Inbhuanaitheacht san oideachas ealaíne

Arna réiteach ag
Kansalaisfoorumi

Trí thopaicí a bhaineann leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a thabhairt isteach i do chlár oideachais, cuirtear leis an inbhuanaitheacht chultúrtha láithreach ó tharla go bhfuil tú ag cuidiú lenár n‑oidhreacht chultúrtha agus lenár dtraidisiúin chultúrtha a chaomhnú. San am chéanna, tá sé tábhachtach fosta inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch a chur san áireamh i do chuid gníomhaíochtaí.

Bíonn na gnéithe sin uile den inbhuanaitheacht fite fuaite lena chéile, rud a fhágann gur féidir le gníomhaíochtaí i réimse amháin tionchar dearfach a imirt ar réimsí eile. Mar shampla, trí dhíriú ar inbhuanaitheacht éiceolaíoch, is féidir airgead a shábháil; is féidir maoiniú a fháil don inbhuanaitheacht chultúrtha trí dhíriú ar an gheilleagar, agus is féidir rannpháirtíocht a mhéadú trí dhíriú ar an inbhuanaitheacht shóisialta.

Seo roinnt leideanna praiticiúla maidir le conas is féidir leat cur leis an inbhuanaitheacht i do chuid gníomhaíochtaí oideachais.

Inbhuanaitheacht éiceolaíoch 

Is ionann inbhuanaitheacht éiceolaíoch agus acmhainní nádúrtha a shábháil. I gcaitheamh cúrsa, is féidir acmhainní nádúrtha a shábháil trí, mar shampla, bruscar a shórtáil agus úsáid páipéir a laghdú. Sábhálann coigilt acmhainní nádúrtha airgead freisin.

Déan an méid seo a leanas ar a laghad:

  • Roghnaigh áit don chúrsa is féidir le rannpháirtithe a bhaint amach go héasca agus, más féidir, ar iompar poiblí fosta. 
  • Más féidir, cuirtear bia a réitítear go háitiúil ar fáil. 
  • Faigh amach an féidir leat ábhair atá ann cheana a úsáid sula gceannaíonn tú cinn nua.
  • Seachain bruscar neamhriachtanach.
  • Déan cinnte gur féidir leis na rannpháirtithe iad féin bruscar a shórtáil go héasca.
  • Ná bítear ag priontáil agus ag cóipeáil ar pháipéar ach amháin nuair a bhíonn údar maith leis sin a dhéanamh.
  • Déantar ábhair theagaisc a chomhroinnt agus a stóráil i bhformáid dhigiteach, mar shampla trí ríomhphost.
  • Seachain úsáid neamhriachtanach leictreachais agus uisce. 

Molann muid duit bia feoilséantach a roghnú freisin má chuirtear bia ar fáil le linn an chúrsa. Má cheannaíonn tú ábhair agus soláthairtí nua, tabhair tús áite do tháirgí a bhfuil éicilipéad agus/nó deimhniú inbhuanaitheachta acu.

Inbhuanaitheacht eacnamaíoch

Is ionann inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus úsáid airgid a phleanáil roimh ré ionas nach dtitfidh barraíocht costas nó costais gan choinne ar eagraí an chúrsa, bíodh sé sin ina chumann nó ina dhuine aonair nó eile, mar thoradh ar chúrsa a eagrú. Cinntíonn plean réalaíoch agus ciallmhar ioncaim agus caiteachais leanúnachas agus inbhuanaitheacht an chúrsa. Is minic a chaomhnaítear acmhainní nádúrtha mar thoradh ar an inbhuanaitheacht eacnamaíoch fosta. Déan an méid seo a leanas ar a laghad:

  • Cuirtear go leor airgid ar leataobh chun an cúrsa a reáchtáil.
  • Cuirtear gach costas oiliúna san áireamh.
  • Moltar úsáid a bhaint as áiseanna oiliúna ar phraghas réasúnta a oireann go maith do riachtanais an chúrsa.
  • Faigh amach an bhféadfá ábhair athchúrsáilte a úsáid in ábhair do chúrsa.
  • Déan monatóireacht ar an chaiteachas cúrsa agus téigh i ngleic le costais bhreise gan choinne a luaithe a thagann tú ar an eolas fúthu.

Inbhuanaitheacht shóisialta 

Baineann inbhuanaitheacht shóisialta le deiseanna comhionanna a thabhairt do gach rannpháirtí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an chúrsa agus tionchar a imirt orthu. Cuimsíonn inbhuanaitheacht shóisialta an inrochtaineacht freisin, rud a bhaineann go praiticiúil le bealaí éagsúla rannpháirtíochta a chumasú. Is cuid thábhachtach de chúrsa dea-eagraithe é folláine an teagascóra freisin. Déan an méid seo a leanas ar a laghad:

  • Tá an t‑ionad oiliúna inrochtana, e.g. ag cathaoir rothaí.
  • Tá leithris inrochtana ar fáil san ionad nó gar di.
  • Tá an seomra ranga sábháilte agus tá teocht agus aeráil oiriúnach ann.
  • Tá atmaisféar na hoiliúna sábháilte.
  • Fágann na modhanna oiliúna gur féidir le daoine, más mian leo, tionchar a imirt ar chúrsa agus ar ábhar na hoiliúna agus aiseolas a thabhairt.
  • Cuir mianta agus riachtanais na rannpháirtithe san áireamh agus an oiliúint á pleanáil.
  • Smaoinigh, mar shampla, ar an teanga teagaisc, ar aon socruithe i dtaca le béilí agus sosanna, agus an bhfuil na modhanna teagaisc oiriúnach do gach duine.
  • Déan cinnte go bhfuil an t‑ábhar a úsáidtear sa teagasc soiléir agus inrochtana.
  • Cinntigh go bhfuil an timpeallacht foghlama don oideachas ar líne inrochtana agus éasca le húsáid.
  • Le linn na hoiliúna ar líne, déan cinnte fosta gur féidir le rannpháirtithe páirt a ghlacadh ar bhealaí éagsúla

Inbhuanaitheacht chultúrtha

Is éard atá i gceist leis an inbhuanaitheacht chultúrtha ná saincheisteanna cultúrtha a chur san áireamh. Áirítear orthu sin, mar shampla, teanga, nósanna agus traidisiúin. Le linn an chúrsa, tá sé tábhachtach go mbraitheann na rannpháirtithe gur féidir leo a gcúlra cultúrtha féin a léiriú gan bhac. Déan an méid seo a leanas ar a laghad:

  • Smaoinigh ar na cineálacha focal agus íomhánna a úsáideann tú i gcumarsáid agus i margaíocht an chúrsa, agus conas is féidir leat roghanna focal agus léaráidí a úsáid le cur in iúl go bhfuil fáilte roimh gach duine.
  • Tabhair faoi deara go bhféadfadh na rannpháirtithe na híomhánna, na focail agus na hábhair a úsáidtear sa chúrsa a thuiscint ar bhealaí éagsúla.
  • Smaoinigh ar conas is féidir leat é a dhéanamh níos éasca do chineálacha éagsúla daoine páirt a ghlacadh sa chúrsa.
  • Smaoinigh ar an chaoi a bhféadfaí cumarsáid agus margaíocht an chúrsa a dhíriú ar spriocghrúpaí a bhfuil cúlraí cultúrtha éagsúla acu.

Molann muid duit cúrsaí a phleanáil in éineacht le daoine ar de mhionlaigh chultúrtha iad. Lena chois sin, molann muid d’eagraithe dul faoi oiliúint a thacaíonn lena n‑inniúlacht féin i dtaobh éagsúlacht chultúrtha.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie