Foghlaim bhunathraitheach tríd an oideachas ealaíne oidhreachta

Arna réiteach ag
University of Eastern Finland

Teoiric na foghlama bunathraithí

Maidir leis an tsraith uirlisí oideachais seo, arb iad príomhthoradh thionscadal HEART, déantar iarracht a chinntiú tríd síos gur féidir le hoidí ealaíne próiseas foghlama bunathraitheach a chur chun cinn i measc na rannpháirtithe. Teoiric de chuid na foghlama aosaí is ea an fhoghlaim bhunathraitheach, teoiric a dhéanann iarracht cur síos agus anailís a dhéanamh ar an chaoi a n‑éiríonn le daoine fásta brí a dhéanamh dá dtaithí (Mezirow 1991, 198). Dá thoradh sin, is ionann an fhoghlaim bhunathraitheach a chur chun cinn agus an foghlaimeoir a spreagadh chun dúshlán a pheirspictíochtaí brí féin a thabhairt agus iad a athrú (Mezirow 1991, 201).

Is iad trí chrann taca theoiric na foghlama bunathraithí ná machnamh criticiúil, idirphlé agus taithí (Mezirow 1991). Lena gcois siúd, tréith shuntasach eile is ea an comhbhá ós rud é go bhfuil sé tábhachtach gné mhothúchánach na foghlama a thuiscint más mian linn go dtarlóidh foghlaim bhunathraitheach—bíonn mothúcháin lárnach sa mhachnamh chriticiúil—agus cuireann comhbhá ar chumas an fhoghlaimeora peirspictíochtaí daoine eile a aithint. Is lú seans, dá thairbhe sin, go ndéanfar réamhbhreithiúnas ar dhaoine agus méadaítear na deiseanna a bhíonn ann chun teacht ar chomhthuiscintí (Taylor & Cranton 2013, 37–38). Mar sin, ní bhaineann an fhoghlaim bhunathraitheach ach amháin le faisnéis nua a fháil nó scileanna nua a fhoghlaim, ach féachtar le tuiscint an duine ar an domhan a athrú ar bhealach bunúsach. Áirítear leis seo, mar shampla, athruithe i bpeirspictíocht, creidimh, toimhdí nó luachanna an duine féin. Dá réir sin, san fhoghlaim bhunathraitheach athraítear modhanna smaointeoireachta agus tuisceana trí phróiseas machnamhach a bhíonn ceangailte, de ghnáth, le himeachtaí saoil, le teagmháil le peirspictíochtaí nó luachanna éagsúla nó leis an idirphlé le daoine eile. Is minic a bhíonn baint ag an fhoghlaim bhunathraitheach le fás agus forbairt phearsanta. Mar shampla, de réir mar a chuirtear eolas ar ábhar na sraithe uirlísí oideachais seo d'fhéadfadh go nglacfadh oidí páirt i bpróiseas bunathraitheach machnamhach agus athrú a dhéanamh ar an dóigh a bhféachann siad ar an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe agus ar an chaoi a dtéann siad i ngleic léi ina gcuid teagaisc.

Is féidir an fhoghlaim a thuiscint mar phróiseas déanta brí ina ndéantar eispéiris a léirmhíniú agus a chur i gcomhthéacs. D'áitigh Mezirow go dtreoraíonn “peirspictíochtaí brí” nó “frámaí tagartha” an próiseas déanta brí. Foghlaimítear frámaí tagartha den chuid is mó tríd an phróiseas sóisialaithe agus, dá bhrí sin, is minic a thagann siad i réim go neamhfhiosach agus go neamhchriticiúil. Tríd an fhoghlaim bhunathraitheach, is féidir iad a thabhairt chun comhfhiosachta agus a chlaochlú mar thoradh ar mhachnamh criticiúil. (Heldal Stray & Saetra 2017, 5–6.)

A graphic showing how transformative learning consists of empathy, dialogue, critical reflection and experience
Cuimsíonn teoiric na foghlama bunathraithí machnamh criticiúil, taithí, idirphlé agus comhbhá!

Tá áit lárnach ag an fhoghlaim chumarsáideach mar chuid bhunúsach de theoiric na foghlama bunathraithí, ós rud é go gcuireann sí béim ar thábhacht na hidirghníomhaíochta san fhoghlaim; d’fhéadfadh sé go gciallódh sé sin, mar shampla, go dtarlaíonn an fhoghlaim nuair a roinneann daoine atá i mbun ealaín a chruthú le chéile smaointe agus nuair a thugann siad aiseolas do dhaoine eile. Tá an fhoghlaim chumarsáideach ceangailte le heispéiris foghlama bhunathraitheacha as siocair gur féidir leis na heispéireas sin éirí as teagmháil le peirspictíochtaí agus luachanna nua, rud a tharlaíonn de ghnáth agus daoine ag idirghníomhú lena chéile, nó i dtionscadal ealaíne pobail a nascann agus a thugann daoine le chéile.

