Ceacht: Tomhais cén aois!

Arna réiteach ag
Asociatia Perseidele
Údar
Marioara Pascu

Tá an aois ar cheann de na buntréithe a bhaineann le déantán nó traidisiún oidhreachta. Cuidíonn an ceacht praiticiúil seo leis an scoláire an prionsabal sin a thuiscint, anailís chriticiúil a dhéanamh ar mhír ar leith agus breithiúnais luacha a dhéanamh. Is féidir é a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs ina bhfuil sé mar aidhm an t‑oideachas oidhreachta a bhaint amach.

Cuspóirí

  • Prionsabal na haoise a shoiléiriú mar bhunphrionsabal atá mar thaca le hearraí oidhreachta a chosaint.
  • Taighde a dhéanamh ar ghnéithe den déantús a léiríonn aois na míre oidhreachta (troscán sa chás seo) agus conas iad a aimsiú.
  • Spiorad na breathnóireachta a chleachtadh.

Inniúlachtaí

  • Spéis a léiriú in oidhreacht pobail faoi leith, tuiscint a fháil ar a luach.
  • Íogaireacht chultúrtha agus léiriú cultúrtha.
  • Scileanna ealaíne.

Gníomhaíocht

Gheobhaidh na rannpháirtithe cártaí/grianghraif a léiríonn píosaí de throscán péinteáilte Sacsanach ó aoiseanna éagsúla (18ú, 19ú agus 20ú), agus ina measc beidh ‘cleaschártaí’ nach mbaineann le stíl na Sacsaine. Ar an chéad dul síos, beidh ar na rannpháirtí na ‘cleaschártaí’ a bhaint ón tacar, sa tslí nach mbeidh fágtha ach na samplaí úd atá ag teacht stíl thraidisiúnta na Sacsanach. Tabharfar bileog chlóite do na foghlaimeoirí ina scríobhfaidh siad na gnéithe/sonraí a chabhraigh leo an aois a aithint agus na samplaí a chur i gcomparáid lena chéile de réir na gcritéar aoise. Ansin míneoidh siad a gcuid tuairimí dá gcairde.