Leideanna praiticiúla chun cúrsaí a eagrú agus a phleanáil

Arna réiteach ag
Kansalaisfoorumi

Ní mór roinnt ceisteanna a chur san áireamh nuair atáthar ag pleanáil agus ag eagrú ranganna nó cúrsa oideachais ealaíne. Sa bhreis ar na socruithe praiticiúla riachtanacha go léir a dhéanamh, bíonn sé tábhachtach a chinntiú go mbraitheann na rannpháirtithe go bhfuil fáilte rompu agus go mbíonn an t‑atmaisféar le linn an chúrsa sábháilte agus ionchuimsitheach. Baineann roinnt de na ceisteanna céanna seo leis na céimeanna éagsúla pleanála agus cur i bhfeidhm a bhaineann le cúrsa a eagrú agus bíonn tionchar acu ar a chéile. Bíonn sé ríthábhachtach machnamh a dhéanamh, ag an tús ar fad, ar na spriocanna foghlama atá againn do na rannpháirtithe agus cén cineál foghlama ba mhian linn a bheith ar siúl le i gcaitheamh na ranganna. Bíonn tionchar ag na spriocanna foghlama ar rogha an teagascóra, ar fhad na hoiliúna, agus ar na modhanna teagaisc a úsáidtear. Ar an láimh eile, bíonn tionchar ag na hacmhainní atá ar fáil don eagraí ar na tosca céanna freisin.

Roimh thús an chúrsa

Ábhar an chúrsa agus na spriocanna foghlama a shocrú

  • Déan iarracht príomhábhar an chúrsa a bheachtú mar aon leis na spriocanna foghlama do na rannpháirtithe. 
  • Na spriocanna foghlama a bheith ag teacht leis na hacmhainní atá ar fáil, le fad an chúrsa, agus le réamheolas agus réamhscileanna na rannpháirtithe.

Teagascóir/oide oiriúnach a aimsiú (mura bhfuil tú féin mar theagascóir nó mar mhúinteoir) 

  • Smaoinigh ar an chineál teagascóra a bheadh éifeachtach i bhfianaise phríomhábhair an chúrsa. 

Déan cur síos ar a bhfuil tú ag súil leis ón oide: cad iad na modhanna teagaisc a úsáidfear, cén saineolas atá ag teastáil, cé acu léacht ó shaineolaí nó seisiún oiliúna idirghníomhach a bheidh i gceist, agus an gá go mbeidh baint ag an oide le réimse áirithe den oideachais ealaíne. 

  • Inár dtreoirstaidéar féin, chuaigh muid i dteagmháil le pobail éagsúla ag fiosrú faoi oidí oiriúnacha dár gclár píolótach. Lorgaigh muid duine ar oide ealaíne iad agus a raibh taithí acu ar an oidhreacht chultúrtha nó a raibh suim mhór acu inti.

Fad na hoiliúna mar aon le líon agus fad na gcruinnithe a shainiú 

  • Cineál cúrsa a shocrú atá in oiriúint do na hacmhainní atá ar fáil (e.g. más gá ionad a fháil ar cíos, táille teagascóra, sceideal an teagascóra). 
  • Smaoinigh ar an mhéid ama agus tiomantais a d’fhéadfadh na rannpháirtithe a bheith sásta a thabhairt don chúrsa. 

Conradh a dhéanamh le teagascóir seachtrach 

  • Má tá teagascóir seachtrach i gceist, déan conradh ina sonraítear líon na n‑uaireanta oibre, an táille, agus téarmaí eile a bhaineann leis an obair, amhail am a leithdháiltear le haghaidh pleanáil ceachta, treoir aonair, nó meastóireacht ar obair na rannpháirtithe lasmuigh d’uaireanta ranga. Tá sé tábhachtach fosta aon saincheisteanna cóipchirt a bhaineann le hábhair teagaisc a aontú. 

Gnéithe a bhaineann le hionad an chúrsa

  • Agus ionad á roghnú do na ranganna, smaoinigh ar inrochtaineacht agus oiriúnacht an spáis le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna. Mura bhfuil an t‑ionad inrochtana, bíodh sé sin luaite san fhógraíocht. 
  • Is ionad oiliúna atá inbhuanaithe ó thaobh na héiceolaíochta de é ionad ar féidir le rannpháirtithe teacht air go héasca trí iompar poiblí.

An oiliúint a phleanáil leis an oide ealaíne (má tá teagascóir seachtrach i gceist) 

  • Am a chur ar leataobh le haghaidh pleanála agus plé d’fhonn a chinntiú go bhfuil tuiscint i bpáirt ag an eagraí agus ag an teagascóir ar na spriocanna foghlama agus ar mhodhanna oiliúna an chúrsa. 

