Ceacht: Siombailí cultúrtha a chur i gcomparáid
- Arna réiteach ag
- Asociatia Perseidele
- Údar
- Loredana Matei
Ábhar an cheachta: Eiseamláir/aircitíopa Chrann na Beatha agus an siombalachas a bhaineann leis in oidhreacht chultúrtha na Breataine agus na Trasalváine.
Sa cheacht seo foghlaimítear an oidhreacht trí: Gníomhaíocht a bhaineann le Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT). Nasctar foghlaim an Bhéarla agus cur chuige trasdisciplíneach (Ealaín, Stair, Creideamh) ar mhaithe le tuiscint níos doimhne ar an ábhar a thabhairt do na foghlaimeoirí, naisc chultúrtha a dhéanamh níos éasca agus tuiscint a fháil ar na cúiseanna gur fiú ag bheith ag foghlaim faoin ábhar. Ina theannta sin, laistigh de ranganna teanga iasachta is fiú cultúr a fhiosrú go córasach agus i gcomhthéacs.
Modhanna a úsáideadh: Breathnóireacht, comhrá, léitheoireacht ghníomhach i dteanga iasachta, cleachtadh stór focal, smaointeoireacht chriticiúil.
Aidhm: Foghlaim faoi shiombailí dúchasacha a úsáidtear ar earraí oidhreachta ó chultúr na Breataine i gcomparáid le cultúr na Sacsanach sa Trasalváin, an Rómáin. Is é is aidhm don ghníomhaíocht ná rannpháirtithe a chur ar an eolas faoi shiombailí dúchasacha a úsáidtear i gcomhthéacs míreanna oidhreachta cultúrtha i dtíortha éagsúla. Bhreathnaigh fiche dalta ón Rómáin, iad 14 bliain d’aois, ar an cheist seo agus d’fhoghlaim siad níos mó faoi na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir oidhreacht na Sacsanach sa Bhreatain agus sa Trasalváin trí bhéim a chur ar úsáid na siombaile Crann na Beatha, agus an Béarla á chleachtadh le linn an cheachta.
Cuspóirí
A. Cognaíoch
- Eolas na rannpháirtithe ar cheisteanna teoiriciúla a bhaineann le cultúr agus sibhialtacht na Breataine a shaibhriú agus iad ag déanamh comparáide le cultúr na Sacsanach sa Trasalváin.
- Tuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann leis an oidhreacht a chosaint agus a chur ar aghaidh.
- Stór focal nua Béarla faoin oidhreacht chultúrtha agus siombailí doláimhsithe a chleachtadh.
B. Mothaitheach
- Suim a spreagadh chun níos mó a fháil amach faoin tábhacht a bhaineann le siombailí/aircitíopaí ar fud an domhain agus a n‑úsáid i míreanna oidhreachta doláimhsithe.
- Meas a bheith acu ar an chomaoin a chuir na Sacsanaigh ar oidhreacht chultúrtha a dtíre.
- Páirt ghníomhach a thabhairt d’fhoghlaimeoirí i dtaca le gnéithe den teanga agus den chultúr a shealbhú.
C. Dearcadh
- Suim a chothú san oidhreacht chultúrtha ina dtír féin i gcomparáid le tír eile.
- Feasacht ar luach oidhreacht chultúrtha na Sacsanach sa Trasalváin a chothú.
- Meas ar a bhféiniúlacht chultúrtha a chothú.
Inniúlachtaí
- Tuiscint a léiriú maidir leis an ghaol idir cleachtais agus peirspictíochtaí an dá chultúir.
- Toilteanas chun an cultúr go ginearálta a shaibhriú.
Treoracha céim ar chéim
Céim 1: Gníomhaíocht tosaigh
Cuireann an múinteoir íomhá ar an scáileán a léiríonn siombail crainn. Iarrann sí ar na daltaí ransú intinne a dhéanamh faoi na ceangail a d’fhéadfaí a shamhlú leis an rud nithiúil agus leis na léirithe a dhéantair air. Scríobhann sí an focal “crann” mar phríomhchoincheap. Cuireann sí ceisteanna breise ar na daltaí, mar shampla:
- Cad é a thugann an crann seo chun cuimhne duit?
