Scéalta bunathraithe

Arna réiteach ag
Asociatia Perseidele
Údair
Amalia Diaconu, Alina Pruteanu, Carina and Iustin Herciu, Carmen Padureanu, Andreea & Mihai Limbăsan, Cristina Ghiniță, Cristina Merlușcă, Carmen Ion, Corina Toma, Teodora

Na múinteoirí a bhí rannpháirteach i gceardlann de chuid HEART — cad é a d'fhoghlaim siad?

Tá ról tábhachtach ag an oideachas i dtaca le hoidhreacht dholáimhsithe a chur ó ghlúin go glúin. Ar an chúis sin, shocraigh muid cuireadh a thabhairt do mhúinteoirí scoile páirt a ghlacadh i dtreoirstaidéar na Rómáine. Feictear an taithí a bhí acu le tionscadal HEART sa mhír seo.

Oidhreacht chultúrtha na Sacsanach ina foinse inspioráide do Amalia agus Alina

Is síceolaithe iad Amalia agus Alina de réir gairme. Dar leo, is féidir leis an oideachas oidhreachta a bheith ina huirlis ar mhaithe le comhairleoireacht agus treoir ghairme a thabhairt do dhaltaí le linn teiripe scoile.

Oidhreacht na Sacsanach a fhiosrú trí shúile bheirt fhiontraithe óga

Ba mhór againn go raibh Carina agus Iustin Herciu, beirt fhiontraithe óga a bhfuil gnó adhmadóireachta acu, i measc na rannpháirtithe i dtreoirstaidéar na Rómáine. Cé nach mbaineann traidisiún throscán péinteáilte na Sacsanach ach leis an Trasalváin amháin, bhain ár rannpháirtithe taitneamh as eolas a chur ar an cheird sin le linn na ceardlainne oideachais oidhreachta.

D’fhoghlaim Teodora an teicníc chun troscán péinteáilte Sacsanach a chruthú

Tá Teodora ar tí an mheánscoil a chríochnú. Bhí sí ag iarraidh páirt a ghlacadh sa tionscadal seo toisc go bhfuil sí ag smaoineamh ar leanúint ar aghaidh lena cuid staidéir i réimse na healaíne. Thug taithí Erasmus+ deis di tuiscint níos fearr a fháil ar an réimse sin.

Tábhacht na ceardlainne do theaghlach Limbasan

Chun oidhreacht chultúrtha na Sacsanach Trasalvánach a fheabhsú, beidh gá le rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga. Sampla de seo is ea teaghlach Limbasan.

Dearcadh Corina i leith cheardlann HEART

Tháinig Corina ar an traidisiún Shacsanach le cabhair ón tionscadal HEART. As limistéar eitneagrafach eile sa Rómáin di ó dhúchas, bhí deis ag Corina eolas a chur ar oidhreacht dholáimhsithe na Sacsanach agus cé chomh tábhachtach agus atá sé traidisiúin a chur ar aghaidh tríd an oideachas.

An taithí a bhí ag Carmen le linn HEART

Léargas ar an phróiseas foghlama bhunathraitheach le Pădureanu Carmen, a bhí ina rannpháirtí i dtreoirstaidéar de chuid an tionscadail Erasmus+ seo.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie