Cén gá atá lenár n‑oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a thabhairt slán?

Arna réiteach ag
Asociatia Perseidele
Údair
Marioara Pascu, Ileana Pătru- Stupariu

1. Toisc go bhfuil baol ann i gcónaí go gcaillfear í go hiomlán

Le céad bliain anuas, tharla roinnt imeachtaí stairiúla tragóideacha san Eoraip—amhail an dá Chogadh Dhomhanda, an cogadh san Iúgslaiv mar a bhí, agus an cogadh san Úcráin le déanaí—a raibh tionchar diúltach acu ní hamháin ar shaol an duine ach ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa ina hiomláine freisin. Scriosadh go leor séadchomharthaí agus cathracha stairiúla, ina n-iomlán nó cuid díbh, áiteanna a raibh oidhreacht na gcéadta agus na mílte bliain acu. Dá dheasca sin, cuireadh iachall ar an daonra, a bhí lagaithe i ndiaidh thráma an chogaidh, dul ar imirce ó réigiúin na coimhlinte go minic, agus de réir a chéile cailleadh an ceangal a bhí ag cuid de na daoine sin lena n-áiteanna dúchais agus le sainghnéithe dá gcultúr. Mar thoradh ar an bheith stoite seo tá athrú tar éis teacht ar chuid de thraidisiúin dholáimhsithe luachmhara na hEorpa agus cailleadh roinnt acu go hiomlán.

Ní hí an chogaíocht amháin a chuireann bagairt ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa, ach bíonn cleachtais chultúrtha i mbaol in aimsir na síochána freisin, mar gheall ar dhinimiceas sóisialta agus sochaí dhaonna atá ag síorathrú. Dá bhrí sin, bhí baint ag na claochluithe sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha a ndeachaigh i bhfeidhm ar an tsochaí leis an athrú leanúnach atá tar éis teacht ar ghníomhaíochtaí daoine agus ar chaidreamh sóisialta idir baill an phobail. Tugadh mórán gnéithe den tsaol nua-aimseartha isteach sa tsaol laethúil, mar thoradh air seo, agus tháinig athrú tapa ar mheon agus ar dhearcadh daoine, idir daoine aonair agus an tsochaí. I bhfianaise an domhandaithe sin, cailleadh go leor traidisiún agus nósanna toisc nach raibh teacht aniar sna pobail thraidisiúnta in aghaidh tosca seachtracha agus toisc nár thug na húdaráis tacaíocht airgeadais dóibh chun a n‑oidhreacht chultúrtha a chaomhnú.

Tá tosca teicniúla agus teicneolaíocha ann freisin ba chúis le hathruithe sna pobail áitiúla ó tharla go ndeachaigh an cheardaíocht thraidisiúnta, cleachtais agus gníomhaíochtaí agra-thréadacha, imeachtaí cultúrtha agus cleachtais shóisialta eile i léig. Tharla seo de bharr gur mealladh an daonra óg i dtreo fosaíocht agus gníomhaíochtaí nua-aimseartha a mbaineann tuarastal agus coinníollacha níos fearr leo. Tá an imirce ón tsráidbhaile go dtí an chathair i ndiaidh pobail tuaithe a lagú agus fágadh an daonra níos sine gan oidhrí a d’féadfadh siad traidisiúin agus an oidhreacht a roinnt leo. Caillfear an oidhreacht chultúrtha in éagmais daoine óga chun í a athbheochan.

Toisc shóisialta thábhachtach atá san imirce. Tá an t‑ilchultúrachas i réim in go leor tíortha Eorpacha mar gheall ar an tslua imirceach ó gach cearn den domhan a roghnaigh, ar chúiseanna éagsúla, cur fúthu i dtír seachas a dtír dhúchais. Tugann soghluaisteacht leanúnach seo an daonra ar fud mhór-roinn na hEorpa le fios go mbeidh idirghníomhaíocht ann le hoidhreacht na dtíortha a bhfuiltear ag teacht isteach iontu agus go dtiocfaidh inimircigh i dteagmháil le samplaí den oidhreacht dholáimhsithe nach raibh mórán eolais acu orthu roimh ré. Baineann tábhacht mhór leis na dearcthaí atá ag daoine i leith na hoidhreachta seo agus leis na bealaí a théitear i dteagmháil leis an oidhreacht chéanna i dtaca leis an phróiseas caomhnaithe. Is fearr má léirítear dearcadh dearfach i leith na freagrachta comhroinnte, má léirítear bród agus léirthuiscint ar luachanna uilíocha, agus tuiscint ar uathúlacht agus ar sheandacht na nósanna agus na dtraidisiún cultúrtha sa tír. An té a bhíonn oscailte d’eolas níos doimhne ar an oidhreacht chultúrtha, bíonn tuiscint acu ar a tábhacht agus ar a ról sa tsochaí chomhaimseartha, mar aon leis an tairbhe phraiticiúil (oideachas, turasóireacht, geilleagar) a bhaineann léi (Croitoru, C; Marinescu- Becut, A, 2018).