D’fhéadfadh gurb éard a thabharfadh cleachtas na foghlama bunathraithí chun solais, i gcás na hoidhreachta cultúrtha, ná nár thug tú aire don oidhreacht chultúrtha nó nár smaoinigh tú uirthi roimhe seo, ach tar éis duit páirt a ghlacadh i gceardlann nó trí thaithí bhunathraitheach éigin eile i do shaol, go dtosaíonn tú ag tabhairt aird níos mó ar an oidhreacht chultúrtha, ag déanamh machnamh criticiúil agus ag dul i mbun nósanna nua a léiríonn meas níos fearr ar d’oidhreacht chultúrtha féin nó ar oidhreacht chultúrtha duine eile. Trí níos mó a fhoghlaim faoin iliomad bríonna a bhaineann leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe i dtaca leis na féiniúlachtaí, na nósanna maireachtála, an cultúr agus an tsochaí a bhaineann le daoine aonair agus pobail, chomh maith le cearta an duine a chur chun cinn, tógtar frámaí tagartha úra!

Teoiric na foghlama bunathraithí — Cleachtais & Éascú

Más mian leat próiseas foghlama bunathraitheach a éascú, ba cheart:

  • Faisnéis nua a sholáthar mar acmhainn ar cheart don fhoghlaimeoir í a chomhtháthú le rudaí atá ar eolas aige cheana féin
  • Cuidiú le foghlaimeoirí a réamhthuairimí nó a dtuiscint luath ar an ábhar a aithint
  • Cuidiú le foghlaimeoirí páirt a ghlacadh sa phlé: iad a spreagadh le bheith oscailte faoina bhfrámaí tagartha agus iad a roinnt
  • Foghlaimeoirí a threorú chuig machnamh criticiúil: foghlaimeoirí a spreagadh ó am go chéile chun machnamh a dhéanamh ar a dtuiscint ar an ábhar
  • Mar oide, gníomhú mar éascaitheoir seachas mar údarás i leith an ábhair
  • Timpeallacht foghlama a chruthú a thacaíonn le fadhbanna comhroinnte a réiteach agus le comhoibriú idir piaraí, le comhbhá agus oscailteacht, le héagsúlacht agus comhdheiseanna rannpháirtíochta (Mezirow 1997, 9–11.)
  • Measúnú eiticiúil a dhéanamh ar thionchar an oide sa phróiseas foghlama (athlúbthacht)
  • A chinntiú go dtuigeann na foghlaimeoirí an bunathrú go hiomlán mar phróiseas
  • Smaoinigh go heiticiúil ar na critéir roghnúcháin trínar cheart creidimh, luachanna agus smaointe a cheistiú nó a iniúchadh sa phróiseas foghlama (Mezirow 1991, 201)

Mar sin, conas a chuirtear an fhoghlaim bhunathraitheach i bhfeidhm go praiticiúil? De réir Mezirow (1997, 10), is modhanna seomra ranga iad conarthaí foghlama, tionscadail ghrúpa, rólghlacadh, cás-staidéir, agus ionsamhlúcháin a bhaineann le hoideachas agus foghlaim bhunathraitheach. Mar sin, mar shampla, bhain na treoirstaidéir go léir a chuir comhpháirtithe tionscadail HEART i gcrích i gcomhar le hoidí ealaíne agus saineolaithe oidhreachta leas as modhanna an oideachais bhunathraithigh. Chuir na treoirstaidéir deiseanna ar fáil do na rannpháirtithe machnamh a dhéanamh as a dtagann léargas pearsanta níos soiléire agus, mar sin, tháinig eispéiris foghlama bhunathraitheacha mar thoradh orthu. Cuirtear i gcás sampla amháin i dtreoirstaidéar Ollscoil Oirthear na Fionlainne: thug na rannpháirtithe go leor rudaí faoi deara ina saol laethúil, rudaí a d’aithin siad mar shamplaí den Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a bhí luachmhar agus gur cheart iad a chosaint anois agus amach anseo. Rinne na rannpháirtithe machnamh ar a dtuiscint ar an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe agus ar an bhrí atá léi don duine féin agus do phobal an tsráidbhaile agus, mar thoradh air sin, ní hamháin gur léiríodh meas ar an inbhuanaitheacht chultúrtha ach spreagadh iad freisin chun a n-oidhreacht féin a chosaint agus a chleachtadh.

