Turas allamuigh a eagrú
- Arna réiteach ag
- Oideas Gael
- Údar
- Helen Diamond
Fís
Is minic a théann cuairt ar láthair oidhreachta i bhfeidhm go mór ar fhoghlaimeoirí. Dúnann sé an bhearna idir an oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe agus an timpeallacht fhisiciúil, rud a thugann comhthéacs don phlé agus do na téiseanna sa tseomra ranga. Lena chois sin, cothaíonn sé ceangal inbhraite leis an am atá thart, rud a chuireann saibhreas leis an aistear foghlama.
Na príomhcheisteanna a bhaineann le turas allamuigh a eagrú
- Cuspóir (cén fáth?): Tumtar na rannpháirtithe i measc gnéithe inláimhsithe den stair agus den chultúr. Tugtar brí nua don eolas theoiriciúil agus músclaítear ceangal leis an am atá caite. Thairis sin, is deis ar leith é dul i ngleic leis an oidhreacht dholáimhsithe laistigh dá chomhthéacs fisiciúil.
- Cineál na cuairte (cad é?): Ní mór taisteal go dtí an láthair oidhreachta nó teacht i dteagmháil le déantáin oidhreachta os do chomhair. D’fhéadfadh turais chuig músaeim, dánlanna, nó láithreacha faoi leith a bhfuil tábhacht stairiúil ag baint leo a bheith i gceist leis sin. Mar shampla, d’fhiosraigh an treoirstaidéar Éireannach fothrach séipéil agus caitheadh solas ar shéadchomhartha suntasach áitiúil.
- Rogha na láithreach (cá háit?): Trí rannpháirtíocht sa phróiseas taighde cothaítear muintearas agus úinéireacht phobail i leith an aistir foghlama. Cruthaítear eispéireas comhroinnte má roghnaíonn an rang láthair na cuairte i gcomhar lena chéile. Sa treoirstaidéar Éireannach, chuir an saineolaí oidhreachta tús leis an phróiseas, rud a d’fhág gur aimsigh an grúpa seoid cheilte a bhaineann leis an bhéaloideas áitiúil. Cinntíonn cur chuige comhoibríoch go mbíonn spéis ag na rannpháirtithe sa láthair oidhreachta.
- Pleanáil agus lóistíocht (conas?): Braitheann lóistíocht na cuairte ar thosca éagsúla, lena n‑áirítear an láthair, tréithe na láithreach, agus riachtanais na rannpháirtithe. Tá sé ríthábhachtach inrochtaineacht a chinntiú do na rannpháirtithe uile. Is céimeanna ríthábhachtacha iad cúrsaí iompair a eagrú, riachtanais fhisiciúla a mheas, agus sonraí riachtanacha a chur in iúl do na rannpháirtithe roimh ré. Trí threoracha soiléire a chur ar fáil i dtaca le feisteas, tuar na haimsire agus socruithe i dtaobh béilí cinntítear eispéireas réidh suaimhneach do gach duine atá bainteach leis an turas.
- Tráth (cén uair?): Cabhraíonn uirlisí mar Google Forms leis an phróiseas a éascú chun dáta oiriúnach a roghnú don turas. Nuair a chuirtear tosca mar shéasúr, dálaí aimsire agus, uaireanta, solas an lae mar aon le clár ama na rannpháirtithe san áireamh is amhlaidh is fearr an plean a thagann mar thoradh ar an phróiseas. Éascaítear comhordú éifeachtach ar an lá nuair a dhéantar na hamanna bailithe/fágála a chur in iúl go soiléir.
- Taithí ar an láthair: D’fhéadfadh gurbh fhiú treoraí eolasach a earcú nó neart ama a chur ar leataobh ar son an fhiosraithe chun an t-eispéireas ar an láthair a shaibhriú. Cothaítear foghlaim níos doimhne trí rannpháirtithe a spreagadh chun ceisteanna a chur agus dul i ngleic leis an timpeallacht. Ina theannta sin, trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht fístaifeadta 360 céim is féidir eithne na cuairte a ghabháil ar an cheamara, rud a chuirfidh ar chumas rannpháirtithe nach féidir leo freastal ar an turas páirt a ghlacadh san eispéireas.
Chun turas allamuigh a eagrú, ní mór tosca éagsúla a phleanáil agus a mheas go cúramach. Trí chomhoibriú a chothú, inrochtaineacht a chinntiú, agus an leas is fearr a bhaint as an eispéireas ar an láthair, is féidir deiseanna foghlama bunathraitheacha a chruthú ina ndúntar an bhearna idir teoiric agus cleachtas, rud a nascann rannpháirtithe lena n‑oidhreacht chultúrtha ar iliomad bealaí fiúntacha.
Féach Ceacht samplach: turas allamuigh le haghaidh tuilleadh eolais faoin ábhar seo.