Ar an drochuair, tá baol mór ann go gcaillfear an oidhreacht má dhírítear uirthi le coireanna amhail loitiméireacht, coirloscadh, goid agus trádáil aindleathach in earraí cultúrtha. Tagann trádáil aindleathach in earraí cultúrtha, go háirithe iad siúd a bhfuil luach oidhreachta acu, faoi chatagóir na coireachta eagraithe. De réir sonraí ó Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe, tá coireacht in aghaidh na healaíne sa tríú háit ar liosta de na gníomhaíochtaí trádála mídhleathacha is brabúsaí dá bhfuil ann (Charney et al, 2012). Níl ach gáinneáil ar dhrugaí agus ar airm chun tosaigh orthu ar an liosta. Ina theannta sin, úsáideann grúpaí sceimhlitheoireachta bunchreideamhach an brabús a bhaineann le díolachán seaniarsmaí, iarsmaí a goideadh ó láithreacha oidhreachta, chun a gcuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú (Charney et al, 2012).

2. Mar gheall ar an tábhacht chultúrtha agus na luachanna oidhreachta araon a chaomhnaítear inti

Ní dhéantar oidhreacht d’acmhainn chultúrtha nó de ghnás cultúrtha ach amháin má tá luach ar leith ag baint léi do ghrúpa eitneach, do dhaonra nó do phobal. Tagann na luachanna seo anuas go dtí an lá atá inniu ann agus bíonn meas ag an daonra chomhaimseartha orthu. De réir Chairt Burra: Is ionann tábhacht chultúrtha agus luach aeistéitiúil, stairiúil, eolaíoch, sóisialta nó spioradálta dóibh siúd a mhair san am atá caite, san am i láthair nó do na glúnta atá le teacht. Is de dhlúth agus d’inneach na háite féin an tábhacht chultúrtha, a suíomh, an úsáid a bhaintear aisti, na bríonna, na taifid, na háiteanna agus na rudaí gaolmhara a bhaineann leis an áit. Is coincheap é an luach a tógadh go cultúrtha agus go stairiúil, agus is coincheap luacha í an oidhreacht (Harvey, 2001; Pendlebury, 2013) Déantar oidhreacht de ghné inláimhsithe nó dholáimhsithe a bhaineann le cultúr agus sibhialtacht pobail má bhaineann raon leathan luachanna leis, luachanna a carnadh le himeacht ama, a cuireadh ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann agus atá chomh luachmhar céanna don daonra reatha. I mbeagán focal, léiríonn an téarma ‘luach cultúrtha’ na cúiseanna gur cheart dúinn acmhainn chultúrtha a mheas mar mhír oidhreachta a bhfuil tábhacht ar leith ag baint léi (Pereira Roders, 2011).

Meastar, mar sin, go gcaomhnaíonn sochaithe earraí áirithe toisc go mbíonn luach acu de réir bhaill na sochaithe sin (Caple, 2009) agus caomhnaíonn siad iad mar thoradh díreach ar na luachanna seo (Appelbaum, 2007). Is éard atá i gceist le luachanna i gcleachtas oidhreachta ná na tréithe dearfacha nó cáilíochtúla sin a chuireann duine nó grúpa áirithe i leith míreanna nó suíomhanna cultúrtha (Mason, 2002), lena n-áirítear na cleachtais, finscéalta, agus cuimhní cinn sin a thagann chun tosaigh i ndlúthghaol le luachanna sóisialta agus aeistéitiúla, bíodh sé sin go spontáineach nó go trialach (Jonhnston, 2017). Sainmhíníonn gnéithe dearfacha nó cáilíochtúla na hoidhreachta luachanna cultúrtha idir iarbhír agus féideartha (Mason, 2002), a dtugtar tréithe orthu freisin (UNESCO, 2011).