Fógraíocht a dhéanamh ar an chúrsa don spriocphobal 

  • Smaoinigh ar do chuid spriocghrúpa(í) agus scríobh do chuid fógraí agus do chur síos ar an chúrsa ag cur an lucht féachana sin san áireamh.
  • Coinnigh téacs an fhógra don chúrsa simplí agus soiléir ionas gur féidir le rannpháirtithe féideartha a thuiscint go héasca céard a bheidh i gceist leis an chlár.
  • I gcás ár dtreoirstaidéir féin, fógraíodh an cúrsa ar na meáin shóisialta. Ina theannta sin, chuardaigh muid sonraí teagmhála do chumainn éagsúla i réimsí na hoidhreachta, an chultúir agus na healaíne, chomh maith le sonraí teagmhála do chumainn múinteoirí i réimsí éagsúla, agus sheol muid ríomhphost go díreach chuig na cumainn sin. 

Rannpháirtithe a chlárú

  • Smaoinigh ar conas agus cathain is gá duit na rannpháirtithe a chlárú don chúrsa.
  • Moltar duit sonraí teagmhála na rannpháirtithe a iarraidh tráth an chlárúcháin sa dóigh a mbeidh tú ábalta teagmháil a dhéanamh leo sula dtosóidh an cúrsa agus lena linn. 

Réamheolas a chur ar fáil do na rannpháirtithe 

  • Roimh an chúrsa, is inmholta an rud é teachtaireacht a sheoladh chuig na rannpháirtithe ina sonrófar cá mbeidh an cúrsa ar siúl, cad iad na gníomhaíochtaí atá beartaithe, cén cineál feistis a bhfuiltear ag súil leis (ag smaoineamh ar chúrsaí a mbaineann gluaiseacht nó obair shalach leo), agus na huirlisí nó na hábhair a bhfuiltear ag súil go dtabharfaidh na rannpháirtithe leo. 

Mianta agus riachtanais speisialta na rannpháirtithe a chur san áireamh agus cúrsa á phleanáil

  • Fiafraigh de na rannpháirtithe cad iad na roghanna agus na riachtanais speisialta atá acu maidir leis an oiliúint le linn an chlárúcháin agus cuir na roghanna agus na riachtanais sin san áireamh sa phróiseas pleanála. 

An t-ábhar oiliúna agus an spás a ullmhú roimh an chúrsa 

  • Ullmhaigh an spás ionas go mbeidh sé furast a bheith ag obair ann agus go mbeidh na hábhair riachtanacha ar fáil go héasca. 

Le linn an chúrsa

Atmaisféar a chruthú a chabhróidh leis an fhoghlaim 

  • Go háirithe ag tús an chúrsa, tá sé tábhachtach a chinntiú go gcuireann na rannpháirtithe aithne ar a chéile agus go mbíonn atmaisféar tacúil ann le linn na ranganna. 
  • Ba cheart don teagascóir athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte chun spás níos sábháilte a chruthú agus iad a phlé leis na rannpháirtithe, agus é mar aidhm acu comhaontú comhroinnte a bhaint amach. 
  • Ba chóir don teagascóir aird a thabhairt ar an ionchuimsitheacht a chothú agus a chinntiú go mbraitheann gach duine gur féidir leo páirt a ghlacadh de réir a gcuid spéiseanna agus a gcumas féin. 

An próiseas a threorú agus éisteacht le rannpháirtithe fosta

  • Is fiú don teagascóir plean soiléir a bheith aige maidir le conas a rachaidh an cúrsa ar aghaidh, ach ní mór don phlean solúbthacht agus athruithe a cheadú freisin bunaithe ar riachtanais na rannpháirtithe, eolas a fuarthas roimh ré, agus cumas na rannpháirtithe páirt a ghlacadh. 
  • Bíonn dhá leibhéal i gceist le hobair an teagascóra: obair a bhaineann le hábhar a theagasc agus na rannpháirtithe a thabhairt tríd an phróiseas sin ina nduine agus ina nduine, chomh maith leis an grúpa a threorú ina gcuid oibre agus obair an ghrúpa ina iomlán a éascú. 

I ndiaidh an chúrsa

Tar éis an chúrsa, is fiú aiseolas a bhailiú ó na rannpháirtithe. 

  • Inár dtreoirstaidéar, iarradh aiseolas díreach tar éis an chúrsa agus trí mhí ina dhiaidh sin arís. Inár gceistneoir, d’fhiafraigh muid freisin faoi thaithí foghlama na rannpháirtithe agus ar mhothaigh siad gur tháinig athrú ar bith ar a ndearcadh i ndiaidh tamaill. Go minic, bíonn próisis foghlama mall, agus leanann léargais nua ag teacht chun cinn i bhfad tar éis an chúrsa. 
  • Is maith an rud é breathnú ar an aiseolas in éineacht leis an teagascóir agus machnamh a dhéanamh ar an phróiseas oiliúna ar fad leo. Cuideoidh sé seo le cúrsaí eile sa todhchaí agus le cleachtais an duine féin a fhorbairt.
  • Má bhí baint ag teagascóir seachtrach leis an chúrsa, ba cheart iad a íoc de réir an chonartha. 
  • Más mian leis an oide é, is féidir deimhniú fostaíochta a sholáthar dóibh.