Conas a chosnaíonn muid an oidhreacht?

Arna réiteach ag
Asociatia Perseidele
Údair
Marioara Pascu, Ileana Pătru- Stupariu

1. Reachtanna cosanta a chur i bhfeidhm ag an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach

Is é UNESCO, ar iarratas ó na húdaráis náisiúnta, a chuirean na heiseamláirí is luachmhaire den oidhreacht dholáimhsithe—a mbaineann luach uilíoch, sláine agus barántúlacht den scoth leo—leis an Liosta Oidhreachta Domhanda.

Ach cad é faoin chuid eile den oidhreacht dholáimhsithe nach bhfuil faoi réir cosaint idirnáisiúnta? Cé chomh maith agus a éiríonn le Stáit a n‑oidhreacht náisiúnta dholáimhsithe a chosaint? Is deacair iad siúd nach bhfuil stádas idirnáisiúnta UNESCO acu cheana féin a chosaint, a chaomhnú agus a shábháil toisc nach mbaineann siad tairbhe as pleananna bainistíochta a ndéantar monatóireacht chúramach orthu.

2. Bearta agus tionscadail a chur i bhfeidhm chun tacú le cosaint na hoidhreachta doláimhsithe

Is iomaí cineál tionscadail atá ann ó thionscadail chomhpháirtíochta idirnáisiúnta agus trasteorann go hiarrachtaí náisiúnta agus réigiúnacha. Reáchtálann Comhairle na hEorpa sraith beart praiticiúil atá dírithe ar an mhéid seo a leanas: scileanna traidisiúnta a bhuanú trína gcur ar aghaidh ó ghlúin go glúin, úsáid nuálaíoch agus éagsúlú acmhainní cultúrtha le tacaíocht ó mhodhanna nua eolaíocha agus teicneolaíocha, agus athúsáid a bhaint as ábhar oidhreachta digiteach chun éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn (An Coimisiún Eorpach, 2014). Sampla amháin de sin is ea tionscadal HEART.

3. An oidhreacht dhigiteach mar dheis chun an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a chaomhnú

D’fhéadfaí breathnú ar an digitiú mar bheart nithiúil chun an oidhreacht a shábháil. Ag tosú leis an dul chun cinn ollmhór atá á dhéanamh faoi láthair maidir le húsáid na teicneolaíochta digití, is é tátal Chomhairle na hEorpa, trína saineolaithe, gur féidir linn an digitiú a úsáid ar mhaithe leis an oidhreacht chultúrtha a shábháil, toisc go n‑éascaíonn an teicneolaíocht dhigiteach rochtain níos tapúla ar chineálacha éagsúla oidhreachta agus toisc go n‑éascaíonn sí malartú taithí agus dea-chleachtas, ar an leibhéal Eorpach, idir gníomhaithe éagsúla i réimse na hoidhreachta. Bíonn go leor gníomhaíochtaí cultúrtha ar siúl cheana féin i dtimpeallacht dhigiteach, rud a chruthaíonn ábhair a chuireann leis an oidhreacht chultúrtha mar fhoinse tarrthála agus caomhnaithe.

Mar sin féin, is gá a chinntiú nach ndéantar faillí ar an acmhainn phríomha — an acmhainn ‘bhunaidh’ — leis an díograis atá againn don aistriú ‘fhíorúil’. Baineann an gá sin le hábhar atá digiteach ó dhúchas agus le hábhar bunaidh atá ann cheana araon: is féidir leis an teicneolaíocht nua ábhar níos sine, do-rochtana a athchruthú agus é a chur i láthair an phobail i gcoitinne gan costas mór (Comhairle na hEorpa, 2005). 

Baintear úsáid níos mó anois as nuálaíochtaí san oidhreacht dhigiteach i mbainistiú na hoidhreachta cultúrtha. Is iomaí bealach a tharlaíonn sé sin agus úsáidtear na nuálaíochtaí seo chun sonraí a stóráil, chun monatóireacht a dhéanamh orthu, chun iad a scaipeadh agus chun iad a léiriú. Bíonn na teicnící seo an-úsáideach mar is féidir leo bunachair sonraí mhóra a phróiseáil agus a stóráil. Samplaí de seo is ea suíomhanna gréasáin agus ardáin dhigiteacha eile. Le déanaí, déantar grianghraif a chomhtháthú sa réaltacht fhíorúil agus is léiriú ar chaomhnú na hoidhreachta doláimhsithe é seo. I gcásanna nuair atá doléire ag baint le seanghrianghraif nó seantaifid, bíonn deis ann anois teicnící nua-aimseartha a úsáid chun cruinneas na míreanna seo a fheabhsú nó atógáil a dhéanamh ar na sonraí a bhí ar lár.

4. Oideachas tríd an fhoghlaim bhunathraitheach

Díreoidh muid ar an fhoghlaim bhunathraitheach sa tsraith uirlisí seo toisc gurb é modh oibre thionscadal HEART é. Baineann an cur chuige seo leis an rannpháirtíocht shibhialta agus le rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara uile ar spéis leo an oidhreacht dholáimhsithe a shábháil.