Ceacht: Cuairt staidéir
- Arna réiteach ag
- Asociatia Perseidele
- Údar
- Marioara Pascu
Foghlaimítear an oidhreacht trí ghníomhaíochtaí allamuigh ar nós cuairteanna téamacha ar láithreáin oidhreachta agus ar mhúsaeim. Chun eolas a chur ar oidhreacht chultúrtha na Sacsanach, cuireann an Trasalváin Theas go leor cosán cultúrtha ar fáil a ghabhann trí thírdhreacha stairiúla barántúla (Prejmer, Hărman, Biertan, Mălâncrav, Cărța etc.). Oireann an cineál seo gníomhaíochta foghlama go han-mhaith do ghrúpaí.
Modhanna a úsáideadh: Foghlaim fhionnachtanach, míniú, breathnóireacht, plé, eiseamláiriú.
Aidhm: Foghlaim faoi ghnéithe oidhreachta cultúrtha a luaitear leis na Sacsanaigh a chuir fúthu sa Trasalváin.
Cuspóirí
Cognaíoch
- Eolas a shaibhriú trí cheisteanna teoiriciúla a bhreithniú i dtaobh stair, cultúr agus sibhialtacht na Sacsanach sa Trasalváin.
- Eolas nua a fháil faoi oidhreacht chultúrtha na Sacsanach.
- Tuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann leis an oidhreacht a chosaint agus a chur ar aghaidh.
- Úsáid a bhaint as an ábhar faisnéise a fhaightear laistigh de dhisciplíní agus tharstu (creideamh, tíreolaíocht, stair, cultúr sibhialta).
Mothaitheach
- Spéis a léiriú i dtaca le bheith ag foghlaim faoi stair na Sacsanach sa Trasalváin.
- Meas a léiriú ar an chomaoin a chuireann na Sacsanaigh le héagsúlacht chultúrtha na Rómáine.
Dearcadh
- Spéis a chothú in oidhreacht chultúrtha na Sacsanach.
- Feasacht ar an luach a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha na Sacsanach.
- Meas ar a bhféiniúlacht chultúrtha a chothú i measc na rannpháirtithe.
Inniúlachtaí
- Oidhreacht neamhábhartha agus ábhartha na Sacsanach a chaomhnú, a chur chun cinn agus a chosaint.
- Fiosracht i leith oidhreacht chultúrtha atá i mbaol a díothaithe a spreagadh.
- Dúil san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chothú trí úsáid a bhaint as an timpeallacht neamhfhoirmiúil.
- Smaointeoireacht chruthaitheach a fhorbairt d’fhonn feabhas a chur ar an léiriú a dhéantar ar oidhreacht na Sacsanach, ar mhaithe le daltaí agus le pobail áitiúla.
Cur síos ar an ghníomhaíocht foghlama: Tá ról oideachasúil ag na pobail tuaithe a bhunaigh na Sacsanaigh i dtaca le suíomhanna oidhreachta a aimsiú nárbh eol dúinn iad roimhe seo nó cinn a bhí ar bheagán aitheantais. Caomhnaíonn pobail na Sacsanach oidhreacht ábhartha ina bhfuil ionaid stairiúla, daingne cosmhuintire, séipéil agus músaeim eitneagrafacha. Bíonn eolas faoi na nithe seo a leanas le fáil ach cuairt a thabhairt ar láithreacha oidhreachta:
- Cé hiad na Sacsanaigh, cathain agus cá as ar tháinig siad go dtí an Trasalváin,
- Cad iad na saintréithe cultúrtha atá ag an ghrúpa shóisialta/eitneach seo,
- Conas a mhair siad,
- Cad í an oidhreacht chultúrtha a d’fhág siad againn?
Mar sin, éiríonn linn coincheap na hoidhreachta cultúrtha a nascadh leo siúd a chruthaigh í, na Sacsanaigh sa chás seo. Bíonn músaem eitneagrafach mar chuid d’fhormhór na ndaingne Sacsanacha atá ann i láthair na huaire. I measc na dtaispeántas, is féidir leis an chuairteoir imscrúdú a dhéanamh ar earraí oidhreachta sa mhúsaem amhail: troscán péinteáilte sa stíl thraidisiúnta (cathaoireacha, táblaí, cófraí, cliabháin, binsí, etc.), feistis thraidisiúnta, uirlisí ceoil, moneolaíochtaí, etc.
Éiríonn leis an ghníomhaíocht allamuigh, arna reáchtáil mar chuairt théamach, dul chun cinn san fhoghlaim a chinntiú má eagraíonn an spriocghrúpa, go háirithe múinteoirí, turais le foghlaimeoirí, má scaipeann siad torthaí a gcuid staidéar ar líonraí sóisialta agus i bpobail ghairmiúla trí ailt a fhoilsiú, trí fhreastal ar chomhdhálacha, agus mar sin de. Is féidir an t‑eolas a fhoghlaimíonn múinteoirí le linn turais mar seo a úsáid freisin in obair an tseomra ranga agus i gcomhthéacs idirdhisciplíneach (sa stair, sa tíreolaíocht, sa líníocht, i ranganna saoránaíochta).
D’fhéadfadh grúpaí sochghairmiúla eile tairbhe a bhaint as cuairteanna téamacha ar na láithreacha seo, amhail lucht gnó, saineolaithe, agus an pobal i gcoitinne—ar féidir leo láithreacha oidhreachta a chur chun cinn don turasóireacht fosta.