Céard í an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe?

Arna réiteach ag
Asociatia Perseidele
Údair
Marioara Pascu, Ileana Pătru- Stupariu

Ní mar a chéile iad tíortha na hEorpa toisc, thar aon ní eile, go raibh difríochtaí suntasacha sna comhthéacsanna stairiúla agus cultúrtha inar fhorbair siad thar am agus spás geografach. D’fhág an cultúr a lorg ar an fhorbairt, mar sin, agus tugann muid oidhreacht chultúrtha ar an lorg sin atá fós le sonrú sa lá atá inniu ann. Is ionann an oidhreacht seo agus taisce chultúrtha a fuair muid ónár sinsir, atá anois mar oidhreacht ag daoine, pobail agus grúpaí eitneacha. Tháinig traidisiúin, nósanna, féilte, deasghnátha, béaloideas agus cleachtais éagsúla anuas chugainn ónár sinsir, mar aon le tuiscintí a bhaineann leis an dúlra nó le teangacha nó fiú le bealaí chun áthas, brón agus mothúcháin eile a chur in iúl—tuiscintí ar cheart dúinn iad a chaomhnú agus a chur ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht. Coinnítear éagsúlacht chultúrtha na hEorpa fad is atá muid in ann an oidhreacht náisiúnta dholáimhsithe ar leith atá i ngach tír a chosaint agus a chaomhnú.

Ghlac roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta ról gníomhach maidir le creat dlíthiúil agus rialála a chruthú chun an oidhreacht, idir chultúrtha agus nádúrtha, a chosaint. Sa Choinbhinsiún maidir le Oidhreacht Chultúrtha agus Nádúrtha an Domhain a Chosaint, tugann UNESCO sainmhíniú ar an oidhreacht chultúrtha mar shéadchomharthaí, mar aon le tacair foirgneamh agus láithreán, lena mbaineann sárluach uilíoch ó thaobh na staire, na healaíne agus na heolaíochta de (UNESCO, 1972). In 1982, chinn UNESCO coincheap na hoidhreachta a dhéanamh níos oscailte, agus gan a bheith teoranta do shéadchomharthaí amháin a thuilleadh, ach saothair a chur san áireamh idir inláimhsithe agus doláimhsithe a léiríonn cruthaitheacht dhaonna, i.e. teangacha, deasghnátha, creidimh, an litríocht agus saothair ealaíne, cartlanna, leabharlanna (Mitchell et al., 2011). Dá bhrí sin, de réir an Choinbhinsiúin, is réimse í an oidhreacht a chuimsíonn dhá ghné: ceann inláimhsithe (ábhartha) agus ceann doláimhsithe (neamhábhartha/sóisialta) (Ahmad, 2006).

An rud ar a dtugann muid oidhreacht dholáimhsithe inniu, is toradh í ar iarrachtaí UNESCO ó 1952 i leith (Kirshenblatt-Gimblett, 2004). Is i riocht comhaontuithe idirnáisiúnta a tháinig ann do na hiarrachtaí sin ina ndearna tíortha, trína n-ionadaithe agus trína saineolaithe, beartais náisiúnta oidhreachta a chur i bhfeidhm. Cuireadh bailchríoch orthu sin in 2003 leis an Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe (ICHC).

Sa Choinbhinsiún seo, faigheann muid an sainmhíniú is uileghabhálaí ar an oidhreacht dholáimhsithe, de réir mar a chuirtear i láthair í faoi Airteagal 2:

Is ionann an oidhreacht chultúir dholáimhsithe agus na cleachtais, léirithe, saíocht, scileanna — chomh maith leis na huirlisí, earraí, déantáin agus spásanna cultúrtha atá bainteach leo — a aithníonn pobail, grúpaí agus, i gcásanna áirithe, daoine aonair mar chuid dá n‑oidhreacht chultúrtha. Déanann pobail agus grúpaí an oidhreacht chultúir dholáimhsithe seo, a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin, a athchruthú i gcónaí mar fhreagairt ar a dtimpeallacht, ar a n‑idirghníomhaíocht leis an dúlra agus leis an stair, agus tugann sí braistint féiniúlachta agus leanúnachais dóibh, agus ar an chaoi sin cuirtear meas ar éagsúlacht chultúrtha agus ar chruthaitheacht an duine chun cinn (UNESCO, 2003).

Is é ról agus cuspóir ICHC pobail áitiúla, bardais, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus rialtais a spreagadh chun beartais a chur i bhfeidhm chun an oidhreacht dholáimhsithe a shainaithint, a chaomhnú agus a chur chun cinn. Leis an ionstraim idirnáisiúnta sin, cruthaíodh creat chun caomhnú a dhéanamh ar dhéantúis dhaonna atá i mbaol a gcaillte. Tríd na saothair sin a chaomhnú, tugtar aitheantas do phobail a mbaineann traidisiúin stairiúla leo ach féachtar le leas a bhaint as an saothair sin freisin chun críocha eacnamaíocha.

De réir Smith & Aikawa-Faure (2009) is iad cuspóirí ICHC:

  • déantúis dhaonna atá i mbaol a gcaillte a chaomhnú;
  • aitheantas domhanda a thabhairt
  • féiniúlacht a neartú
  • comhar sóisialta a chumasú laistigh de ghrúpaí agus eatarthu
  • leanúnachas stairiúil a chinntiú
  • éagsúlacht chruthaitheach an chine dhaonna a mhéadú

Tháinig Coinbhinsiún UNESCO ag tráth an-tábhachtach nuair ba ghá luachanna na hoidhreachta cultúrtha a mheas an athuair—ós rud é gurb annamh gur féidir cleachtais chultúrtha a shainaithint agus a dhearbhú mar shamplaí den Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe ar an toirt agus, san am chéanna, toisc nach féidir iad a choinneáil beo muna seachadtar iad ó ghlúin go glúin, is é sin, trí mheáin de dhéantús an duine (Xiao, 2022).

Ionstraim dlí eile is ea an Coinbhinsiún maidir le hÉagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn (2005). Is éard atá i gceist le léirithe cultúir ná na déantáin agus na léirithe sin a eascraíonn as cruthaitheacht daoine aonair, grúpaí agus sochaithe, agus a bhfuil ábhar cultúrtha iontu (UNESCO, 2005).

Leabhareolas

Ahmad, Y., (2006). The Scope and Definitions of Heritage: From Tangible to Intangible. International Journal of Heritage Studies, Iml. 12, Uimh. 3, 292–300.

Kirshenblatt-Gimblett B., (2004) Intangible Heritage As Metacultural Production. Blackwell Publishing.

Mitchell N., Rössler, M., Tricaud, P.M, (2011). Paysages culturels du patrimoine mondial, Ghide pratique de conservation et de gestion, UNESCO, 17.

Smith L. & Aikawa-Faure N. (2009) ‘Safeguarding of Intangible Cultural Heritage’. Key Issues in Cultural Heritage. Routledge, Taylor and Francis Group, Londain agus Nua-Eabhrac.

UNESCO, Páras, Convention for the Safeguarding of the Intangible Cultural Heritage (2003), https://ich.unesco.org/en/convention.

Xiao L. (2022) Intangible Cultural Heritage Reproduction and Revitalization: Value Feedback, Practice, and Exploration Based on the IPA Model, Computational Intelligence and Neuroscience Iml. 2022, Aitheantóir 8411999 https://doi.org/10.1155/2022/8411999.