Ceacht: Aimsigh scéalta agus focail ón traidisiún áitiúil

Arna réiteach ag
Blue Beehive
Údar
Xaro Navarro

Tugann an ceacht seo aitheantas don traidisiún béil a shaothraigh na glúnta romhainn. An Vaileinsis atá faoi chaibidil thíos, teanga a labhraíodh i rith an fichiú haois cé gur cuireadh cosc uirthi in go leor réimsí saoil. Is í aidhm an cheachta go n‑inseoidh baill den phobal faoi thaithí a n‑óige, ag cur scéalta agus sainfhoclóir ó na blianta a chuaigh thart ar an taifead. Tá cuid mhór le foghlaim againn i dtaca leis an chultúr ó dhaoine níos sine.

Líon rannpháirtithe is fearr: 3–8.

Fad: 30 nóiméad.

Ábhair atá de dhíth: Páipéar, peann luaidhe agus gléas chun comhráite a thaifeadadh. 

Treoracha céim ar chéim

  1. Moltar cás nó ábhar le plé a chur i láthair na rannpháirtithe, sa dóigh a mbeidh deis acu a dtaithí phearsanta, faoi mar a bhaineann leis an traidisiún chultúrtha, a insint. Is féidir scannán, leabhar, grianghraif, etc. a úsáid chuige seo.
  2. Is fiú iarraidh ar na rannpháirtithe an cás mar atá sa lá atá inniu ann a chur i gcomparáid leis an am a chuaigh thart. Tá gach seans go dtiocfaidh seanchas traidisiúnta agus sainfhoclóir chun cinn le linn an phlé sin agus daoine ag trácht ar rudaí atá caillte nó ar tháinig athrú orthu.

Leideanna don oide: Is féidir topaicí staire nó pictiúir a ullmhú chun tús a chur leis an phlé. Ní mór an comhrá a stiúradh i dtreo na gceisteanna cultúrtha. Is fiú an t‑aos óg agus daoine aosta a thabhairt le chéile don ghníomhaíocht seo.