Oideas Gael

Cúlra an treoirstaidéir

Rinne treoirstaidéar Oideas Gael iniúchadh ar an scéalaíocht agus ar an ómós áite trí mheán cheol traidisiúnta na hÉireann. Níl ann ach lár an 20ú haois féin ó bhí an ceol agus na healaíona béil amhail leis an scéalaíocht ina gcaitheamh aimsire tábhachtach, a chleachtaíodh i dteannta a chéile go minic, go háirithe faoin tuath in Éirinn. Cé gur tháinig borradh suntasach ar an cheol thraidisiúnta ó shin, tá i bhfad níos lú scéalaithe nó seanchaithe ann sa lá atá inniu ann agus is minic nach gcleachtaítear a n‑ealaín siúd anois ach le linn ócáidí atá níos foirmiúla agus, go minic, ina mbíonn comórtas i gceist. Fuair an treoirstaidéar seo againne spreagadh ón dinnseanchas, cineál ar leith scéalaíochta ina dtugann seanscéalta brí don logainm a bheirtear ar áit áirithe. 

Is éard a chuir an treoirstaidéar roimhe i dtosach báire ná taibhléiriú ceoil a chruthú a mbeadh áit faoi leith in iardheisceart Chontae Dhún na nGall, Éire, mar spreagadh aige. Fágadh ceisteanna i dtaca le cruth an taibhléirithe, an rogha áite, agus na modhanna trína réiteofaí na ceisteanna seo uilig gan fhreagra. Fógraíodh an tionscadal mar chúrsa neamhfhoirmiúil a cheanglódh gnéithe den cheol traidisiúnta agus den oidhreacht áitiúil. Bhíothas ag súil go ndéanfadh na rannpháirtithe, in éineacht leis an oide ealaíne Helen Diamond agus an saineolaí oidhreachta Eoghan Ó Curraighín, an próiseas ealaíne a chomhdhearadh agus go gcabhródh sé seo, dá réir sin, eispéireas foghlama claochlaitheach a chruthú don uile dhuine.

Ag cur tús leis an obair

Oíche eolais oscailte i mí Mheán Fómhair 2023, mí amháin roimh dháta tosaigh an chúrsa, a chuir tús leis an treoirstaidéar. Bhí cuspóir praiticiúil ag an imeacht seo mar bhealach chun bunsmaoineamh an tionscadail a chur i láthair, rannpháirtithe a earcú, a gceisteanna a fhreagairt, etc. Lena chois sin, áfach, ghin an seisiún roinnt smaointe freisin faoi théama agus faoi threo an treoirstaidéir. Cuireadh in iúl gurbh iad na rannpháirtithe féin a bheadh i gceannas ar an obair agus b'fhéidir gur chuidigh sé sin le spéis na rannpháirtithe a mhéadú agus 'úinéireacht' a thabhairt dóibh i dtaca leis an tionscnamh. Cuireadh in iúl go soiléir fosta nach raibh gá le réamheolas ar an cheol nó ar chúrsaí oidhreachta chun páirt a ghlacadh sa chúrsa, agus go mbeadh gach duine ag foghlaim agus go gcuirfeadh siad leis an obair de réir a mbuanna agus a gcuid riachtanas faoi leith féin.

Ó mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh, chruinnigh 12 rannpháirtí le haghaidh seisiúin 2 uair an chloig in aghaidh na seachtaine thar tréimhse 8 seachtaine. Chuir nádúr oscailte an phróisis foghlama dúshlán roimh an ghrúpa ar dtús, óir bhí taithí ag a bhformhór ar shuíomhanna oideachais ní ba thraidisiúnta a mbíodh faoi chúram agus faoi stiúir aonair an mhúinteora. Ar ámharaí an tsaoil, bhí Eoghan in ann neart smaointe samplacha ón traidisiún scéalaíochta áitiúil a chur ar fáil agus d'éascaigh Helen plé agus spreag sí na rannpháirtithe chun tuilleadh eolais a fháil nuair ba chuí.

