Cur chuige rannpháirtíochta

Arna réiteach ag
University of Eastern Finland
Oideas Gael
Kansalaisfoorumi

Is ionann cur chuige rannpháirtíochta agus cur chuige i leith an teagaisc a dhíríonn ar an fhoghlaimeoir agus ina leagtar béim ar pheirspictíochtaí pearsanta foghlaimeoirí agus ar fhéintógáil an eolais. Is cur chuige machnamhach é i leith an teagaisc agus, de ghnáth, úsáidtear na téarmaí ‘idirghníomhach’ nó ‘foghlaimeoir-lárnaithe’ nuair a luaitear é (Kucharčíková & Tokarčíková, 2016). Díríonn an cur chuige rannpháirtíochta ar an chumarsáid d’fhonn iniúchadh criticiúil a spreagadh i leith na dtuairimí éagsúla a chothaíonn díospóireachtaí comhaimseartha faoi cheisteanna a bhaineann le todhchaí an chine dhaonna (Öhman & Öhman 2013, 325).

Is den riachtanas é go dtugann an t-oide nó an t-éascaitheoir spreagadh don fhoghlaimeoir dul i mbun foghlama mar thoradh ar a spéis féin, bíodh sé sin i gcomhthéacs obair ghrúpa nó mar dhuine aonair. Don oide, fágann cur chuige rannpháirtíochta go nglacann siad ról éascaitheora orthu féin, mar shampla ag pleanáil na ngníomhaíochtaí foghlama in éineacht leis na rannpháirtithe, ag reáchtáil obair ghrúpa ar bhealach níos solúbtha nó tascanna a chruthú a éilíonn féinmhachnamh breise ó na rannpháirtithe maidir lena gcuid foghlama. I gcás na rannpháirtithe, ciallaíonn sé go bhfuil gá le rannpháirtíocht ghníomhach. Ba cheart go mbeadh na rannpháirtithe ag glacadh páirt ghníomhach i gcinntí a bhaineann lena gcuid foghlama, ag comhoibriú go dúthrachtach lena gcomhfhoghlaimeoirí, agus ag díriú ar mhachnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama féin le linn an chúrsa. Baineann an cur chuige rannpháirtíochta foriomlán leis an bhéim a aistriú ón oide go dtí na rannpháirtithe. 

Tá rannpháirtithe threoirstaidéar UEF agus an t-oide ealaíne Miia Rosenius i ndiaidh teacht le chéile thart ar bhord chun plé a dhéanamh ar sheanghrianghraif i gceann de na seisiúin cheardlainne.

Modhanna rannpháirtíochta: samplaí ó na treoirstaidéir

Rinneadh an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chaomhnú agus a chur chun cinn in HEART tríd an oideachas ealaíne phobalbhunaithe, agus is cuid lárnach den choincheap sin é cur chuige rannpháirtíochta.

I dtreoirstaidéar Ollscoil Oirthear na Fionlainne d’oibrigh muid le muintir shráidbhaile Mujejärvi. Mhínigh muid dóibh cuspóirí an tionscadail agus na rudaí ba mhaith linn a bheith againn mar thoradh ar an chlár. Thug muid orthu, mar shaineolaithe ar a n‑oidhreacht chultúir dholáimhsithe féin, smaoineamh ar conas agus cathain a bhí an oidhreacht chultúir dholáimhsithe i láthair ina saol. Rinneadh é sin i gceardlanna a dhírigh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le seanghrianghraif; ag dul i mbun agallaimh leis na seanghrianghraif agus na seanghrianghraif a chur i bpéirí le grianghraif nua ón lá atá inniu ann. Cruinníodh smaointe i leith taithí agus scéalta a bhí ceangailte leis na péirí grianghraf seo. Eispéireas foghlama a bhí ann do na rannpháirtithe agus don fhoireann éascaíochta araon agus béim an phróisis ina iomláine á coinneáil ar na rannpháirtithe. Is bealach amháin é seo chun modh rannpháirtíochta a úsáid in éineacht leis an ealaín, plé agus an fhoghlaim thionscadalbhunaithe chun iniúchadh breise a dhéanamh ar théama oidhreachta agus í a chur ar taispeáint.