Cé go n-athraíonn luachanna cultúrtha ó chultúr amháin go cultúr eile, sa lá atá inniu ann tá an oidhreacht, cibé acu inláimhsithe nó doláimhsithe, ina hacmhainn atá i bpáirt ag áitritheoirí uile an phláinéid agus ar an chúis seo is gá í a chaomhnú, a shábháil agus a chosaint, as siocair gur le gach duine í. Ní fheictear a thuilleadh gur gné dhílis de thréith é an luach, ar féidir le saineolaithe é a thuiscint, ach cáilíocht a chomhdhéantar ar bhonn leanúnach idir suibiacht agus oibiacht. Ar an téad sin, breathnaítear ar an oidhreacht mar léiriú ar an idirghníomhaíocht sheasta idir acmhainní agus luachanna, idir an t‑am atá caite agus an t‑am i láthair (Avrami et al., 2000; De la Torre, 2002).

Seo roinnt samplaí de luachanna oidhreachta:

  • Seandacht stairiúil: Léirítear cé chomh sean agus atá traidisiún, tá baint ag sraith imeachtaí stairiúla san am atá thart leis; gineann an luach seo buanseasmhacht, leanúnachas agus nasc leis an am atá caite, tréithe a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo maidir le braistint féiniúlachta a chruthú i gcás pobail nó sa duine aonair (Lowenthal, 1975).
  • Luachanna sóisialta: Léirítear iad seo tríd an cheangal agus tríd an bhraistint a bhíonn ag daoine go mbaineann siad le traidisiún áirithe.
  • Uathúlacht: Léirítear sainiúlacht agus saíocht an traidisiúin atá i gceist, cibé cé acu má tá an traidisiún á chleachtadh go forleathan nó i gcomhthéacs pobail áirithe.
  • Barántúlacht: I dTreoirlínte Oibríochtúla UNESCO, Roinn 82, luaitear go gcomhlíonann maoin chultúrtha na coinníollacha barántúlachta má chuirtear a luachanna cultúrtha in iúl go dílis agus go hinchreidte trí raon tréithe amhail cruth agus dearadh, ábhair agus substaintí, úsáid agus feidhm, traidisiúin, teicnící agus córais bhainistíochta, suíomh agus ionad, teanga agus cineálacha eile oidhreachta doláimhsithe, spiorad agus mothú agus tosca inmheánacha agus seachtracha eile (UNESCO, 2011).
  • Féiniúlacht chultúrtha: Sainghné idirdhealaitheach atá ann i dtaca le pobal / grúpa eitneach, a stair, a thraidisiún agus a nósanna, laistigh de réigiún ar leith (Cultural identity what it is, its elements and how it is constructed | Thpanorama - Now become better). Tagraítear fosta don fhéiniúlacht a bhaineann le bunús, teanga, creideamh, riachtanais agus nósanna pobail (Popescu, A, Biharia, 1978).
  • Luach aeistéitiúil: Faoi mar a bhaineann le háilleacht. Mar shampla, tá luach aeistéitiúil ag feisteas náisiúnta de thairbhe na ndathanna agus na móitífeanna traidisiúnta atá fuaite ann.

Dá réir sin, baineann luach láidir stairiúil, cultúrtha agus féiniúlachta lenár n‑oidhreacht (idir ábhartha agus neamhábhartha), caomhnaíonn sí gnéithe den chultúr agus den tsibhialtacht a bhaineann go sonrach le sochaí áirithe, léiríonn sí conas a bhain daoine slí bheatha amach, conas a bhain siad leis an timpeallacht ina raibh cónaí orthu, cad iad na caidrimh a bhí acu, cad iad na creidimh spioradálta a bhí acu, etc. Tá luach cuimhneacháin ag an oidhreacht a d’fhág ár sinsir fosta ó tharla go gcuireann sí cuimhne na ndaoine in iúl agus go mbuanaíonn sí dearcthaí áirithe maidir le stair an ama a chuaigh thart (Varin, leathanach 22).