Radhac ón taobh istigh de Theach Pobail an Spáinnigh, séipéal a tógadh an athuair ag na Caislíní, Cill Chartha. Rinne rannpháirtithe an treoirstaidéir Éireannaigh iniúchadh ar an láthair seo agus an stair a bhaineann léi.

An téama oidhreachta

Laistigh de choicís, shocraigh an grúpa ar théama lárnach don tionscadal. Tagraíonn Cill an Spáinnigh—ar a dtugtar Teach Pobail an Spáinnigh nó Teampall an Spáinnigh fosta—do dhá láthair, ceann i bparóiste Ghleann Cholm Cille agus ceann i bparóiste Chill Chartha atá in aice láimhe. Tá sé i mbéaloideas an cheantair, atá caomhnaithe i dtraidisiún na scéalaíochta, gur tháinig mairnéalach as an Spáinn i dtír ar chósta thiar theas Dhún na nGall go luath san 18ú haois. An sagart áitiúil a chuir an ola dhéanach air, fuair sé a chuid oideachais i Salamanca agus bhí sé in ann comhrá a dhéanamh i dteanga dhúchais an Spáinnigh. Bhí oiread lúcháire ar an mhairnéalach gur thairg sé crios lán giní óir don tsagart, agus úsáideadh an taisce ina dhiaidh sin chun dhá shéipéal a thógáil. Tugtar Cill an Spáinnigh ar fhothrach an dá shéipéil sin sa lá atá inniu ann. Rinneadh an scéal, mar a d'inis Eoghan é, a thaifeadadh, a thras-scríobh agus a chur ar fáil don ghrúpa (tá cóip ar fáil anseo).

Íomhá: “Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 1” ó Dúchas © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD agus faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0. Tá scéal Chill an Spáinnigh ar taifead i gcartlanna digitithe béaloidis éagsúla, ar a n‑áirítear dhá scéal ó Bhailiúchán na Scol, 'An Spáinneach i bhFár Rónach' agus 'Na Caislíní'. Tógadh an scéal ó Phádraig Mac Giolla Easbuig fosta agus foilsíodh é ar an tsuíomh gréasáin Béaloideas Beo.

An téama a fhorbairt

Bhain tábhacht le téama fóirsteanach a roghnú i dtaca le dul chun cinn an tionscadail. Bhí an chuid is mó de na rannpháirtithe eolach ar cheann amháin, ar a laghad, de na láithreacha a bhí i gceist, ach is beag duine a raibh a fhios acu an scéal beacht a bhain leis an logainm. Bhí neart ábhar béaloidis ann chun inspioráid a thabhairt, agus chruthaigh gné Spáinneach an scéil deiseanna suimiúla chun tarraingt ar thraidisiúin cheoil na hEorpa. B'fhurast an t‑ábhar a nascadh le scéalta béaloidis agus miotaseolaíochta eile ina raibh láithreacha agus téamaí mara den chineál chéanna.

Tháinig forbairt agus athrú ar mhodheolaíocht an chúrsa ó sheachtain go seachtain, ag brath ar riachtanaisí na rannpháirtithe. Níos luaithe sa phróiseas, de réir mar a chuaigh na rannpháirtithe i ngleic leis an téama oidhreachta, reáchtáladh an seisiúin mar a bheadh grúpa plé oscailte ann. Bhí an saineolaí oidhreachta i láthair don chuid is mó de na seisiúin seo, ag tairiscint smaointe agus comhairle, agus d'éascaigh an t‑oide ealaíne an plé. Nuair ba chuí díriú ar an taibhiúléiriú ceoil, rinneadh i bhfad níos mó oibre i ngrúpaí beaga, eagraithe de réir leibhéil chumais na rannpháirtithe. D'oibrigh an t‑oide ealaíne go praiticiúil leo siúd a d'fhoghlaim uirlis cheoil nua fad agus a dhírigh rannpháirtithe a raibh níos mó taithí cheoil acu ar an chumadóireacht. D'oibrigh na rannpháirtithe go léir le chéile chun amhrán nua, a spreagadh ag scéal Chill an Spáinnigh, a chumadh agus a chur i láthair. Dhírigh na seisiúin dheireanacha ar ullmhúchán le haghaidh ceolchoirm speisialta ina gcuirfí an saothar deiridh i láthair.

