Ceacht: Amlíne tionscadail a chruthú le péintéireacht ghrúpa

Arna réiteach ag
Kansalaisfoorumi
Údar
Timo Harju

Is é cuspóir an cheachta seo rannpháirtithe a thabhairt isteach i bpróiseas oibre comhroinnte ar bhealach níos doimhne agus iad ag baint úsáide as an ealaín chun amlíne tionscadail a dhearadh. Is bealach iontach é seo chun tús a chur le tionscadal nua nach bhfuil taithí ag na rannpháirtithe air. Bíonn sé an-úsáideach freisin má bhíonn deacrachtaí ag na rannpháirtithe a gcuid smaointe a eagrú nó céimeanna na ngníomhaíochtaí praiticiúla a leanúint.

An líon rannpháirtithe is fearr: 2–10

Fad: 20–60 nóiméad

Ábhair atá de dhíth: Píosa mór páipéar, ar a laghad 50cm x 200 cm, nó níos mó más féidir. Pinn luaidhe, dathanna adhmaid, uiscedhathanna, olaphastail, etc.

Treoracha céim ar chéim

  1. Inis an amlíne gharbh atá beartaithe don tionscadal do na rannpháirtithe. Cad é an dáta tosaigh agus an dáta deiridh? Cé chomh minic agus a bheidh sibh ag cruinniú le chéile?
  2. Déanaigí cinneadh le chéile i dtaobh cén cruth a d’fhéadfaí a shamhlú leis an amlíne. Feictear aibhneacha, cosáin agus iarnróid go minic. Moltar rud éigin a roghnú a d’fhéadfadh a bheith mar mheafar ar an aistear foghlama.
  3. Bígí ag tarraingt agus ag péinteáil an chrutha a roghnaíodh le chéile, e.g. léarscáil bhóithre nó fhobhealaigh. Ba cheart dátaí na gcruinnithe a mharcáil go soiléir sa líníocht i riocht ardán, céanna, bailte nó cibé riocht a oireann don dearadh.
  4. Iarr ar na rannpháirtithe rudaí gur mhaith leo a bheith páirteach iontu le linn an tionscadail a tharraingt, a phéinteáil nó a scríobh. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí, téamaí, ceisteanna etc. a bheith i gceist leis sin.
  5. Iarr ar na rannpháirtithe féachaint ar a bhfuil déanta ag na daoine eile agus b’fhéidir rud éigin a chur leis an obair a rinne a gcomhghleacaithe.
  6. Is féidir leatsa, mar theagascóir, na pleananna atá agat cheana féin don tionscadal a chur leis an amlíne.

Leideanna don oide: Is fiú a bheith an-soiléir ag an tús nuair atá tú ag tabhairt na dtreoracha. Ba cheart dátaí na gcruinnithe a mharcáil sa phéintéireacht le dathanna láidre agus litreacha/uimhreacha móra ionas go mbeidh siad le sonrú sa toradh deiridh. Mar sin féin, ba cheart na rannpháirtithe a spreagadh chun an oiread spraoi agus is féidir a bheith acu. Níl aon rud ró-aisteach nó neamhoiriúnach don phéintéireacht chomhroinnte (seachas aon ábhar maslach, ach go hiondúil is dearcadh é seo a bhíonn i bpáirt ag na rannpháirtithe agus ní gá béim a leagan air).