I dtreoirstaidéar Kansalaisfoorumi, baineadh úsáid as ceardlanna, clinicí fíorúla agus ceiliúradh deiridh, iad uile deartha chun rannpháirtíocht agus tuiscint na rannpháirtithe ar an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a dhoimhniú. Bhain muid úsáid as go leor cineálacha gníomhaíochtaí rannpháirtíochta, ó mheabhairmhapaí a dhéanamh go cineálacha éagsúla cleachtaí scríbhneoireachta (scríbhneoireacht chéadfach, scríbhneoireacht a spreagadh ag an cheol, pearsanú scríbhneoireachta, guth a thabhairt d’earraí cultúrtha, féintuairisciú trí chrainn a úsáid mar mheafar agus níos mó!). Sna clinicí fíorúla, tugadh deis do na rannpháirtithe an téacs a scríobh siad féin a bhaineann leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a thabhairt leo. Réitigh na rannpháirtithe téacsanna beathaisnéiseacha, seanfhocail agus dánta nua etc. Thug an t‑éascaitheoir agus na rannpháirtithe eile aiseolas ar théacs gach duine. Bhí an cur chuige an-phraiticiúil: Cad é atá tábhachtach sa téacs seo agus cad iad na hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh chun é sin a thabhairt chun cruinnis? Chuidigh sé seo leis na scríbhneoirí freagracht a ghlacadh as a dtéacs féin agus chruthaigh sé spás le haghaidh tacaíocht idir phiaraí. 

I dtreoirstaidéar Blue Beehive, bhí seans ag na rannpháirtithe earraí ceirmeacha a chruthú le cabhair ó oide ealaíne i réimse na criadóireachta. Ní raibh i gceist leis an obair ach earraí a chruthú, ach fuarthas eolas faoi thábhacht na criadóireachta, na buntáistí a bhaineann léi do shláinte choirp agus mheabhrach agus an taobh cruthaitheach a bhaineann léi. Sa dara ceardlann, rinne na rannpháirtithe dhá ghníomhaíocht: léitheoireacht agus criadóireacht. Léadh sleachta as leabhar faoi chultúr agus traidisiúin choitianta an cheantair (La carabassa Tomasa) agus rinneadh trácht ar an ábhar. Rinneadh ceangal leis an chriadóireacht mar tugadh ar na rannpháirtithe puimcín cré a chruthú dálta phríomhcharachtar an leabhair.

I dtreoirstaidéar Asociatia Perseidele, reáchtáladh trí lá de cheardlanna praiticiúla, inar chuir na rannpháirtithe eolas ar ghné den oidhreacht dholáimhsithe ón Trasalváin, is é sin troscán péinteáilte de réir na stíle Sacsanaí. Le cabhair ó cheathrar ealaíontóirí oilte, bhain na rannpháirtithe triail as péintéireacht adhmaid sa stíl thraidisiúnta seo. Le linn na dtrí lá, fuair na rannpháirtithe eolas ní hamháin ar phraiticiúlachtaí na stíle ealaíne, ach chuir na hoidí ealaíne ar an eolas iad freisin faoi stair agus faoi fhealsúnacht na ndaoine a chruthaigh an ealaín seo. Chuidigh sé sin leis na rannpháirtithe tuiscint iomlán a fháil ar na traidisiúin, mar thuig siad cá has a dtagann an ealaín agus cad iad na foinsí inspioráide di.

I dtreoirstaidéar Oideas Gael, bhí dhá fheidhm ag ‘oíche oscailte’ réamhchúrsa, mar atá, an cúrsa a fhógairt agus raon imeachtaí an chúrsa a shainiú. Fógraíodh an tionscadal mar chúrsa neamhfhoirmiúil a cheanglódh gnéithe den cheol traidisiúnta agus den oidhreacht áitiúil. Fágadh mórán ceisteanna i dtaca le cruth an chúrsa, an rogha ábhair agus ceoil, agus na modhanna trína réiteofaí na ceisteanna seo uilig gan fhreagra ag an staid sin. Dá bhrí sin, san oíche oscailte agus le linn luathsheisiúin an chúrsa, d’oibrigh rannpháirtithe agus oidí le chéile chun an próiseas oibre agus an toradh deiridh a chomhdhearadh. Rinne an saineolaí oidhreachta roinnt scéalta traidisiúnta a aithris agus léirigh na rannpháirtithe spéis ar leith in dhá scéal a chruthaigh nasc idir dhá shuíomh a bhfuil tábhacht ag baint leo sa cheantar áitiúil. Spreagadh na rannpháirtithe go léir chun píosaí ceoil a aimsiú nó a aithint a raibh baint théamach acu leis na scéalta, agus chum roinnt rannpháirtithe a gcuid saothar féin. Rinneadh an t‑ábhar a bhí mar thoradh ar an phróiseas seo a chur in eagar, a chleachtadh agus a chur i láthair mar cheolchoirm phoiblí.

Ag dul i ngleic leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe ó dhearcadh tosaigh na rannpháirtithe féin

Agus ábhair a bhaineann leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe á bplé, bíonn sé tábhachtach a aithint gur gá dul i ngleic leis an ábhar ó dhearcadh tosaigh na rannpháirtithe féin de ghnáth, is cuma cé acu nach bhfuil mórán eolais acu nó más saineolaí iad cheana féin ar an ábhar atá á theagasc, á chur chun cinn nó á chaomhnú.

Ag tosú le plé ginearálta ar an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe, na cruthanna agus na bríonna a bhaineann léi, moltar eolas na rannpháirtithe ar an ábhar a thomhas. Cuireann an cineál machnaimh seo deis ar fáil cheana féin inar féidir foghlaim faoi oidhreacht chultúir dholáimhsithe an duine féin nó faoi oidhreacht chultúir dholáimhsithe daoine eile; d’fhéadfadh rudaí a mheastar a bheith ina gcuid de ghnáthshaol laethúil duine a bheith ina samplaí luachmhara den oidhreacht chultúir dholáimhsithe do dhaoine eile. Tháinig samplaí den tsórt sin chun cinn i dtreoirstaidéir HEART, áit ar thosaigh rannpháirtithe ag tabhairt na hoidhreacht cultúrtha doláimhsithe faoi deara i ngnéithe dá saol nach ndearna siad aon iontas díobh roimhe sin. Is áit é sin inar féidir le foghlaim bhunathraitheach teacht i gceist freisin.

Seo thíos roinnt tuairimí ar an ábhar ó na hoidí ealaíne a bhfuil baint acu le HEART, agus samplaí den chaoi a ndeachaigh ár modhanna rannpháirtíochta i bhfeidhm ar thaithí na rannpháirtithe i dtaca le bheith páirteach i bpobal oidhreachta, nó an spreagadh a mhothaigh siad chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chosaint.

Tuairimí na n‑oidí ealaíne i dtaobh ICH a iniúchadh ó dhearcadh tosaigh na rannpháirtithe féin

  • Ba chóir go mbeadh an túsphointe an-oscailte i gcónaí, lig don phróiseas a bheith cruthaitheach ón tús. Cruthaíonn sé seo taithí atá éagsúil ó na seisiúin réamhphleanáilte.
  • Ná cuir tús leis trí “Seo mar a dhéanfaimid é seo...” a rá ach lig do gach rud carnadh suas sa phlé agus in éineacht leis na rannpháirtithe.
  • Daoine a spreagadh chun go leor ceisteanna a chur, cuidíonn sé sin leis an éiginnteacht agus cuireann sé plé idir rannpháirtithe chun cinn freisin (d’fhéadfadh pointí tosaigh agus eolas difriúil a bheith ag daoine agus cuireann plé idir phiaraí an machnamh chun cinn)
  • Tarraing aird ar na rudaí atá pléite agus ar eolas cheana féin ag na rannpháirtithe -> laghdaigh an éiginnteacht a bhaineann “gan é sin a bheith ar an eolas” agus cuir an smaoineamh gur cheart muinín a bheith agat as an phróiseas chun cinn.
  • Mar éascaitheoir nó mar oide, bíodh intinn oscailte agat agus dírigh ar chumarsáid oscailte a dhéanamh leis na rannpháirtithe faoin phróiseas.

‘An gcreideann tú gur chuir an obair sna ceardlanna le do thaithí ar na rudaí seo a leanas?’ Ceistneoir do rannpháirtithe na dtreoirstaidéar (18.12.2023)

‘An gcreideann tú go bhfuil méadú tagtha ar do thaithí ar na rudaí seo a leanas de bharr a bheith ag obair sna ceardlanna?’ Ceistneoir do rannpháirtithe na dtreoirstaidéar (18.12.2023)

Oideachas ealaíne pobalbhunaithe agus cur chuige rannpháirtíochta: ag tarraingt ar eolas na rannpháirtithe 

