Conas EMAZE a úsáid leis an traidisiún béil

Arna réiteach ag
Blue Beehive
Údar
Xaro Navarro

Is feidhmchlár éifeachtach so-úsáidte é Emaze, a úsáidtear go forleathan le haghaidh cur i láthair, blaganna, suíomhanna gréasáin, agus albam grianghraf. Cabhraíonn sé linn cuir i láthair a chruthú, a chaomhnú agus a roinnt.

Ó mo thaithí phearsanta, is féidir liom a rá gur áis an-úsáideach a bhí ann i dtaca le míniú a thabhairt ar an traidisiúin béil ar bhealach atá gonta agus físiúil. Féach mo chur i láthair Emaze maidir le traidisiún béil a bhailiú anseo.

Sa lá atá inniu ann, creidim go mbíonn daoine (go háirithe leanaí agus daoine óga) meallta ag gach rud digiteach. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh meascán den tsaol dhigiteach agus den traidisiún béil daoine a spreagadh chun eolas a chur ar an traidisiún sin agus é a chothú agus a scaipeadh.

Chuige seo, cheap mé cur i láthair Emaze ina bhfuil téacsanna agus íomhánna a léiríonn an próiseas bailithe agus na leabhair a scríobh mé. Téacsanna gearra, soléite agus gonta iad seo faoi mo phróifíl, an obair a dhéanaim, agus an modh atá agam chun an traidisiún béil a thiomsú.