Ceacht le grianghraif: Seanghrianghraif agus grianghraif nua a chur i bpéirí

Arna réiteach ag
University of Eastern Finland

Réamhrá

Moltar an chomparáid seo idir seanghrianghraif agus grianghraif nua a dhéanamh i ndiaidh an cheachta agallamh le seanghrianghraif, nó in éineacht leis, chun an t‑idirphlé a dhoimhniú agus chun smaoineamh ar conas is féidir an oidhreacht agus an téama atá á phlé a chur i láthair i ngrianghraf níos úire. 

Sa cheacht seo, déantar seanghrianghraif a iniúchadh agus iad a chur i bpéirí le grianghraif nua-aimseartha. Éascaítear plé faoi na grianghraif agus na cuimhní cinn, na heispéiris nó na mothúcháin a bhaineann leo agus iad a nascadh le grianghraif ón lá atá inniu ann. Is fearr 4–10 rannpháirtí ghníomhacha a bheith ann don cheacht seo. Is é cuspóir an cheachta agallamh a chruthú idir an t‑am atá thart agus an t‑am i láthair agus an oidhreacht a mheas mar iomláine, agus fiú na rannpháirithe iad féin a áireamh mar chuid den oidhreacht sin agus í á scrúdú tríd mheán na ngrianghraf.

An buntáiste a bhaineann leis an ghníomhaíocht seo ná nach bhfuiltear ag brath go mór ar aon chineál oidhreachta faoi leith a bheith faoi chaibidil. Baineadh úsáid as an cheacht seo i dtionscadal de chuid HEART chun téamaí i dtaobh sráidbhailte a iniúchadh agus d’éirigh go han-mhaith leis. Grúpa daoine níos sine a bhí mar rannpháirtithe sa chás seo agus díríodh go sonrach ar sheanghrianghraif a bhaineann leis an ‘tsráidbhaileachas’ agus gnéithe gaolmhara den oidhreacht chultúrtha, ach d’fhéadfaí gníomhaíocht den chineál chéanna a úsáid freisin le haoisghrúpaí níos óige (mar shampla: machnamh agus plé a dhéanamh ar conas agus cén fáth a bhfuil ceangal ag an tseanghrianghraf seo leis an Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe agus ansin an ghné oidhreachta a nascadh le grianghraf níos úire). 

Tríd is tríd, is modh an-oscailte é a bheith ag obair le grianghraif sa stíl cheardlainne seo agus is féidir an cur chuige a leasú chun freastal ar do chuid riachtanas féin, ag brath ar do spriocghrúpa agus an tacar grianghraf atá ar fáil. “Scaoil leis an ghá atá agat a fhios a bheith agat i gcónaí, lig duit féin seal a chaitheamh i ngan fhios, agus lig duit féin a bheith ag foghlaim freisin.” Is féidir an cineál seo meascáin de cheardlanna a chur i bhfeidhm i dtaca le hábhair agus ceisteanna eile. Ceapadh na ceachtanna agus na ceardlanna seo sa tslí go dtarlaíann an t‑idirphlé ar dtús mar réamhrá leis an ghníomhaíocht níos troime ina mbíonn cuid mhór plé agus ransú intinne. “Má tá beocht agus fuinneamh maith agat, ná cuir stop leis an chleachtadh, mar d’fhéadfadh sé sin bac a chur ar an fhuinneamh agus ar na smaointe atá ag teacht!”

Ag obair le grianghraif (comhrá agus comparáid) i suíomh ceardlainne

Má tá suim agat ailt sheachtracha a léamh a bhaineann go sonrach le bheith ag obair le grianghraif, molann muid go gcuirfidh tú eolas, mar shampla, ar na hailt seo a phléann le fótaghuth (ar modheolaíocht fhísiúil é a bhaineann le taighde rannpháirtíochta d’fhonn athrú sóisialta a chothú, ina bhfuil acmhainn bhunathraitheach agus acmhainn chumasaithe araon):

Seanghrianghraif agus grianghraif nua a chur i bpéirí

Cuspóir agus aidhm(eanna) an cheachta

  • Plean a chruthú chun grianghraf nua a thógáil a chuirfear i bpéire leis an tseanghrianghraf.
  • Machnamh ar an dearcadh i leith na hoidhreachta atá ann inniu, conas is féidir linn an oidhreacht agus an téama a chur i láthair sa ghrianghraf nua.

Conas/cén fáth a spreagann an ceacht seo foghlaim bhunathraitheach

  • Ní mór téamaí na hoidhreachta cultúrtha doláimhsithe a cheistiú agus a scrúdú ar bhealach difriúil.
  • Ní mór an t‑am atá caite agus an t‑am i láthair a chur in agallamh lena chéile
  • Caithfidh na rannpháirtithe an oidhreacht a mheas mar iomláine agus iad féin a fheiceáil mar chuid di.
  • Ní mór ceisteanna pearsanta a nochtadh: an bhfuil an oidhreacht fós beo nó conas a bhaineann na rannpháirtithe leis na hathruithe san oidhreacht a tharla, agus an aithníonn siad iad féin mar chuid di?
  • Tugann an ealaín mar mhodh oibre deis nua do na rannpháirtithe a gcuid cruthaitheachta a úsáid, ní mór na rudaí a bhfuil cleachtadh againn orthu anois a chur i láthair ar bhealach nua mar thoradh ar an tsamhlaíocht a úsáid — is modh taighde í an ealaín, agus rudaí á mbreithniú ar bhealach difriúil.