Ealaín phobalbhunaithe mar mhodh chun an fhoghlaim bhunathraitheach a chur chun cinn

Maíonn Koo (2018, 4) go gcuireann cleachtadh na healaíne (go háirithe an ealaín a mbaineann obair láimhe leis) leis an fhoghlaim bhunathraitheach ar bhealach suntasach. Léirítear i staidéir Koo (2018, 21) go dtarlaíonn foghlaim bhunathraitheach i dtrí phríomhréimse nuair a théitear i mbun ealaín a dhéanamh:

A graphic showing the three main areas where transformative learning happens through artmaking:  understanding of art itself, identity as an artist and/or a learner, approaches to artmaking
Trí phríomhréimse ina dtarlaíonn foghlaim bhunathraitheach le linn phróiseas cruthaitheach na healaíne. 

Ina theannta sin, áitíonn Koo (2018, 21) nach mbaineann an fhoghlaim bhunathraitheach a tharlaíonn le linn chruthú na healaíne ach amháin leis na teicnící a theastaíonn chun saothar a dhéanamh. Cruthaítear spás ina ndéantar machnamh ar dhearcadh an duine i leith an tsaothair agus i leith an chleachtais. Eispéireas a bhíonn i gceist leis an ealaín agus le cruthú na healaíne don chuid is mó daoine. Sin é an fáth gur féidir le hoideachas ealaíne pobalbhunaithe tairbhe a bhaint as teoiric na foghlama bunathraithí. Ar ndóigh, tá roinnt mhaith de na prionsabail bhunathraitheacha chéanna i bpáirt ag cleachtas na healaíne pobalbhunaithe agus an fhoghlaim bhunathraitheach, mar atá, idirphlé, frithpháirteacht, gníomhaíocht rannpháirteach, taithí, comhbhá agus saoirse.

An fhoghlaim bhunathraitheach in HEART

Tá splancanna den fhoghlaim bhunathraitheach ar fud na sraithe uirlisí digiteacha seo, agus ceann de na spriocanna a bhí ag tionscadal HEART ón tús is ea próiseas foghlama bunathraitheach a thaispeáint sna treoirstaidéir agus san fhoireann uirlisí araon. Tá sé tábhachtach go mbeadh níos mó i gceist le foghlaim faoin Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe tríd an ealaín chomhchoiteann ná díreach a bheith ag foghlaim faoin oidhreacht; bítear ag foghlaim fosta faoin phobal, faoin tsochaí, faoin phróiseas chruthaitheach chun ealaín a dhéanamh chomh maith le bheith ag foghlaim faoi dhaoine eile agus faoin duine féin.

Freagraí na rannpháirtithe ar na ceistneoirí a scaipeadh. Léirítear an fhoghlaim bhunathraitheach a tharla le linn na dtreoirstaidéar. 
Cad is brí leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe? Téamaí samplacha ó na treoirstaidéir.
Cad is féidir leis an duine a fhoghlaim faoi féin: Samplaí ó na treoirstaidéir.

Leabhareolas

Heldal Stray, J. & Saetra, E. 2017. Teaching for democracy: Transformative learning theory mediating policy and practice. Nordic Journal of Pedagogy and Critique 3: 1–16. https://www.researchgate.net/publication/321726128_Teaching_for_democracy_Transformative_learning_theory_mediating_policy_and_practice 

Mezirow, J. (1997). Transformative Learning: Theory to Practice. New directions for adult and continuing education 74: 5–12. https://www.ecolas.eu/eng/wp-content/uploads/2015/10/Mezirow-Transformative-Learning.pdf 

Koo, S. 2018. Manual Transformation: Exploring Adult Transformative Learning Through Hands-on Artmaking. Marilyn Zurmuehlen Working Papers in Art Education 2018(1), 1–24. https://doi.org/10.17077/2326-7070.1508 

Mezirow, J. (1991) Transformative Dimensions of Adult Learning. The Jossey-Bass Higher and Adult Education Series. Jossey-Bass Inc., Publishers. 

Taylor, E. W., Cranton, P. (2013) A Theory in Progress? Issues in Transformative Learning Theory. European Journal for Research on the Education and Learning of Adults. Iml. 4, Uimh. 1.