Ceacht le grianghraif: Agallamh le seanghrianghraif

Arna réiteach ag
University of Eastern Finland

Réamhrá

Is féidir tabhairt faoin cheacht in éineacht le seanghrianghraif agus grianghraif nua a chur i bpéirí (le linn an tseisiúin chéanna nó mar cheann de dhá cheardlann i ndiaidh a chéile).

Sa cheacht seo, déantar seanghrianghraif a phlé agus a iniúchadh le grúpa. Éascaítear plé faoi na grianghraif agus na cuimhní cinn, na heispéiris nó na mothúcháin a bhaineann leo i measc na rannpháirtithe. Níor cheart go mbeadh líon na ndaoine sa ghrúpa don cheacht seo rómhór (b’fhearr 4–7 rannpháirtí) ach i gcás go mbíonn lucht freastail níos mó ann is féidir iad a roinnt ina ngrúpaí beaga d’fhonn an éisteacht agus an chomhroinnt, an ceistiú agus an fhreagairt a spreagadh.

An buntáiste a bhaineann leis an ghníomhaíocht seo ná nach bhfuiltear ag brath go mór ar aon chineál oidhreachta faoi leith a bheith faoi chaibidil, ach ní mór roinnt grianghraf a bhaineann le hábhar a bhailiú roimh ré. Baineadh úsáid as an cheacht seo i dtionscadal de chuid HEART chun téamaí i dtaobh sráidbhailte a iniúchadh. Grúpa daoine níos sine a bhí mar rannpháirtithe sa chás seo agus díríodh ar sheanghrianghraif go sonrach, ach d’fhéadfaí gníomhaíocht den chineál chéanna a úsáid freisin le haoisghrúpaí níos óige le seanghrianghraif (smaoinigh agus pléigh conas agus cén fáth a bhfuil an grianghraf seo ceangailte leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe?) nó le grianghraif níos nua-aimseartha (cén cineál Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe atá i gceist sa phictiúr nó a bhfuil ábhar an ghrianghraif seo mar thoradh air?).

Tríd is tríd, is modh an-oscailte é a bheith ag obair le grianghraif sa stíl cheardlainne seo agus is féidir an cur chuige a leasú chun freastal ar do chuid riachtanas féin, ag brath ar do spriocghrúpa agus an tacar grianghraf atá ar fáil. “Scaoil leis an ghá atá agat a fhios a bheith agat i gcónaí, lig duit féin seal a chaitheamh i ngan fhios, agus lig duit féin a bheith ag foghlaim freisin.”

Agallamh leis na seanghrianghraif

Cuspóir agus aidhm(eanna) an cheachta

  • Seanghrianghraif a iniúchadh
  • Idirphlé a spreagadh faoi na rudaí a fheictear sna grianghraif, na cuimhní cinn, na heispéiris, na mothúcháin

Conas/cén fáth a spreagann an ceacht seo foghlaim bhunathraitheach?

  • Bíonn an t‑idirphlé scaoilte agus oscailte, agus is iad na rudaí a bhfuil spéis ag na rannpháirtithe féin iontu a bhíonn ina n‑ábhar cainte.
  • Nuair a labhraíonn duine faoi chuimhne nó eispéireas, roinntear tuairimí éagsúla.
  • Cruthaíonn idirphlé oscailte spás muiníne inar féidir le rannpháirtithe a bheith sábháilte agus iad ag roinnt agus ag foghlaim.
  • Is réimse é an t-idirphlé ina n‑éistear agus ina roinntear, ina bhfiafraítear agus ina bhfreagraítear, ina smaoinítear agus ina n‑athmheastar smaointe agus samhlaíocht

An líon rannpháirtithe is fearr

  • D’fhonn comhrá líofa agus braistint muiníne agus rannpháirtíochta a chinntiú, níor cheart go mbeadh líon na rannpháirtithe rómhór.
  • Bheadh 4–7 rannpháirtí ghníomhacha ar fheabhas.
  • Má tá níos mó rannpháirtithe agat, is féidir leat na rannpháirtithe a roinnt i ngrúpaí níos lú lena n‑ábhair féin a phlé.

