Ceacht: Déan anailís agus nocht do thuairim!

Arna réiteach ag
Asociatia Perseidele
Údar
Marioara Pascu

Cuspóirí

  • Prionsabal na barántúlachta a shoiléiriú mar bhunphrionsabal chun earra a áireamh mar earra oidhreachta.
  • Eolas a chur ar na sainghnéithe a chabhraíonn le barántúlacht agus uathúlacht a aithint.
  • An t‑earra a cheangal lena luachanna oidhreachta.

Inniúlachtaí

  • Oscailteacht chultúrtha, feasacht chultúrtha agus léiriú cultúrtha.
  • Feasacht áitiúil agus náisiúnta ar oidhreacht chultúrtha.
  • Cruthaitheacht agus fonn chun scileanna aeistéitiúla a chothú tríd an oidhreacht.

Pléifidh na rannpháirtithe triúr custaiméirí agus na roghanna atá acu:

Cliant 1: Ag lorg macasamhail den bhosca i bpictiúr 1 mar is cuimhin leis go raibh ceann den chineál chéanna i dteach a seanmháthar. Ba ghnách lena theaghlach a gcuid cáipéisí agus na seodra ba thábhachtaí a choinneáil sa bhosca seo. Faoi láthair, tá an custaiméir ina chónaí sa Ghearmáin in aice lena dtuismitheoirí a chuaigh ar imirce sna 1980idí agus atá ag iarraidh macasamhail den chineál céanna i gcuimhne ar a máthair agus a n‑óige sa Trasalváin.

Cliant 2: Is mór aici an tábla i bpictiúr 2 go háirithe. Tuigeann an cliant go bhfuil luach oidhreachta ag baint leis an earra seo. Mar sin féin, ba mhaith léi roinnt mionathruithe a dhéanamh ar nós dath bánbhuí a chur in áit an chúlra ghoirm agus maisiú bláthanna a chur le barr an tábla a bheadh éagsúil ó na cinn atá ann cheana.

Cliant 3: Is mian leis go dtógfaí macasamhail an bhinse seo d’fhonn é a chur san úllord ar chúl an tí ach níl sé ag iarraidh é a phéinteáil. Is maith leis go príomha an dearadh agus an adhmadóireacht agus is lú an spéis atá aige in ealaín na n-ornáidí. Tá sé tábhachtach don duine sin a bheith ábalta suí ar an bhinse san úllord um thráthnóna i ndiaidh lá oibre. 

Pléifidh na rannpháirtithe an triúr custaiméirí agus a gcuid roghanna agus ansin líonfaidh siad bileog ghníomhaíochta (thíos) isteach.

Cliant

Cé chomh maith agus a chomhlíonann an rogha prionsabal na barántúlachta?

Cad é luach an phíosa troscáin atá á lorg ag an chliant?

Tuairimí

1

 

 

 

2

 

 

 

3

 

 

 

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie