An teicneolaíocht agus timpeallachtaí fíorúla a úsáid

Arna réiteach ag
University of Eastern Finland

Is féidir le timpeallachtaí fíorúla agus teicneolaíochtaí eile a bheith ina n‑uirlis chumhachtach chun oideachas a chur ar dhaoine faoin Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe. Is féidir leis an teicneolaíocht timpeallacht foghlama a chruthú atá tarraingteach agus idirghníomhach do na rannpháirtithe, ar dhóigh a spreagfaidh iad chun an oidhreacht a chosaint.

Féach thíos liosta d’uirlisí éagsúla ar féidir leat triail a bhaint astu, agus féach na hailt eile sa chatagóir seo maidir le taispeántais fhíorúla a thógáil, ceamaraí 360 a úsáid agus acmhainní digiteacha seachtracha a aimsiú chun cur le do straitéisí teagaisc.

Liosta uirlisí digiteacha

Thóg muid an liosta seo chun tú a chur ar an eolas faoin oiread uirlisí éagsúla agus is féidir sa tslí a mbeidh tú in ann an teicneolaíocht a thabhairt isteach i do chleachtas teagaisc. Bain triail astu agus cuir le do thaisce acmhainní iad!

Is éard atá sa liosta ná uirlisí a bhaineann le go leor cuspóirí éagsúla lena n‑áirítear spásanna fíorúla a chruthú, cuir i láthair, dearadh grafach agus idirghníomhaíocht, tráth na gceist agus uirlisí rannpháirtíochta, uirlisí comhoibrithe, suíomhanna gréasáin a thógáil, uirlisí don chomhroinnt agus uirlisí a bhaineann le samhlacha 3D, chomh maith le roinnt eolais faoin intleacht shaorga agus faoi shamhlacha móra teanga.

Scrollaigh an taispeántas sleamhnán le haghaidh eolas ginearálta agus naisc chuig na huirlisí digiteacha, maille le moltaí úsáide agus samplaí.

Príobháideachas sonraí & ceadanna

Agus an teicneolaíocht á húsáid agat, tá sé tábhachtach i gcónaí cuimhneamh ar na dlíthe agus na rialacháin uilig go léir a bhaineann le do chuid oibre. I gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh, baineann sé sin le feasacht ar threoirlínte an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus comhlíonadh na dtreoirlínte sin. Ag cloí leis na treoirlínte seo agus le cleachtais ghinearálta príobháideachta sonraí chun sonraí a bhailiú ar bhealaí atá eiticiúil agus freagrach, tá sé an-tábhachtach meas a bheith agat ar rannpháirtithe agus muinín a choinneáil sa phróiseas oideachais fhoriomlán—nuair atá an teicneolaíocht á húsáid agus i gcoitinne.

  • Má tá aon chineál sonraí pearsanta á mbailiú agat (grianghraif, taifeadtaí fuaime, físeáin...) bí cinnte go bhfaighidh tú toiliú agus cead cuí ó na rannpháirtithe le haghaidh do chuid oibre agus bí ar an eolas faoi chearta na rannpháirtithe (rochtain ar a gcuid sonraí, sonraí a scriosadh, etc.).
  • Cuir in iúl do na rannpháirtithe i gcónaí conas go díreach a úsáidfidh tú agus a stórálfaidh tú na sonraí a bhaileofar. Is féidir é seo a dhéanamh go praiticiúil le foirm thoilithe agus cheada a thugann tú do na rannpháirtithe go léir. Mar shampla, i dtimpeallacht cheardlainne, is féidir é seo a dhéanamh i dteannta ceistneoir rannpháirtí ag tús an tseisiúin chun tuiscint ICH i measc na rannpháirtithe a mheas agus, san am chéanna, tuiscint a thabhairt dóibh ar na sonraí a bheidh á mbailiú.
  • Tá an trédhearcacht ríthábhachtach, bí cinnte mionléiriú a dhéanamh i gcónaí ar na sonraí a bhaileofar, ar an dóigh a n-úsáidfear iad, agus ar na daoine a mbeidh rochtain acu orthu. Is iad seo na rudaí a chaithfear a shoiléiriú do na rannpháirtithe go léir. Cuimhnigh freisin gan sonraí iomarcacha nó neamhábhartha a bhailiú a d'fhéadfadh príobháideacht na rannpháirtithe a chur i mbaol. Mar sin, bailítear a laghad sonraí agus atá riachtanach!

Má tá tú chun uirlisí atá liostaithe anseo nó roinnt uirlisí nó ardáin oideachais tríú páirtí eile a úsáid i do chuid oibre, bí cinnte i gcónaí na beartais agus na cleachtais phríobháideachta sonraí a bhaineann leo siúd a fhiosrú.

Leabhareolas

Data Protection under GDPR. 2022. An Coimisiún Eorpach. Europa.eu. Faighte 14.5.2024. https://europa.eu/youreurope/business/dealing-with-customers/data-protection/data-protection-gdpr/index_en.htm