Bhain taithí ar leith le seisiún leathdheiridh an treoirstaidéir. Seachas an gnáthsheisiún seomra ranga oíche Chéadaoin, tháinig an grúpa le chéile maidin Shathairn le haghaidh turas allamuigh chuig an dá láthair oidhreachta. I dtaca le spéis phearsanta agus an ghné shóisialta den chúrsa, ba ócáid an-taitneamhach í seo a thug éagsúlacht don chlár oibre. Meastar gur bhain feidhm shuntasach eile leis an turas, sa mhéid is gur 'fíoraíodh' nó gur tugadh cruth don ábhar oidhreachta tríd an bhéaloideas agus tríd an tsaothar ealaíne dholáimhsithe a nascadh le láithreacha fisiciúla sa cheantar áitiúil. San aiseolas a fuarthas i ndiaidh an chúrsa, chuir roinnt rannpháirtithe in iúl go raibh an taithí sin ríthábhachtach don tairbhe a bhain siad as an phróiseas foghlama.

Úsáid na teicneolaíochta

Bhí ról nach beag ag uirlisí digiteacha mar thacaíocht le próiseas foghlama na rannpháirtithe. D'oibrigh foireann Oideas Gael chun aon ábhar a bhain leis an téama oidhreachta a ghabháil nó a thaifeadadh agus é seo a roinnt le rannpháirtithe an treoirstaidéir. Áirítear an méid seo a leanas ar an ábhar sin:

Sampla den ábhar a taifeadadh le linn an treoirstaidéir: léiríonn an físeán seo cuairt a thug na rannpháirtithe ar Chill an Spáinnigh ar an Fhothair, Gleann Cholm Cille. Físeán 360 céim atá anseo. Tarraing an físeán nó cliceáil air chun an pointe féachana atá agat a athrú agus breathnú ar chodanna éagsúla den radharc. Muna féidir le do bhrabhsálaí físeáin 360 céim a sheinm, osclaítear an físeán in aip YouTube.

Chuaigh na rannpháirtithe siar ar na hábhair sin go minic le linn an tionscadail, toisc gur chuir siad bonn eolais faoin taighde oidhreachta agus faoin taibhléiriú ceoil a rinne an grúpa. Dáileadh cuid mhaith den ábhar seo trí ghrúpa WhatsApp a bhain leis na rannpháirtithe. Bhain na rannpháirtithe féin úsáid as an ghrúpa seo, ag roinnt smaointe agus acmhainní a d’aimsigh siad, mar aon le smaointe le haghaidh míreanna ceoil agus saothair nua, etc. chomh maith le socruithe praiticiúla a dhéanamh.

An comhthéacs dátheangach

Is tír dhátheangach í Éire ina bhfuil an Béarla, sa lá atá inniu ann, mar theanga thromlaigh agus an Ghaeilge mar theanga mhionlaigh. Pobal Gaeltachta in iarthuaisceart na hÉireann a bhí mar shuíomh don tionscadal seo. Fiú amháin i bpobail mar seo, is minic gurb é an Béarla an teanga cheannasach agus bíonn tionchar aige ar úsáid na Gaeilge in go leor réimsí den tsaol. Mar eagraíocht atá tiomanta don Ghaeilge a neartú i bpobail Ghaeltachta, bíonn Oideas Gael ag iarraidh a chinntiú go gcuireann idirghabhálacha ar nós threoirstaidéar HEART úsáid na teanga chun cinn.