Fad

  • Má tá go leor grianghraf agus ábhar agat, is maith an rud é iad a scrúdú laistigh de thréimhsí níos giorra.
  • Bheadh 1–1.5 uair an chloig ina tréimhse shásúil éifeachtach.
  • Tabhair aird ar an atmaisféar, agus glac go leor sosanna gearra, bíonn go leor fuinnimh de dhíth chun páirt a ghlacadh i gcomhphlé gníomhach.

Ábhair atá de dhíth

  • Seanghrianghraif.
  • D'fhéadfadh seanphictiúir eile a chur san áireamh freisin, cosúil le gearrthóga as irisí.
  • Trealamh taifeadta chun an comhrá  a thaifeadadh más mian leat é a úsáid le haghaidh téacsanna nó d’fhonn an chanúint nó an chaint a chaomhnú ar bhealach éigin.
  • Más mian leat, is féidir leat nótaí a dhéanamh le peann agus páipéar le linn an cheachta—is féidir leis an oide ealaíne é seo a dhéanamh—nó is féidir leat socrú a dhéanamh le chéile más mian le cuid de na rannpháirtithe na nótaí a ghlacadh.

Treoracha céim ar chéim

  • Bailigh na rannpháirtithe le chéile, mar shampla thart ar thábla, ionas gur féidir le gach duine a chéile a fheiceáil agus a chloisteáil.
  • Cuir na pictiúir ar an tábla.
  • Cuir tús le comhrá, is féidir leat é seo a dhéanamh trí rud éigin a fhiafraí faoi na grianghraif uilig nó faoi ghrianghraf amháin.
  • Lig do dhaoine labhairt faoi na grianghraif agus na téamaí a bhfuil spéis acu iontu.
  • Ba cheart duit an t-idirphlé agus an rannpháirtíocht a threisiú, éisteacht, ceisteanna a chur, spéis a bheith agat, agus a chinntiú go mbíonn gach duine rannpháirteach.
  • Más gá, is féidir leat an comhrá a threorú le ceisteanna — is féidir leat ábhar a réitíodh cheana a úsáid e.g. ceisteanna ó Roth na hOidhreachta Beo.
  • Ba cheart don ghrúpa le chéile téamaí oidhreachta a aimsiú a théann i bhfeidhm oraibh.
  • Déan achoimre ar an ghníomhaíocht trí nótaí a dhéanamh de na téamaí agus na grianghraif a roghnaigh sibh le chéile.

Rudaí riachtanacha eile

  • Ní mór na grianghraif agus na pictiúir a phriontáil agus ar chaighdeán atá maith go leor le gur féidir le gach duine iad a bhreithniú gan stró.
  • Is féidir leat úsáid a bhaint as ábhar atá bailithe agus réidh cheana féin, e.g. cartlanna Finna. (Seirbhís chuardaigh Fhionlannach is ea Finna chun teacht ar ábhar ó chartlanna, leabharlanna, músaeim agus eagraíochtaí eile. Cuimhnigh go bhféadfadh ábhar cartlainne a bheith faoi chóipcheart!)
  • D’fhéadfaí an cleachtadh seo a dhéanamh níos pearsanta freisin trí iarraidh ar na rannpháirtithe a seanghrianghraif féin a thabhairt leo agus na scéalta taobh thiar díobh a roinnt.

Leideanna don oide

  • Is teagascóir tú, ach is féidir leat tú féin a mheas mar cheann de na rannpháirtithe fosta sa chás seo.
  • Scaoil leis an ghá go mbeidh a fhios agat i gcónaí, bíodh muinín agat as an phróiseas agus lig duit féin a bheith ag foghlaim.
  • Is ceadmhach duit páirt a ghlacadh sa phróiseas agus san idirphlé freisin agus do chuid smaointe féin faoi na téamaí a roinnt.
  • San am chéanna, is furasta dearmad a dhéanamh ort féin sa phróiseas freisin – ná déan dearmad aird a thabhairt ar chuspóir agus aidhm an cheachta.