Ceacht scríbhneoireachta: Earra ag caint faoin oidhreacht
- Arna réiteach ag
- Kansalaisfoorumi
- Údar
- Timo Harju
Is é cuspóir an cheachta seo eolas a chur ar rud éigin úr faoin traidisiún tríd an pheirspictíocht a athrú. Conas a labhróidh earra neamhbheo éigin faoi ghníomhaíochtaí an duine? Treoraítear dearcadh na rannpháirtithe ón oidhreacht chultúrtha inláimhsithe go dtí an oidhreacht dholáimhsithe. Is é an t‑athrú peirspictíochta, a nochtann rud éigin nua, atá mar thaca leis an fhoghlaim bhunathraitheach.
An líon rannpháirtithe is fearr: 6–15
Fad: 20 nóiméad don scríbhneoireacht, 5 nóiméad chun an téacs a léamh.
Ábhair atá de dhíth: Peann agus páipéar ar a laghad, b’fhearr freisin déantáin nó earraí a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha a bheith ar fáil.
Treoracha céim ar chéim
- Roghnaigh earra neamhbheo éigin a bhaineann le traidisiún cultúrtha.
- Tabhair sracfhéachaint air. Samhlaigh go bhfuil sé ag féachaint ortsa. Samhlaigh go mbíodh sé ag amharc ar dhaoine a chleachtaíodh an traidisiún atá i gceist.
- Scríobh monalóg i mbéal an earra. Lig dó a chuid tuairimí a nochtadh.
Leideanna don oide: Muna bhfuil na hearraí ar fáil ar an láthair, is féidir an cleachtadh a dhéanamh ach na hearraí a thabhairt chun cuimhne. Éiríonn i bhfad níos fearr leis an cheacht, áfach, má fhaigheann an grúpa deis roinnt earraí a iniúchadh ar dtús báire agus na cinn gur spéis leo féin a roghnú.
Tabhair faoi deara: Tháinig an bunsmaoineamh don cheacht ón ealaíontóir Johanna Latvala, a bhíonn ag plé le hamharclannaíocht puipéad.
Físeán léiritheach
Féach ar an fhíseán a bhaineann leis an aonad seo agus feicfidh tú conas a reáchtáladh an ceacht inár dtreoirstaidéar Fionlannach, agus cad é mar a labhair cuid de na hearraí oidhreachta leis na rannpháirtithe.