I ndáil leis an mhéid sin, taithí dhearfach a bhí sa treoirstaidéar. Is cosúil gur mheall nádúr neamhfhoirmiúil, rannpháirteach an tionscadail raon leathan rannpháirtithe, lena n‑áirítear iad siúd nach mbeadh fonn orthu, de ghnáth, freastal ar chúrsa teanga. Cheadaigh comhdhéanamh an ghrúpa timpeallacht seomra ranga ina raibh an Ghaeilge níos ceannasaí. Dóibh siúd nach mbíonn ag labhairt na teanga chomh minic sin, bhí spreagadh dearfach ann chun dul i ngleic leis an teanga, go háirithe ós rud é gur thug sé sin tuiscint níos fearr dóibh ar bhunábhar an tionscadail. Mar sin féin, tá sé tábhachtach, ó thaobh spreagadh na rannpháirtithe de, go n‑éascaítear idirghníomhaíochtaí den tsórt sin ar bhealach atá fáilteach agus cairdiúil. Tá roinnt cleachtaí a bhaineann leis an ábhar seo i sraith uirlisí digiteacha HEART.

Taithí bhunathraitheach

Ba é buaicphointe an tionscadail ná ceolchoirm phoiblí ar an 18 Nollaig 2023, i gcomhthráth le hócáid cheiliúrtha Oideas Gael ar an Nollaig. Áiríodh leis an cheolchoirm saothar nuachumtha, Teach Pobail an Spáinnigh, arna spreagadh ag an téama oidhreachta, roinnt amhrán agus foinn a bhaineann leis an cheantar ina bhfuil Cill an Spáinnigh suite, agus dhá shaothar uirlise a spreagadh ag an chineál ceoil a d'fhéadfadh cur amach a bheith ag mairnéalach na Spáinne orthu lena linn, amhail le Mille regretz — La Canción del Emperador le Luis de Narváez (c.1500–1552). Lena chois sin, d'inis ár saineolaí oidhreachta Eoghan Ó Curraighín scéal Chill an Spáinnigh an athuair chomh maith le scéal Fiannaíochta eile, Cath Fionn Trá, a bhaineann le hábhar ó thaobh na tíreolaíochta de. D’fhreastail os cionn 60 duine ar an imeacht, lena n‑áiríodh roinnt daoine ón Úcráin a tháinig chun cónaithe sa cheantar ar na mallaibh de dheasca an chogaidh sa tír sin.

Cuireann rannpháirtithe an treoirstaidéir an saothar Teach Pobail an Spáinnigh i láthair. Focail ón leabhar Gleann an Bhaile Dhuibh le Mícheál Mac Giolla Easpaig. Fonn leis an rannpháirtí Eabhan Mac Oirghiolla. Físeán 360 céim atá anseo. Tarraing an físeán nó cliceáil air chun an pointe féachana atá agat a athrú agus breathnú ar chodanna éagsúla den radharc. Muna féidir le do bhrabhsálaí físeáin 360 céim a sheinm, osclaítear an físeán in aip YouTube.
Mille regretz — La Canción del Emperador, arna chur i láthair ag Piaras Hoban mar chuid de cheolchoirm deiridh an treoirstaidéir. Físeán 360 céim atá anseo. Tarraing an físeán nó cliceáil air chun an pointe féachana atá agat a athrú agus breathnú ar chodanna éagsúla den radharc. Muna féidir le do bhrabhsálaí físeáin 360 céim a sheinm, osclaítear an físeán in aip YouTube.