- An bhfuil aon scéal ar eolas agat faoi chrann?
- An féidir leat aon cheangal a dhéanamh le scéal ón Bhíobla faoi chrann speisialta?
Céim 2: Oidhreacht na Sacsanach sa Bhreatain agus sa Trasalváin — buneolas agus cur chuige comparáideach
Taispeánann an múinteoir dhá léiriú éagsúla de Chrann na Beatha ar an scáileán. Baineann ceann amháin le hoidhreacht chultúrtha na Breataine, taipéis ar a bhfuil Crann na Beatha ón 17ú haois atá ar coinneáil ag Músaem Cathrach Nua-Eabhraic agus an ceann eile a léiríonn Crann na Beatha ar throscán péinteáilte ón Trasalváin.
Céim 3: Míniú an mhúinteora agus eolas nua a thabhairt isteach
Míníonn an múinteoir do na rannpháirtithe cad is brí leis an oidhreacht chultúrtha, go mbaineann déantáin na hoidhreachta cultúrtha, go háirithe i gcás na n-amharcealaíon, feidhm as siombailí agus aircitíopaí atá coitianta in go leor cultúr, cé go bhféadfadh siad a bheith á léiriú de réir tuiscintí agus creideamh éagsúil.
Tugann an múinteoir bileoga oibre amach mar chleachtadh léitheoireachta do na foghlaimeoirí, bileoga ina bhfuil dhá théacs faoi shiombail Chrann na Beatha i gcultúr na Sacsanach sa Bhreatain agus sa Trasalváin.
An chéad téacs:
”This unique image of a miraculous tree bearing multiple species of fruits and vegetables can be identified as the biblical Tree of Life. A multifruiting tree is described in the Book of Revelations; a tree that grows in the celestial City of God bearing twelve types of fruit that ripen during every month of the year.
This association with the Tree of Life in Revelations is reinforced by the curling grape vine wrapped around the trunk of the tree, which is symbolic of the Passion of Christ and the promise of eternal life. The addition of numerous animals and the presence of both the sun and the moon also refer to the abundance of the Garden of Eden in the Book of Genesis.”
(The Tree of Life, an 17ú haois ó Bhailiúchán Untermyer ag an Mhúsaem Chathrach, www.metmuseum.org)
An dara téacs:
”The main pattern you’ll find almost anywhere on our pieces is the tree of life a metaphor often related th fertility and immortality first discovered in Persia 8000 years ago. In Transylvania our traditional tree of life brings together multicoloured flowers , each of them with its symbol: roses=passion, love, lily of the valley=gentleness, grace, tulips=pride, carnations, pomegranates, flower buds meaning virginity and wide open flowers meaning maturity, falling pollen and seed meaning regenesis.”
Tá léaráid Venn ar an bhileog oibre freisin ina gcaithfidh rannpháirtithe gnéithe coitianta a rangú sa lár agus difríochtaí a chur isteach ar an dá thaobh, bunaithe ar an mhéid a fuair siad amach ón dá théacs. Cuirtear iad ag obair i bhfoirne ceathrair agus cuireann siad a dtorthaí i láthair os comhair a gcomhscoláirí.
Céim 4: Iarobair
Seinneann an múinteoir físeán a rinneadh le linn threoirstaidéar HEART. Feictear múinteoirí ag foghlaim teicnící péintéireachta ar adhmad de réir stíl na Sacsanach sa Trasalváin. Tá an físeán ar fáil ar líne anseo.
Cloistear míniú an oide ealaíne ar shiombail chrann na beatha i gcaitheamh an fhíseáin agus ar na céimeanna chun é a phéinteáil ar adhmad. Ar an bhealach seo, cuireann na foghlaimeoirí eolas ar na céimeanna chun an ghníomhaíocht péintéireachta a chleachtadh iad féin sa rang faoi stiúir an mhúinteora, rud a fhágann gur féidir tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh dírithe ar chleachtadh na healaíne agus na teanga araon.