Ceacht: Traidisiún ársa a aimsiú

Arna réiteach ag
Asociatia Perseidele
Údar
Marioara Pascu

Is féidir an ceacht seo a úsáid san oideachas aosach agus ar scoil. Cothaíonn sé cumas na rannpháirtithe anailís a dhéanamh ar dhéantáin oidhreachta agus sainghnéithe cultúrtha a aithint. Is féidir an modh oibre a chur in oiriúint do dhéantáin oidhreachta eile de réir an chomhthéacs.

Cuspóirí

  • Soiléiriú a dhéanamh ar an phrionsabal ealaíonta atá mar bhonn leis an mheas atá ar dhéantáin troscáin mar mhíreanna oidhreachta.
  • Ceangal a dhéanamh idir na riachtanais theicniúla, phraiticiúla agus aeistéitiúla a bhaineann le píosa troscáin.
  • Dearcadh criticiúil stuama a fhorbairt i dtaca leis an timpeallacht ina gcruthaítear an troscán.

Inniúlachtaí atá á bhforbairt

  • Spéis a léiriú in oidhreacht na Sacsanach, agus an luach a bhaineann leis an oidhreacht sin a aithint.
  • Comparáid agus iniúchadh a dhéanamh ar dhéantáin a bhaineann le oidhreacht na Sacsanach trí úsáid a bhaint as grianghraif/acmhainní digiteacha.

Gníomhaíocht

Tabharfar roinnt cártaí/grianghraf de dhéantáin oidhreachta de chuid na Sacsanach do na foghlaimeoirí. Roghnóidh siad ceann ansin agus déanfaidh siad cur síos air os comhair na rannpháirtithe eile, ag glacadh leis an ról atá ag ealaíontóir a chuireann a shaothar i láthair cliaint. Cuirfidh siad faisnéis ar fáil maidir leis an phróiseas, na hábhair a úsáidtear, an clár oibre agus na huirlisí a theastaíonn. Tar éis na cártaí a chur i láthair, roghnóidh na foghlaimeoirí sampla le tarraingt. Críochnófar le plé grúpa maidir leis an mhéid seo a leanas: sainghnéithe de na píosaí troscáin, na sonraí a tharraing a aird na rannpháirtithe, na gnéithe is mó a bhfuil meas acu orthu, agus an tábhacht a bhaineann leis na míreanna oidhreachta seo a chaomhnú.