Ainneoin go mbaineann tábhacht chultúrtha, barántúlacht agus sárluachanna uilíocha leis na míreanna oidhreachta doláimhsithe atá inscríofa ar liosta UNESCO, tá siad sin faoi réir bagairtí a d’fhéadfadh a gcáilíocht den scoth mar ghnéithe den oidhreacht a chur i mbaol. Mar chuid den togra Dive into intangible cultural heritage! Dive into intangible cultural heritage - intangible heritage - Culture Sector - UNESCO, aithníodh 46 bagairt agus riosca atá roimh 500 de na míreanna oidhreachta doláimhsithe atá faoi chosaint. Tharraing an staidéar aird ar mheascán bagairtí agus rioscaí. Cuirtear na torthaí i láthair in Iarscríbhinn 1 den tuairisc.

3. Mar gheall ar na buntáistí a bhaineann leis an oidhreacht chun sochaí níos inbhuanaithe a chur chun cinn

Baineann mórán buntáistí sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus comhshaoil le pobail a chaomhnaíonn an oidhreacht.

Leagann UNESCO béim ar na naisc atá idir na cúig réimse den oidhreacht dholáimhsithe (Ceardaíocht Thraidisiúnta; Faisnéis agus Cleachtais maidir leis an Dúlra & an Chruinne; Traidisiúin agus Ealaíona Béil; Na Taibhealaíona, agus; Cleachtais Shóisialta, Deasghnátha agus Féiltí) (UNESCO, 2003) agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar ghlac comhaltaí uile na Náisiún Aontaithe leo sa bhliain 2015 (Clár Oibre 2030). (Fíor 1).

Aithníodh na naisc seo i gcreat an tionscadail Dive into intangible cultural heritage! Dive into intangible cultural heritage - Intangible Heritage - Culture Sector - UNESCO.

Mar shampla, is ag an Lámhcheardaíocht atá an líon nasc is mó le SFI 8 (Obair Fhiúntach agus Fás Eacnamaíoch), SFI 16 (Síochán, Ceartas agus Institiúidí Láidre), SFI 11 (Cathracha agus Pobail Iinbhuanaithe), SFI 12 (Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach), SFI 17 (Comhpháirtíocht i leith na Spriocanna), SFI 4 (Oideachas ar Ardchaighdeán), SFI 5 (Comhionannas Inscne), agus SFI 15 (Beatha agus Talamh). (Fíor 2).

Cruthaíonn staidéar UNESCO freisin go bhfuil ról ar leith ag an damhsa, an amhránaíocht, teangacha, deasghnátha, cumas ceardaíochta agus ag an amharclannaíocht i dtaca le ionchuimsiú sóisialta; cabhraíonn filíocht, damhsa, agus cruinnithe traidisiúnta leis an chaoinfhulaingt a mhéadú; agus cuireann an damhsa nua-aimseartha, an cheardaíocht agus na healaíona comhraic traidisiúnta le comhionannas inscne/cearta na mban, etc.

Ar an drochuair, san Eoraip, tá an antoisceacht, gníomhartha sceimhlitheoireachta agus radacú grúpaí sóisialta áirithe i ndiaidh teacht chun cinn, ag méadú ar an éadulaingt, ar an idirdhealú agus ar an eisiamh sóisialta (léigh faoi líonra feasachta radacaithe na hEorpa anseo).

Sa chomhthéacs sin, is féidir linn an oidhreacht dholáimhsithe a úsáid chun feasacht a mhúscailt i measc an phobail, chun dearcthaí dearfacha a chothú i leith chultúr agus shibhialtacht an phobail, chun meas a chothú ar chultúr grúpaí sóisialta eile, agus chun comhluachanna amhail ionchuimsiú sóisialta, caoinfhulaingt, etc. a chur chun cinn.

4. An ról tábhachtach atá aici i dtaca le héagsúlacht chultúrtha an domhain a chaomhú sa lá atá inniu ann

Ós rud é go bhfuil éagsúlacht chultúrtha an domhain faoi bhagairt níos mó ná riamh ag neart an domhandaithe agus an náisiúnachais, a bhfuil a dtionchar ar chultúir mhionlaigh ag éirí níos ionsaithí de réir a chéile, chinn UNESCO, i gcomhar lena chomhpháirtithe ICOMOS agus ICROM, cáipéis nua a dhréachtú agus é mar aidhm léi éagsúlacht chultúrtha agus oidhreachta a chaomhnú agus béim a leagan ar an bharántúlacht. Cáipéis Nara i leith na Barántúlachta (1994) a thugtar ar an cháipéis seo. Leagtar béim sa cháipéis ar an tábhacht a bhaineann le héagsúlacht chultúrtha agus oidhreachta an domhain chomhaimseartha a chaomhnú i dtaca le saibhriú intleachtúil agus spioradálta an chine dhaonna agus i dtaca le comhchuimhne an chine dhaonna a fhorbairt (Cáipéis Nara, 1994).