Cé gur éirigh thar barr leis an taibhléiriú deiridh agus gur chuir sé deireadh oiriúnach leis an chúrsa, níorbh é, ar go leor bealaí, an ghné ba thábhachtaí den taithí i dtaca le sprioc mór an treoirstaidéir. Mar gheall ar an phróiseas foghlama oscailte a thug dúshlán na rannpháirtithe agus na n‑oidí araon ag an tús, ghlac gach duine úinéireacht ar a gcuid foghlama, agus rinneadh eolas den choimhthíos. Mar ba léir ó aiseolas na rannpháirtithe, thug beagnach gach duine faoi deara go bhfuair siad dearcadh nua ar an cheantar ina gcónaíonn siad. Nochtadh saothair agus foinsí inspioráide úra do na ceoltóirí. Labhair daoine nach ceoltóirí iad, a tháinig le chéile don chuid is mó mar gheall ar an spéis a bhí acu san ábhar oidhreachta, faoin luach saothair a tháinig as cur le tionscadal lasmuigh dá ngnáthréimse spéise féin. Ar deireadh thiar, tá an chuma ar an scéal gur dearbhaíodh téis an tionscadail HEART, is é sin gur féidir tuiscintí móra úrnua a chothú dóibh siúd atá páirteach ach téama oidhreachta a iniúchadh trí phróiseas oideachais ealaíne atá rannpháirteach agus pobalbhunaithe.

  • Helen Diamond

    Oide ealaíne

    Helen Diamond

    Is teiripeoir ceoil cáilithe agus múinteoir bunscoile í Helen a bhfuil taithí fhairsing aici ar thionscadail oideachais agus pobail. Is iad na réimsí sainspéise atá aici ná amhránaíocht thraidisiúnta na hÉireann agus seinm na fidle. 

    Rugadh Helen i mBaile Átha Cliath, agus tá naisc láidre teaghlaigh aici le Tuaisceart Éireann, agus is féidir an tionchar sin a chloisteáil ina stíl cheoil. Sheinn sí ar raidió agus ar theilifís náisiúnta na hÉireann agus ag imeachtaí beo amhail le Féile Róise Rua (Árainn Mhóir), Féile Amhránaíochta Traidisiúnta Inis Eoghain, Body and Soul, Féile Rozhybkosti (an tSlóvaic), North Atlantic Fiddle Convention (Doire & Obar Dheathain), Minnesota Irish Musicians Weekend (SAM), agus Féile Éireannach Chóbanhávan. Chomhoibrigh sí ar thionscadail le healaíontóirí éagsúla eile lena n‑áirítear an t‑amhránaí Vincent Doherty agus na grúpaí VARO (Consuelo Breschi agus Lucie Azconaga) agus NORTH (Danny Diamond agus Conor Caldwell). 

    Sheol Helen a céad albam ina bhfuil amhránaíocht gan tionlacan sa bhliain 2018. Tá taifeadtaí déanta aici le VARO (2020), i gcomhar le Vincent Doherty (The High Walls of Derry, 2013) agus is féidir í a chloisteáil ar an díolaim Tunes in the Church (2010).

    Suíomh gréasáin
    helendiamond.net
  • Eoghan Ó Curraighín

    Saineolaí oidhreachta

    Eoghan Ó Curraighín

    Tá iomrá ar Eoghan Ó Curraighín, as Teileann, Co. Dhún na nGall, mar scéalaí. Bhain sé Corn Neidí Frainc, an gradam is mó le rá dá bhfuil ann i dtaca leis an scéalaíocht, sé huaire ag Oireachtas na Gaeilge agus is iomaí duais aitheantais eile a bronnadh air. Bíonn Eoghan ag gabháil don chaoladóireacht fosta agus tá eolas fairsing aige ar an bhéaloideas, ar an stair agus ar cheirdeanna dúchais na hÉireann.

Co-funded by the European Union

Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar/na húdair amháin na tuairimí agus na dearcthaí a léirítear agus ní gá gur léiriú iad ar thuairimí agus dearcthaí an Aontais Eorpaigh nó na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúr (EACEA). Ní féidir freagracht a chur ar an Aontas Eorpach ná ar an EACEA astu.

  • Kansalaisfoorumi
  • Asociatia Perseidele
  • Blue Beehive
  • Oideas Gael
  • University of Eastern Finland

© HEART 2024

heart@oideasgael.ie