Ceacht: Ag scríobh sa cheol
- Arna réiteach ag
- Kansalaisfoorumi
- Údar
- Timo Harju
Is é cuspóir an cheachta seo amhábhar a ghiniúint ar féidir é a úsáid níos déanaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus an ceol traidisiúnta in úsáid mar fhoinse inspioráide. Baineann an ceacht le spraoi a bheith agat agus bacanna scríbhneoireachta a shárú. Is féidir le scríbhneoireacht sa cheol cuimhní cinn a spreagadh agus cabhrú le rannpháirtithe naisc nua a aimsiú leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe ina saol féin.
An líon rannpháirtithe is fearr: 6–20
Fad: 10–15 nóiméad
Ábhair atá de dhíth: Peann agus páipéar. B’fhearr ceol beo a bheith ar fáil ach is féidir éisteacht le taifeadadh ceoil freisin.
Treoracha céim ar chéim
- Seinneann duine éigin ceol (traidisiúnta) le huirlis cheoil nó trí ghléas cuí.
- Éisteann na rannpháirtithe agus bíonn siad ag scríobh leo, gan a gcuid peann a chur síos, go dtí go dtagann stad leis an cheol.
- I ndiaidh na tréimhse scríbhneoireachta, iarrtar ar na rannpháirtithe líne a chur faoi chodanna den téacs a scríobh siad a bhaineann go mór leo féin.
- Is féidir labhairt ar na codanna a bhfuil líne fúthu agus plé a dhéanamh orthu, más mian leis na rannpháirtithe sin.
Leideanna don oide: Is í an riail is tábhachtaí maidir le bheith ag scríobh sa cheol ná nár cheart stad a chur le gluaiseacht an phinn. Is fiú a chur ina luí ar na rannpháirtithe gur chóir dóibh iad féin a thumadh isteach sa cheol agus sa scríbhneoireacht agus nach gá go mbeadh an téacs críochnaithe faoi dheireadh an cheachta. Uaireanta, is leor seo mar threoir don rang. Muna bhfuil taithí ag an rang ar ghníomhaíochtaí scríbhneoireachta mar seo, nó más mian leat téama faoi leith a iniúchadh, is féidir leat ábhar a lua leis an scríbhneoireacht fosta, ar mhaithe leis an chruthaitheacht a scaoileadh agus a threorú. Rogha mhaith amháin, má bheartaíonn tú é seo a dhéanamh, ná iarraidh ar dhaoine cur síos a dhéanamh ar áit faoi leith. Cuirtear ceist ar na rannpháirtithe: “Cén cineál áite a mheabhraíonn an ceol seo duit? Déan cur síos ar an áit agus lean ort ag scríobh gan stad fad agus a bheidh an ceol ar siúl!”
Físeán léiritheach
Féach ar an fhíseán a bhaineann leis an aonad seo agus feicfidh tú conas a reáchtáladh an ceacht inár dtreoirstaidéar Fionlannach, agus na cineálacha smaointe a spreag stíl cheoil Kaustinen i measc na rannpháirtithe.