An líon rannpháirtithe is fearr

  • Bíonn ransú intinne nó tobsmaointeoireacht i gceist leis an cheacht seo agus, dá bhrí sin, ní miste má bhíonn grúpaí daoine níos mó i gceist.
  • Bíonn 4–10 rannpháirtí ghníomhacha ar fheabhas.

Fad

  • Baineann fad an cheachta leis an líon smaointe i gcomhair grianghraif nua atá ag teastáil. Ach bíonn sé níos éifeachtaí an obair seo a reáchtáil ar bhonn comhoibríoch agus ag tobsmaointeoireacht le chéile, ag obair i dtreo sprioc faoi leith.
  • Bheadh 1 uair an chloig ina thréimhse shásúil éifeachtach.
  • Má tá tuilleadh smaointe fós ag teastáil, is maith an rud é sos a thógáil, mar is féidir le tobsmaointeoireacht ghníomhach fuinneamh daoine a ídiú.
  • Má tá beocht agus fuinneamh maith agat, ná cuir stop leis an chleachtadh, mar d’fhéadfadh sé sin bac a chur ar an fhuinneamh agus ar na smaointe atá ag teacht!

Ábhair atá de dhíth

  • Na seanghrianghraif a roghnaíodh sa cheacht roimhe seo.
  • Liosta de na téamaí oidhreachta gur mian leat a bheith ag plé leo.
  • Páipéar agus peann chun nótaí a dhéanamh de na smaointe agus na pleananna.

Treoracha céim ar chéim

  1. Bailigh na rannpháirtithe le chéile.
  2. Ní gá teacht le chéile timpeall an bhoird, is féidir le gach rannpháirtí áit chompordach a roghnú. Is féidir cruinniú le chéile i suíomh níos suaimhní, in bhur suí ar an tolg nó sa ghairdín.
  3. Déan cinnte gur féidir le gach duine éisteacht agus páirt a ghlacadh, agus más gá, na nótaí a fheiceáil chomh maith.
  4. Tosaigh an ceacht trí théama oidreachta a roghnú ón liosta, cuir tús leis an chomhrá ar an téama áirithe seo.
  5. Ba cheart duit an t-idirphlé a threorú, ceisteanna a chur, e.g. conas a chuireann an téama seo an oidhreacht i láthair san am a chuaigh thart sa atá inniu ann?
  6. Mar thoradh ar na comhráite, smaoinítear ar bhealaí trína bhféadfaí an oidhreacht a léiriú i ngrianghraf nua agus—i ndiaidh daoine a bheith ag ransú intinne le chéile—déantar cinneadh faoin ghrianghraf nua.
  7. Scríobh síos cad é a bheidh sa ghrianghraf nua, cén áit a dtógfar é, cé a bheidh sa ghrianghraf, cad é ba mhaith leat a insint do dhaoine eile trí ábhar an ghrianghraif, agus cén gaol a bheidh idir an grianghraf nua agus an seancheann sa phéire.
  8. Téigh tríd an liosta iomlán ar an dul chéanna.
  9. Nuair a bheidh sin thart, déan achoimre a dhéanamh ar an mhéid a socraíodh.
  10. Déan plean le chéile agus aontaítear clár ama leis na grianghraif nua a ghlacadh.

Rudaí riachtanacha eile

  • Is fiú do dhuine nótaí a ghlacadh le linn an cheachta mar tagann agus imíonn na smaointe go gasta.
  • Is éard atá sa cheacht seo ná ransú intinne chun smaointe a bhailiú agus a bheachtú ar mhaithe leis na grianghraif nua. Ní mór an ceacht a leanúint le tógáil na ngrianghraf.

Leideanna don oide

  • Cruthaigh atmaisféar muiníne, ionas go mbraitheann daoine slán sábháilte a gcuid smaointe a rá os ard.
  • Is féidir leat é seo a dhéanamh trí thrácht a dhéanamh ar na smaointe go léir. Scríobh síos na smaointe uilig sa dóigh nach ndéanfar dearmad ar aon cheann acu agus déan cinnte go gcloistear gach smaoineamh.
  • Lig do na smaointe teacht ina sruth. Don chéad chuid den phlé, ná dírigh ar aon smaoineamh amháin an oiread sin, lig do na smaointe agus na tuairimí go léir teacht agus bailigh iad. Ansin, dírítear ar na smaointe is mó a d’fhéadfadh luach ealaíne nó oidhreachta a bheith ag baint leo agus déan plean beacht i dtaca leis na grianghraif nua a thógáil.
  • D’fhéadfadh nár mhaith le daoine áirithe go dtógfaí grianghraf díobh. Cuimhnítear nach gá go mbeadh daoine sna grianghraif, d’fhéadfadh ábhar ar bith a bheith i gceist.
  • Má tá dúil faoi leith ag duine ar bith sa phortráidíocht, is féidir leat pearsantacht agus scileanna an duine sin a chomhtháthú sa téama (mar shampla: seanghrianghraf de dhuine atá i mbun na n-ealaíon traidisiúnta a chur i bpéire le grianghraf nua de dhuine a chleachtann an stíl ealaíne chéanna).