Tuigeann UNESCO a thábhachtaí atá éagsúlacht na léirithe cultúrtha (lena n-áirítear traidisiúin) toisc gur túsphointe í d’fhorbairt inbhuanaithe pobal, toisc thábhachtach a chuireann ar chumas daoine aonair agus pobal a gcuid smaointe agus luachanna a chur in iúl agus a roinnt (UNESCO, 2005). Aithníonn an dearcadh seo a thábhachtaí atá an tsaíocht traidisiúnta mar fhoinse rachmais idir doláimhsithe agus ábhartha agus an chomaoin dhearfach a chuireann sí ar an fhorbairt inbhuanaithe, chomh maith leis an ghá atá ann í a chosaint agus a chur chun cinn go leordhóthanach (UNESCO, 2005). Trí éagsúlacht léirithe cultúrtha a chosaint, dearbhaítear urraim do na prionsabail seo a leanas:

  • Prionsabal na hurraime do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha;
  • Prionsabal na ceannasachta;
  • Prionsabal na dínite comhionainne agus an mheasa ar gach cultúr;
  • Prionsabal na dlúthpháirtíochta agus an chomhair idirnáisiúnta;
  • Prionsabal na comhlántachta idir gnéithe eacnamaíocha agus cultúrtha na forbartha;
  • Prionsabal na forbartha inbhuanaithe;
  • Prionsabal na rochtana cothroime;
  • Prionsabal na hoscailteachta agus na cothromaíochta.

Leabhareolas

Avrami, E., Mason, R., De la Torre, M eds. (2000). Values and Heritage Conservation. Los Angeles: Getty Conservation Institute.

Caple, C., (2009). The Aims of Conservation. In: Conservation:  Principles, Dilemmas and Uncomfortable Truths, in eagar ag: Richmond A and A. Bracker, Butterworth-Heinemann, London, 25.

Croitoru, C; Marinescu-Becut, A, 2018, Young_people_and_cultural_heritage_RO.pdf, Editura Universul Academic, Bucuresti.

Charney, N, Denton, P & Kleberg, J. Protecting Cultural Heritage from Art Theft. International Challenge, Local Opportunity, faighte ag http://www.fbi.gov/stats-services/publications/law-enforcement-bulletin/march-2012/protecting-cultural-heritage-from-art-theft.

De la Torre, M., (2002). Assessing the Values of Cultural Heritage. Los Angeles: Getty Conservation Institute.

Johnston, C., (2017). Recognising Conection: Social Significance and Heritage Practice, in Corima—Revista de Investigacion en Gestion Cultural, Iml. II, Meitheamh, Universidad da Guadalajara, Mexico, 2–34.

Harvey, D.C., (2001). Heritage Pasts and Heritage Presents: Temporality, Meaning and the Scope of Heritage Studies, International Journal of Heritage Studies 7:4, 319–38.

Lowenthal, D., (1975). Past time, present place: landscape and memory. Geogr.Rev., 65, 1–36.

Mason, R., (2002). Assessing Values in Conservation Planning: Methodological Issues and Choices, In de la Torre, Marta, (eag.) 2002. Assessing the Values of Cultural Heritage: Research Report, CA: Getty Conservation Institute, Los Angeles, 5–30.

Pendlebury, J., (2013). Conservation values, the authorized heritage discourse and the conservation-planning assemblage, International Journal of Heritage Studies, Iml. 19.

Pereira Roders A., (2013). Monitoring Cultural Significance and Impact Assessments, in ‘IAIA13 Conference Proceedings’ Impact Assessment the next generation, Calgary Stampede BMO Centre, Ceanada.

Pereira Roders, A., Velpaus, L., & Colenbrander, B.J.F. (2013), Urban Heritage: Putting the Past into the Future. The Historic Environment: Policy and Practice, Iml. 4, Uimh. 1, 18–33.

UNESCO (2011), The Operational Guidelines for the implementation of the World Heritage Convention, Páras: United Nations Educational, Scientific and Cultural Organization, UNESCO.