Ceacht: Gnó oidhreachta a iniúchadh
- Arna réiteach ag
- Asociatia Perseidele
- Údar
- Marioara Pascu
Fís
Baineann níos mó ná an ealaín le cúrsaí oidhreachta. Cás-staidéar atá sa cheacht seo ina mbaineann an oidhreacht le gníomhaíocht eacnamaíoch. D’fhéadfadh go dtabharfadh cleachtas traidisiúnta atá i mbaol a chaillte splanc inspioráide d’fhiontraí atá in ann gnó nideoige a fhorbairt a dhéanann an traidisiún sin a athbheochan agus a fheabhsú. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gcás ranganna eacnamaíochta agus gairmthreorach.
Cuspóirí
- Bealaí a aithint inar féidir leis an oidhreacht bonn a thabhairt do ghnó rathúil.
- Tuiscint a fháil ar an chaoi a ndearna fiontraí athbheochan ar thraidisiún doláimhsithe a bhí ag dul i léig.
Inniúlachtaí
- Fiontraíocht.
- An cumas deiseanna a aithint ar mhaithe le sásamh pearsanta.
- An cumas a bheith ag obair mar dhuine aonair agus mar bhall foirne.
- An cumas láidreachtaí agus laigí a thuiscint agus a aithint.
- Féintionscnamh, neamhspleáchas, inspreagadh agus diongbháilteacht chun cuspóirí a bhaint amach.
Treoracha
Ba cheart don rang féachaint go cúramach ar an agallamh le Mircea Ungurean agus na ceisteanna seo a leanas a phlé i ngrúpaí:
- Conas a chuir Mircea tús leis an fhiontar seo a bhfuil seantraidisiún Sacsanach mar bhonn leis?
- Cén tuairim atá agat faoi chinneadh Mircea Ungurean traidisiún a bhaineann le troscán péinteáilte na Sacsanach a athbheochan?
- Cad iad na scileanna a léirigh Mircea ina chuid oibre?
- Cén ról a bhí ag an riarachán phoiblí sa tionscadal?