Ceacht samplach: Turas allamuigh

Arna réiteach ag
Oideas Gael
Údar
Helen Diamond

Comhthéacs na hÉireann: Ceann de bhuaicphointí an treoirstaidéir Éireannaigh ab ea turas allamuigh chuig séadchomhartha stairiúil áitiúil. Fothrach séipéil atá sa tsuíomh a bhí i gceist agus tá an áit seo ag croílar roinnt scéalta atá i mbéaloideas an cheantair. Sa chás seo, rinne na rannpháirtithe taighde ar an tsuíomh roimh ré agus iad ag baint úsáide as uirlisí digiteacha, agus ansin chuaigh siad chun cuairt a thabhairt ar an láthair iad féin. Chuidigh sé sin leis na rannpháirtithe ceangal inláimhsithe lena n‑oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe a bhrath. Thug na rannpháirtithe le fios gurbh fhusa na scéalta a shamhlú i ndiaidh an turais.

Comhthéacsanna eile: Tá an ceacht seo an-solúbtha agus d’fhéadfaí é a úsáid in aon chomhthéacs geografach ina bhfuil láthair a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha atá á fiosrú. 

Ainm an cheachta: Turas allamuigh.

Cuspóir agus aidhm(eanna) an cheachta: An oidhreacht a shuíomh in áit fhisiciúil.

Conas/cén fáth a spreagann an ceacht seo foghlaim bhunathraitheach? Neartaítear an nasc idir an oidhreacht dholáimhsithe agus áit inláimhsithe, rud a athraíonn ár dtuiscint ar an scéal. Feictear tionchar na hoidhreachta ar an tsaol laethúil go soiléir.

An líon rannpháirtithe is fearr: 5–10.

Fad: 2.5 uair an chloig (lón san áireamh).

Ábhair atá de dhíth: Bus, éadaí oiriúnacha.

Cur síos ar an ghníomhaíocht céim ar chéim: Bhuail an grúpa le chéile ag 12pm ar an tSatharn 11 Samhain 2023. Tharla sé seo thart ar leathbhealach trínár gcúrsa 8 seachtaine. Ag an staid seo bhí na rannpháirtithe an-eolach ar na scéalta, i ndiaidh dóibh staidéar a dhéanamh orthu go domhain sa tseomra ranga.

Chuaigh muid chuig láithreacha a luaitear sna scéalta, dhá eaglais in iardheisceart Chontae Dhún na nGall, ceann ina fhothrach agus ceann a ndearnadh atógáil air. Bhí deis ag na rannpháirtithe an dá láthair a fheiceáil agus a iniúchadh, pictiúir a phlé agus a thógáil.

Mar chríoch leis an turas bhí lón againn i gcaifé áitiúil.

Rudaí riachtanacha eile: An bus a eagrú, amantaí fágála/bailithe a phleanáil, lón a phleanáil, sláinte agus sábháilteacht, fearas garchabhrach, éadaí oiriúnacha.

Leideanna don oide: Mhair an ceacht seo ar feadh 2–3 uair an chloig, níos faide ná aon cheacht eile sa treoirstaidéar. Mar sin féin, ag amharc siar dúinn ag deireadh an chúrsa, ba í seo an ghníomhaíocht aonair ba mhó a raibh tionchar aici ar an ghrúpa. Spreag sé gach duine, na héascaitheoirí san áireamh. Chuir sé abhaile orainn go bhfuil na scéalta a chuala muid sa tseomra ranga bainteach le fíor-áiteanna fisiciúla thart orainn inár gceantar. Tá oidhreacht na scéalaíochta fréamhaithe go domhain in áiteanna agus i dtimpeallachtaí áirithe, ag ainmniú carraigeacha, aibhneacha agus gnéithe ar leith a raibh muid in ann iad a aimsiú. Mhéadaigh an turas an nasc idir muid féin agus an pobal a bhí ina gcónaí sa cheantar na céadta bliain ó shin.