Conas a aithníonn muid an oidhreacht?

Arna réiteach ag
Asociatia Perseidele
Údair
Marioara Pascu, Ileana Pătru- Stupariu

I ngan fhios dóibh féin, foghlaimíonn daoine faoin oidhreacht ó aois a n‑óige i leith. Cuireann muid eolas uirthi mar leanaí óga, agus is iad seo a leanas na réimsí ina mbíonn teagmháil againn leis an oidhreacht dholáimhsithe i dtosach báire:

  • Teaghlach: tríd an tseanchas, na amhráin, na finscéalta agus na tomhaiseanna go léir a d’inis ár seantuismitheoirí dúinn, tríd na féilte a ndéantar ceiliúradh orthu inár bpobail agus ar fhreastail ár dtuismitheoirí agus ár seantuismitheoirí orthu; tríd na hearraí agus na déantáin go léir a aimsíonn muid i dtithe ár seantuismitheoirí, a choinnítear go han-chúramach ina seomraí aíochta agus ina seomraí codlata; tríd na scileanna a chleacht siad a fhoghlaim, trína gcanúint agus a máthairtheanga a fhoghlaim, trí eolas a chur ar luibheanna.
  • Saol sóisialta an tsráidbhaile/an phobail: trí pháirt a ghlacadh in imeachtaí pobail a dhéanann ceiliúradh ar thimthriall na beatha (baisteadh, póstaí, sochraidí), féilte reiligiúnacha, ceiliúradh tuaithe ar nós Lá an Fhómhair, carnabhail, aontaí, féilte, etc.
  • An eaglais: Tugann an eaglais sinn isteach sa domhan spioradálta agus tugann sí le chéile muid leis an teaghlach agus leis an phobal chun an saol agus an bás araon a chomóradh, féilte reiligiúnacha a cheiliúradh, siombalachas Críostaí agus siombalachas creideamh eile a fhoghlaim.
  • Ar scoil: buanaíonn an scoil na traidisiúin agus na cleachtais choitianta a fhoghlaimítear sa teaghlach, sa phobal agus san eaglais trí ghníomhaíochtaí seach-churaclaim amhail cuairteanna ar mhúsaeim, ar thithe cuimhneacháin, ar dhúnta, ar chaisleáin, agus ar chartlanna ina gcuireann muid eolas ar ilghnéitheacht na hoidhreachta.
  • Na meáin agus modhanna eile chun an oidhreacht a chur chun cinn.
  • Turasóireacht.

Ach cé hiad gníomhaithe na hoidhreachta cultúrtha?

Ag cur san áireamh gur cruthaíodh an oidhreacht chultúrtha le himeacht ama trí rannpháirtíocht chomhchoiteann bhaill an phobail, is féidir linn a mheas gurb iad seo a leanas gníomhaithe na hoidhreachta cultúrtha:

  • Ceardaithe a bhaineann le gníomhaíochtaí traidisiúnta a éilíonn scileanna agus saineolas—eolas a fhoghlaimítear ó bhéal agus a thagann anuas chugainn ó ghlúin go glúin.
  • Baill de phobail áitiúla a chleachtann gnéithe den oidhreacht dholáimhsithe agus a fhágann a gcuid eolais ag an chéad ghlúin eile (cócaireacht, cleachtais talmhaíochta, etc.).
  • Saineolaithe oidhreachta — d’fhéadfadh ailtirí, ailtirí tírdhreacha, taighdeoirí, lucht eitneagrafacíochtaí, ceoltóirí, etc. a bheith i gceist leo seo.

Comhoibríonn na gníomhaithe sin go léir sa lá atá inniu ann agus é mar aidhm acu an oidhreacht a chaomhnú agus a shábháil toisc go bhfuil ‘luach fianaise anois ag baint le rudaí nach raibh ach luach feidhme i gceist leo san am a chuaigh thart’ (CEMAT, Comhairle na hEorpa, 2003). Cé gur léiriú í ar an oidhreacht a bhaineann leis an am atá caite, ní mór an oidhreacht dholáimhsithe/inláimhsithe a chomhtháthú i riachtanais na sochaí amach anseo (Pătru-Stupariu, 2011). Tá taighde agus sainaithint oidhreachta anois ina réimse spéise idirdhisciplíneach ina gcuirtear modhanna agus teicnící taighde an-chasta i bhfeidhm.

Uirlis úsáideach chun oidhreacht dholáimhsithe a shainaithint agus a rangú is ea na ‘Treoirlínte maidir le meastóireacht a dhéanamh ar oidhreacht tuaithe na hEorpa’ a cuireadh i láthair agus ar glacadh leo ag an 13ú Seisiún de CEMAT, Liúibleána – 2003.