Ceacht: Ag scríobh sa cheol
Is é cuspóir an cheachta seo amhábhar a ghiniúint is féidir a úsáid níos déanaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, ag baint úsáide as ceol traidisiúnta mar fhoinse inspioráide.
Is é cuspóir an cheachta seo amhábhar a ghiniúint is féidir a úsáid níos déanaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, ag baint úsáide as ceol traidisiúnta mar fhoinse inspioráide.
Is é cuspóir an cheachta seo rannpháirtithe a thabhairt isteach i bpróiseas comhroinnte ar bhealach níos doimhne, ag baint úsáide as an ealaín chun amlíne tionscadail a dhearadh.
Ceacht ina gcuirtear grianghraif ina bpéirí mar bhealach chun an t-am atá thart agus an t-am i láthair a phlé agus naisc a dhéanamh eatarthu.
Ceacht samplach ina n-úsáidtear sean-ghrianghraif mar phointe tosaigh d'idirphlé idir na rannpháirtithe
Cé mhéad cineál oidhreacht chultúir doláimhsithe a mbíonn tionchar acu ar shaol laethúil na ndaoine?
Sa cheacht seo déantar iniúchadh ar sheal ama ina raibh traidisiún i láthair.
Faigh amach rud éigin úr faoi thraidisiún trí do pheirspictíocht a athrú. Tugann earra éigin tuairisc ar nósanna an duine.
Tuairisc ar cheacht samplach amháin a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n-áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t-oide ealaíne ar fáil. Ceacht: turas allamuigh chuig séadchomhartha stairiúil áitiúil a eagrú agus a chur i gcrích.
Ceacht samplach a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n-áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t-oide ealaíne ar fáil. Ceacht: ag foghlaim píosa ceoil thraidisiúnta ón chluas.
Ceacht samplach a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n-áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t-oide ealaíne ar fáil. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gcomhthéacs mionteangacha eile, i gcás ina bhféadfadh bac teanga a bheith ann, bac a thagann idir na rannpháirtithe agus an oidhreacht chultúir dholáimhsithe.
Caomhnaíonn gach mír oidhreachta siombailí a léiríonn mothúcháin, smaointe agus creidimh choitianta. Tá eolas ar na siombailí seo agus a gcuid bríonna mar chuid d'obair ealaíontóirí pobail a n-éiríonn leo iad a chur ar aghaidh chuig na glúnta nua. Is féidir modheolaíocht an cheachta seo a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs cultúrtha.
Rogha cleachtaí is féidir a chur i bhfeidhm i ranganna meánscoile sa stair, sa tíreolaíocht, sa tsocheolaíocht, nó in ábhair eile.
Is féidir an cur chuige oibre seo a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs inarb é is aidhm dó teicnící ceardaíochta a fhoghlaim chun earra oidhreachta a chruthú trí mheán ealaíne. Sa chás seo, is í an phéintéireacht an réimse ealaíne atá faoi chaibidil.
Cuireann an ceacht seo feabhas ar scileanna fiosraithe an fhoghlaimeora agus cuireann sé coincheapa teoiriciúla i bhfeidhm trí anailís a dhéanamh ar mhíreanna oidhreachta agus iad a bhreathnú i suíomhanna músaeim.
Is é is aidhm do chuairteanna staidéir ar láithreacha oidhreachta, ar mhúsaeim agus ar láithreacha seandálaíochta, scileanna, nósanna agus dearcthaí sonracha a fhorbairt chun tuiscint a fháil ar thábhacht an oideachais oidhreachta. Féach ar an sampla seo ón Rómáin ar féidir é a chur in oiriúint do do cheantar oidhreachta féin.
Ní réimse ealaíonta amháin í an oidhreacht. Cás-staidéar atá sa cheacht seo ina bhfuil an oidhreacht ina réimse gníomhaíochta eacnamaíche. Is féidir an ceacht a úsáid i ranganna eacnamaíochta agus gairmthreorach.
Is féidir an ceacht seo a chur i bhfeidhm san oideachas aosach chomh maith leis an scolaíocht. Is í an aidhm ná bunluachanna na hoidhreachta a fhoghlaim agus an bhrí atá le barántúlacht agus le huathúlacht i gcomhthéacs oidhreachta a scrúdú.
Tá an aois ar cheann de na bunchritér a bhaineann le déantán nó traidisiún oidhreachta. Cuidíonn an ceacht praiticiúil seo leis an scoláire an prionsabal sin a thuiscint, anailís chriticiúil a dhéanamh ar mhír ar leith agus breithiúnais luacha a dhéanamh. Is féidir é a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs a bhfuil sé d’aidhm aige oideachas oidhreachta a bhaint amach.
Úsáidtear an ceacht seo chun foghlaim faoi shiombailí ársa a úsáidtear i gcultúir éagsúla. Is féidir an cleachtadh seo a úsáid i ranganna teanga, san oideachas idirchultúrtha, nó i gcás Stair Ealaíne.
Cuidíonn an ceacht seo le traidisiúin bhéil an réigiúin a aithint trí scéalta agus focail a úsáideann na glúnta níos sine a fhoghlaim.
Is é cuspóir an cheachta seo cuid den traidisiún béil a aithint tríd an chriadóireacht.
Is féidir, mar thoradh ar ghníomhaíocht phraiticiúil a bhaineann le ceird thraidisiúnta a fhoghlaim, tuiscint shaibhir a fháil ar an oidhreacht dholáimhsithe a bhaineann léi. Anseo, úsáidtear píosa potaireachta tipiciúil ón Spáinn mar shampla: an ‘botijo’ (crúscóir cré-earra).
Tá ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha maidir leis an oidhreacht a chosaint, a chur chun cinn agus a chaomhnú. Tá an ceacht seo dírithe ar mhic léinn agus ar mhúinteoirí ríomheolaíochta i scoileanna chomh maith le mic léinn ollscoile sa mhatamaitic agus san fhaisnéisíocht. Is féidir leas a bhaint as a leithéid de chleachtadh in aon chomhthéacs agus a úsáid de réir d'acmhainn chruthaitheachta féin.
Tá ról tábhachtach ag uirlisí digiteacha i dtaca leis an oidhreacht a chosaint, a chur chun cinn agus a chaomhnú. Tá an teicneolaíocht i ndiaidh an tríú catagóir oidhreachta a thabhairt dúinn – an oidhreacht dhigiteach. Is féidir rochtain a fháil ar oidhreacht dhigiteach den sórt sin in aon chomhthéacs agus í a úsáid de réir chruthaitheacht an duine.
Is féidir oideachas oidhreachta a fhí isteach i gceachtanna matamaitice freisin. Más iontach an scéal é sin, feictear go bhfuil ceangal idir an dá réimse. Is féidir an cleachtadh seo a úsáid i gceachtanna Matamaitice Spraoi nó sa Mhatamaitic Fheidhmeach.