha a chur i láthair ós rud é go mbaineann iliomad féidearthachtaí cruthaitheacha leo. Chun an taispeántas a dhéanamh níos tarraingtí nó níos spreagúla, is féidir leat gnéithe idirghníomhacha a chur san áireamh sa taispeántas a chruthóidh eispéireas níos cuimsithí do chuairteoirí. Is cur chuige maith iad taispeántais fhíorúla i leith topaicí ar nós na hoidhreachta cultúrtha de thairbhe go mbíonn sé furast rochtain a fháil orthu agus toisc gur féidir iad a úsáid chun an fhoghlaim a chur chun cinn ar bhealaí éagsúla.
Na féidearthachtaí a bhaineann le taispeántais fhíorúla
Leathnaíonn taispeántais fhíorúla inrochtaineacht an taispeántais go ginearálta, rud a chuireann tuiscint agus léirthuiscint ar chleachtais chultúrtha éagsúla chun cinn gan aon teorainneacha geografacha. Is fiú fosta an teicneolaíocht a thabhairt isteach ar bhealach éigin chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chaomhnú agus a dhoiciméadú. Cabhróidh sé seo i dtaca leis na bealaí caomhnaithe níos traidisiúnta a neartú agus a thionlacan.
Nuair a thógtar taispeántas mar thoradh ar chur chuige pobalbhunaithe, mar a tharla i gcás threoirstaidéar Ollscoil Oirthear na Fionlainne, is próiseas foghlama bunathraitheach é a théann i bhfeidhm ar éascaitheoirí agus rannpháirtithe na ceardlainne agus ar chuairteoirí an taispeántais araon. Féach conas a rinneadh próiseas tógála an taispeántais in Mujejärvi.
Túsphointí chun taispeántas, agus a mhacasamhail fhíorúil, a thógáil – Cá háit le tosú?
Tosaíonn tógáil taispeántais le hábhar a bhailiú, nó má tá roinnt ábhar agat cheana féin, é a athshamhlú i bhfoirm taispeántais. Is féidir taispeántais a thógáil timpeall nach mór rud ar bith, is iad na rudaí riachtanacha chun taispeántas a thógáil ná príomhábhar, ceamara (nó roinnt ábhar a bailíodh nó a rinneadh roimh ré), agus cruthaitheacht! Is féidir leat tionscadal níos pobalbhunaithe a dhéanamh de thógáil an taispeántais trí ról a thabhairt do dhaoine a mbaineann an ghné den Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe atá faoi chaibidil leo.
Agus tú ag tosú ar thaispeántas (fisiciúil nó fíorúil) a thógáil, smaoinigh ar na ceisteanna seo a leanas, agus déan iad a phlé leis an ghrúpa nó leis na rannpháirtithe a bhfuil tú ag obair leo:
- Cad é ábhar nó téama an taispeántais? Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach nó suntasach?
- Cad iad na tuairimí éagsúla ar an téama nó ar an ábhar a d’fhéadfaí a fhiosrú tríd an taispeántas?
- Cad í an teachtaireacht nó an léargas is mian leat a chur in iúl tríd an taispeántas?
- Cén cineál ábhair a d’fhéadfaí a úsáid sa taispeántas? An féidir rud éigin a úsáid atá ann cheana féin, nó an bhfuil tú ag iarraidh ábhair nua a bhailiú?
- Ar mhaith leat taispeántas fisiciúil nó fíorúil a thógáil, nó an dá rud? Cén saghas uirlisí agus/nó áiseanna atá ar fáil?
- Leid ón oide ealaíne! Má tá taispeántas fisiciúil á leagan amach agat, de ghnáth is fearr más féidir leat ionad an taispeántais a chinntiú go luath sa phróiseas, mar bíonn baint mhór idir an t‑ionad agus na hearraí is féidir a chur san áireamh sa taispeántas.
- Leid ón oide ealaíne! Más féidir, bain úsáid as ionaid nó láithreacha a mbaineann tábhacht nó fiúntas leo do na rannpháirtithe agus / nó don phobal a bhfuil tú ag obair leo. Is fiú spásanna poiblí agus spásanna cruinnithe a úsáid fosta chun infheictheacht an taispeántais sa phobal a mhéadú.
- Cad iad na hacmhainní a theastaíonn chun an taispeántas a thógáil agus cad iad na róil atá ag gach duine sa phróiseas tógála?
- An bhféadfaí cuairteoirí a mhealladh le bheith rannpháirteach sa taispeántas agus an taispeántas a dhéanamh níos idirghníomhaí ar dhóigh éigin? Conas?
Cé go moltar na rudaí seo a phlé agus a aontú leis na rannpháirtithe, d’fhéadfadh athrú teacht ar chúinsí nó ar aidhm an taispeántais le linn an phróisis agus tá sé sin ceart go leor freisin! D’fhéadfadh, agus tú ag obair le do chuid smaointe agus ábhar, smaointe nua teacht chun cinn agus teacht in áit roinnt de na pleananna luatha a bhí ann. Mar sin, lig duit féin dul isteach sa phróiseas chruthaitheach agus síocháin a dhéanamh leis an éiginnteacht.