Is de dhlúth agus d’inneach an oideachais ealaíne phobalbhunaithe cur chuige rannpháirtíochta a úsáid. Maíonn Butterwick & Creideann Roy (2020, 90) gur féidir le cur i láthair ealaíonta agus cruthaitheach, a dhéantar go tuisceanach, tacú le cineálacha cainte agus éisteachta thar teorainneacha a bhaineann le difríochtaí agus cabhrú linn tuiscint a fháil orainn féin agus ar dhaoine eile. Chonacthas seo i dtreoirthionscadail uile HEART sna modhanna agus sna ceachtanna a úsáideadh chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chur chun cinn agus a chaomhnú. Is féidir leat gach ceann de na ceachtanna samplacha ó oidí ealaíne thionscadal HEART a fheiceáil ach clib na gceachtanna a roghnú i rannóg na n‑uirlisí.

Go praiticiúil, cuimsíonn modhanna rannpháirtíochta:

  • Ealaín a chur chun feidhme 
  • Plé gníomhach a dhéanamh
  • Na rannpháirtithe a threorú chun fadhbanna a réiteach
  • Foghlaim bunaithe ar thionscadail a úsáid (cur chuige treorach maidir leis an fhoghlaim trí dhul i ngleic le tionscadail)
  • Scéalaíocht a úsáid
  • Ceistiúchán oscailte le linn na foghlama
  • Teagasc idir phiaraí chun foghlaimeoirí a spreagadh

Cuid riachtanach den mhachnamh is ea leas a bhaint as eolas na rannpháirtithe agus plé oscailte a bheith ann, chomh maith le hoideachas i dtaca le bunghnéithe na hoidhreachta cultúrtha doláimhsithe a thairiscint, ionas gur féidir le heispéiris foghlama bhunathraitheacha tarlú. Nuair a ghlacann an t‑oide níos mó de ról treorach tugtar deis do na rannpháirtithe, ag brath ar théama na hoidhreachta cultúrtha doláimhsithe atá á phlé, a bheith ina saineolaithe sa tseomra.

I gcás threoirstaidéar Ollscoil Oirthear na Fionlainne, áit arbh é an sráidbhaile an príomhthéama, caitheadh le muintir an tsráidbhaile mar shaineolaithe ar a n‑oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe féin ón tús, cé nár thuig siad go hiomlán ag an staid sin cad í a n‑oidhreacht chultúrtha féin ná an luach atá aici. Sin é an fáth gurbh é an cur chuige pobalbhunaithe agus rannpháirtíochta an bealach ab fhearr chun ár sprioc a bhaint amach i dtaca le téamaí oidhreachta a bhaineann le sráidbhailte a chur chun cinn agus a chaomhnú. Thóg muid taispeántas le scéalta agus grianghraif i gcomhar le muintir an tsráidbhaile agus iad ina bhfoinsí agus ina dtreoraithe maidir le hábhar agus leagan amach an taispeántais.

D’fhéadfadh nach n‑aithneodh na rannpháirtithe, i dtús an tionscadail, go bhfuil oidhreacht chultúir dholáimhsithe luachmhar acu ach go samhlódh siad cuid de na cleachtais sin le gnáthchúrsaí an tsaoil. Is é sin an tábhacht a bhaineann le leas a bhaint as a gcuid eolais; óir ba shaineolaithe ar a n‑oidhreacht féin a bhí i rannpháirtithe an tsráidbhaile, cé nár cheap siad ar dtús go raibh gach cuid den oidhreacht sin luachmhar nó gur gá é a chaomhnú. Trí phlé a dhéanamh ar an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe agus tríd na rannpháirtithe a spreagadh i dtreo an mhachnaimh, tháinig athrú ar an dearcadh sin, agus fuair siad amach go bhfuil tréan oidhreachta acu, oidhreacht gur gá ní hamháin í a chaomhnú ach í a chur chun cinn agus a chosaint freisin.

Leabhareolas

Kucharčíková, A., & Tokarčíková, E. (2016). Use of participatory methods in teaching at the university. TOJSAT, 6(1), 82–90

Ohman, J., & Ohman, M. (2013). Participatory approach in practice: an analysis of student discussions about climate change. Environmental Education Research, 19(3), 324–341. https://doi.org/10.1080/13504622.2012.695012

Butterwick, S., & Roy, C. (2020). Finding voice and engaging audiences: The Power of Arts-Based Community Engagement. In Doing Critical and Creative Research in Adult Education (pp. 89-). BRILL. https://doi.org/10.1163/j.ctv2gjwzkt.14